bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
/
Exodus 38
Exodus 38
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
← Chapter 37
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 29
Chapter 30
Chapter 31
Chapter 32
Chapter 33
Chapter 34
Chapter 35
Chapter 36
Chapter 37
Chapter 38
Chapter 39
Chapter 40
Chapter 39 →
1
Agus do rinne sé altóir na nofráladh loisge do chrann Sitim: cúig cubhad a faide, agus cúig cubhaid a leithead; do bhi sí ceathaírbeanach: agus trí cubhad a hairde.
2
Agus do rinne sé a beanna ar a ceithre coirnéuluibh; do bhádar a beanna don cceadna: agus do fholuigh sé lé prás í.
3
Agus do rinne soithighe na haltóra uile, na potuighe, agus na sluáiste, agus na báisínigh, agus na hadhail; agus na hoighne teineadh: a soithighe uile do rinne sé do phrás íad.
4
Agus do rinne sé do naltóir gráta práis dobair lín fáoi na compás shíos nuige a lár.
5
Agus do theilg ceithre fháinne dá cheithre chorruibh an ghráta phráis, dá mbeith ná náitibh do na maididhibh.
6
Agus do rinné na maididhe do chrann Sitim, agus do fholuidh le prás íad.
7
Agus do chuir sé na maididhe ann sna fainnidhibh ar tháobhuibh na haltóra, dá hiomchar; do rinne sé a naltóir toll lé cláruibh.
8
Agus do rinne an lábhéir do phrás, agus a chos do phrás, do scathánuibh na mban noireachduis, noch do chruinnioghadh ag dorus thabernacuil an chomhchruinnigh.
9
Agus do rinne sé an chúírt: ar an ttáoibh ó dheas leath ó dheas bruit na cuirte do líon fhínealta chasda, do chéad cubhad:
10
Bá fithche a bpiléir, agus bá fithche a soicéid práis; crúcuidhe ná bpiléur agus a bhfiléid dairgead.
11
Agus chum an táoibh thuáigh bruit do chéad cubhad, bá fitche a bpiléir, agus fitche a soicéid phráis, crúcuidhe na bpiléur agus a bhfiléid dairgead.
12
Agus chum an táoibh shíar: bruit do cháogad cubhad, a bpiléir a deich, agus a soicéid a deich; crúcuidhe na bpiléur agus a bhfiléid dairgead.
13
Agus don táoibh shoir, leath shoir, cáogad cubhad.
14
Bruit éantáoibhe an gheata bá cúig cubhaid déug; a bpiléir a trí, agus a soicéid a trí.
15
Agus don taobh eile do gheata na cuírte, ar an laimhse agus ar an láimh úd do bhádar bruit do chúig cubhaid deug; a bpiléir a trí, agus a soicéid a trí.
16
Bruit na cúirte uile timchioll fa gcúairt, do budh linéadach fhinealta casda íad.
17
Agus na soiceíd do na piléuruibh do phráis; crúcuidhe na bpiléur agus a bhfiléid dairgead; agus folach a gcaipitreach dairgead; agus piléir na cúirte uile ar na bhfilléideadh lé hairgead.
18
Agus an crochadh chum geata na cúirte dobair shnáithide, do ghorm, agus do phurpuir, agus do scárláoid, agus do líneadach fhínealta chasda: agus ba fithche cubhad a fhad, agus cúig cubhaid áirde a leithne, coimhfreagarthach do bhratuibh na cúirte.
19
Agus ba ceathair á bpiléir, agus a soiceid phráis a ceathair; a ccrúcuidhe dairgead, agus folach a gcaipitreach agus a bhfiléid dairgead.
20
Ach tairngidhe an tabernacuil uile, agus na cuirte fa gcúairt, do budh práis íad.
21
Is é so suim an tabernacuil, thabernacuil na fiadhnuise, mar do háireamhadh é, do réir aíthne Maóise, chum sherbhíse na Lebhíteach, le láimh Ithamar mhac Aáron an sagart.
22
Agus besaleel mac Uri, mhíc Hur, do threibh Iudah, do rinne a nuile ní do aithin an TIGHEARNA do Mhaóise.
23
Agus do bhí maille ris Aholíab mac Ahisamach do threibh Dan: grabhaluigh, agus oibrigh céardamhuil, agus bróidinéir a ngorm, agus a bpurpuir, agus a scárláoid, agus a líneadach fhínealta.
24
An mhéid óir do caitheadh uile leis a nobair le uile obair na háite naomhtha, eadhon ór na hofrála, ba fithche agus naói ttalanna, agus seacht ccéad agus tríochad secel, do reir shecel na sanctóra.
25
Agus méid airgead na ndaoine do háirmheadh don chomhchruinniughadh bu céad tallann, míle agus seacht ccéad agus trí fithchid agus cúig secel déug, do reír shecel na sanctóra.
26
Beca ar son gach éanduine, is é sin leath secel, do réir shecel na sanctóra, ar son gach aónduine da ndeachuidh dhá áireamh, ó fhithchid bliadhan daóis agus ós a chionn, a sé céad míle agus tri mhile agus cúig chéud agus caogad fear.
27
Agus don chéud tallann airgid do teilgeadh soicéid na sanctora agus soiceíd an fholuigh; céad soicéad don chéud tallann, talann ar son an tsoicéid.
28
Agus don mhíle seachd ccead seachdmhoghad agus a ccúig secel do rinne se crúcuidhe dona piléuruíbh, agus do fholuigh a ccaipitre, agus do fhiléididh íad.
29
Agus do bhí prás na hofrala na sheachdmhoghad tallann, agus na dhá mhíle agus an ceithre chéud secel.
30
Agus is leis sin do rinneadh soicéid do dhorus thabernacuil an chomhchruinnigh, agus a naltóir phráis, agus an gráta práis di, agus a nuile shoitheach no haltóra,
31
Agus soicéid na cúirte timchioll fa gcúairt, agus soicéid gheata na cúirte, agus tairngidhe an tabernacuil uile, agus tairngidhe na cúirte uile timchioll fá gcuairt.
← Chapter 37
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 29
Chapter 30
Chapter 31
Chapter 32
Chapter 33
Chapter 34
Chapter 35
Chapter 36
Chapter 37
Chapter 38
Chapter 39
Chapter 40
Chapter 39 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8
9
10
11
12
13
14
15
16
17
18
19
20
21
22
23
24
25
26
27
28
29
30
31
32
33
34
35
36
37
38
39
40
Recommended Reading
Commentary
Exodus Commentaries
→
Devotional
Exodus Devotional Guide
→
Get This Bible
Bedell Study Bible
→