bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
/
Exodus 36
Exodus 36
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
← Chapter 35
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 29
Chapter 30
Chapter 31
Chapter 32
Chapter 33
Chapter 34
Chapter 35
Chapter 36
Chapter 37
Chapter 38
Chapter 39
Chapter 40
Chapter 37 →
1
An sin do oibrigh Besaleel agus Aholiab, agus gach éanduine glicchroidheach, ann ar chuir and TIGHEARNA críonnachd agus tuigse dfagháil eóluis cionnus do oibreochadh gach uile shórt oibre do sherbhís na sanctóra, do réir a nuile ní dar aithin an TIGHEARNA.
2
Agus do ghoír Maóisi Besaleel agus Aholiab, agus gach áonduine glic a ccroidhe, ai chuir an TIGHEARNA eólus iona chroidhe, eadhon gach éanduine ar chorruigh a chroidhe é do theachd chum na hoibre dá déanamh:
3
Agus do ghlacadar ó Mhaóise a nuile ofrail, noch thugadar clann Israel leó chum oibre sherbhíse na sanctóra, do dhéanamh leis sin. Agus tugadar chuige fós ofrála dhá ttoil gach maidin.
4
Agus tangadar na daóine glioca uile, do oibrigh obair na sanctóra uile, gach aonduine óna obair nóch do rinneadar;
5
Agus do labhradar ré Maóise, ghá rádh, Atáid an pobalsa ag tabhairt leó ní is ro mhó ná riadhthear a leas chum serbhíse na hoibre do aithin Día do dhéanamh.
6
Agus tug Maóise aithne, agus tugadar fá deara fógra ar feadh an champa, dhá radh, Ná déanadh fear nó bean ní is mó dobair ar ofráil na sanctora. Marso do thoirmiosgadh an póbal ó ní do thabhairt.
7
Oír budh lór an túrsgan do bhí aca do dhéanamh na hoibre uile, agus ní budh mó.
8
Agus gach éanduine glicchroidheach na measc dar oibhrigh obair an tabernacuil do rinne sé deich gcúirtíne do líon fhínealta chasta, agus gorm, agus purpuir, agus scárláoid: ré cherubinibh, dobhair chéardamhuil do rinne sé íad.
9
Budh é fad gach éanchúirtin fithche agus ochd gcubhaid, agus do budh é leithead gach éanchúirtín ceithre cubhaid: do bhádar na cúirtíne uile deinmheíd.
10
Agus do coimhcheangail sé na cúig cúrtíne aon dar oile: agus na coig cúirtinigh eile do choimhcheangail se aon dar oile.
11
Agus do rinne lúba do ghorm ar imeal aon chúirtín ón cciumhuis ansa ccoimhcheangal: mar an gcéadna do rinne annsa táobh amuich do chúirtin eile, a ccoimhcheángal an dara.
12
Caogad lúb do rinne sé a néanchúirtín, agus cáogad lúb do rinne sé a nimiol an chúirtín do bhí a ccoimhcheangal an dara: do chongmhadar na lúba gach éanchúirtín re chéile.
13
Agus do rinne cáogad taítse oír, agus do choimhcheangail na cúirtíne gach aoan dar óile les na taítsibh: ionnus go bíadh sé na éantabernacuil.
14
Agus do rinne cúirtine dfionnadh gabhar don lóistín ós cionn an tabernacuil: éan cúirtín déag do rinne dhíobh.
15
Do budh é fad éanchúirtín díobh tríochad cubhad, agus ceithre cubhaid do budh é leithead déanchúirtín: do bhádar an táonchúirtín déag déinmheid.
16
Agus do choimhcheanguil cúig cúirtíne leó fein, agus sé cúirtíne leó féin.
17
Agus do rinne cáogad lúb ar a nimeal a muigh don chúirtín annsa choimhcheangal, caógad lúb do rinne sé ar imeal an chúirtín noch choimhcheanglas an dara.
18
Agus do rinne sé cáogad táitse do phráis do choimhcheangal an lóistin dá chéile, chor go mbía na éan.
19
Agus do rinne folach don lóistín do chroicnibh reitheadh daite dearg, agus folach do chroicnibh broc ós a chionn.
20
Agus do rinne búird don tabernacuil do chrann Sitim, na seasamh súas.
21
Do budh é fad buird dhíobh deich ccubaid, agus budh é leithead buird éancubhad go leith.
22
Do bhádar dhá mhoirtís a néanbhord, ionann fad da gach aon díobh ó chéile: marso do rinne sé duile bhórduibh an tabernacuil.
23
Agus do rinne buird don tabernacuil; fithche bórd don taóibh ó dheas:
24
Agus do rinne ceathrachad soicead dairgead fáoi an bhfichid bórd; dhá shoicead fáoi éanbhórd da dhá mhoirtís, agus dhá shoicéad fáoi bhórd eíle da dhá mhoirtis.
25
Agus don taobh eile don tabernacuil, noch atá leith ris an gcoirnéal thuaidh, do rinne sé fithche bóird,
26
Agus a gceathrachad soicéad airgid; dhá shoicéad fá éanbhórd, agus dhá shoicéad fa bhórd eile.
27
Agus do tháobhuibh an tabernacuíl leith shiar do rinne se sé buird.
28
Agus do rinne sé dha bhórd do choirnealuibh an tabernacuil iona dhá thaobh.
29
Agus do bhádar coimhcheangailte shiós, agus coimhcheangailte dá chéile agá cheann, déanfháinne: mar so do rinne sé riu aráon ann sa dá choirnéul.
30
Agus do bhádar ochd mbuird; agus a soicéid sé soiceid déag airgid, dha shoicead faói gach eanbhórd.
31
Agus do rinne barruidhe do chrann Sitim; cúig bharra do bhórduibh éantáoibhe an tabernacuil.
32
Agus cúig bharra do bhórduibh an taoibh eile don tabernacuil, agus cúig bharra do bhórduibh an tabernacuil don táobh shíar.
33
Agus tug sé ar an mbarra meadhonach dul thríd na bórduibh ó cheann go ceann.
34
Agus do fholuigh se na buird le hór, agus do rinne sé a bhfáinnidhe dór chum a mbeith na náitibh do no barruidhibh, agus do fholuigh na barruidhe le hór.
35
Agus do rinne sé fólach do ghorm, agus do phurpuir, agus do scárlaóid, agus do línéadach fhínealta chasda: maille ré cherubínibh do rinne sé é le hobair chéardamhuil.
36
Agus do rinne dhó sin ceithre piléir do chrann Sitim, agus do fholuigh sé le hór íad: do bhádar a ccrúcuidhe dór: agus do theilg sé dhoibh ceithre soicéid airgid.
37
Agus do rinne sé brat do dhorus an tabernacuil do ghorm, agus do phurpuir, agus do scárláoid, agus do línéadach fhínealta chasda dobair shnáithide;
38
Agus a chúig piléir gun a ccrúcuidhibh: agus do fholuigh sé a gcaipitre agus a bhfiléid lé hór: ach do bhí a ccúig sóicéid do phrás.
← Chapter 35
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 29
Chapter 30
Chapter 31
Chapter 32
Chapter 33
Chapter 34
Chapter 35
Chapter 36
Chapter 37
Chapter 38
Chapter 39
Chapter 40
Chapter 37 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8
9
10
11
12
13
14
15
16
17
18
19
20
21
22
23
24
25
26
27
28
29
30
31
32
33
34
35
36
37
38
39
40
Recommended Reading
Commentary
Exodus Commentaries
→
Devotional
Exodus Devotional Guide
→
Get This Bible
Bedell Study Bible
→