bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
/
Exodus 8
Exodus 8
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
← Chapter 7
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 29
Chapter 30
Chapter 31
Chapter 32
Chapter 33
Chapter 34
Chapter 35
Chapter 36
Chapter 37
Chapter 38
Chapter 39
Chapter 40
Chapter 9 →
1
Agus do labhair an TIGHEARNA ré Maóise, Eirigh a ccionn Phárao, agus abair ris, Mar so a deir an TIGHEARNA, Léig dom phobal imtheachd, ionnus go ndéanuid serbhís damh.
2
Agus ma dhíultann tú léigean dóibh imtheachd, féuch, buáilfe misi do theóranna uile le lúisgionn.
3
Agus geinfidh a nabhann cnadáin go líonmhur, noch rachus súas, agus thiucfas a steach dot thighse, agus dot sheómra leaptha, agus ar do leabuidh, agus go tigh do sherbhíseach, agus ar do mhuinntir, agus ann do úamhain, agus ann do loistibh fuinidh.
4
Agus tiucfaid na luisgionn súas aráon ort féin, agus ar do mhuinntir, agus ar do sherbhíseachuibh uile.
5
Agus do labhair an TIGHEARNA ré Maóisi, Abair ré Háaron, Sín amach do lámh lé do shlait ós cionn na srothann, ós cionn na nabhann, agus ós cionn na lochán, agus tabhair fa deara Luisgionn do theachd súas ar thalamh na Hégipte.
6
Agus do shín Aáron a lámh ós cionn uisge na Hégipte; agus tangadar na cnadáin anshíos, agus do fholuigheadar talamh na Hégipte.
7
Agus do rinneadar na dráoithe sin le na ndroigheachd, agus tugadar cnadáin súas ar talamh na Hégipte.
8
Ann sin do ghoir Phárao ar Mhaóise, agus ar Aáron, agus a dubhairt, Guidhidh an TIGHEARNA go mbeireadh sé na luisgionn uáimse agus óm mhuinntir, agus léigfe mé don phobal imtheachd, go madh héidir leó iodhbuírt do dhéanamh don TIGHEARNA.
9
Agus a dubhairt Maóise ré Phárao, Deún onoír theoram: gá huair ghuidhfheas mé ar do shon, agus ar son do sherbhíseach, agus ar son do phobuil do scrios na luisgionn uáit, agus od thighthibh, ionnus go bhfanuid síad sa nabhuinn amháin?
10
Agus a dubhairt seision, A márach. Agus a dubhairt seision, Bíodh do réir thfocailsi: ionnus go mbía a fhios agad nach bhfuil éinneach cosmhuil ris an TTIGHEARNA ar Ndíane.
11
Agus imeóchuid na luisgionn uáit féin agus ód thighthibh, agus ód sherbhíseachuibh, agus ód phobal; agus fanfuid siad sa nabhuinn amháin.
12
Agus do chuáidh Maóise agus Aáron, amach ó Phárao: agus do éigh Maóise ar an TTIGHEARNA, fá na Cnadainibh tug sé a naghuidh Phárao.
13
Agus do rinne an TIGHEARNA do réir bhreithre Mhaóise: agus fúaradar na cnadáin bás as na tighthibh, agus as na bailtibh, agus as na machairibh.
14
Agus do cruinnigheadh a cceann a chéile íad ná gcrúachuibh: agus do bhréan an talamh.
15
Achd a nuáir do chonnairc Phárao go raibh cáirde, do chruáidh sé a chroidhe, agus níor éisd ríusan; mar a dubhairt an TIGHEARNA.
16
Agus a dubhairt an TIGHEARNA ré Maóisi, Abair ré Háaron, Sín amach do shlat, agus buáil luaithreamh a nfearuinn go ndearntar míola dhi ar feadh críche na Hégipte uile.
17
Agus do rinneadar mar sin; óir do shín Aáron a lámh amach le na shlait, agus do bhuáil luáithreadh na talmhan, agus do rinneadh míola dhi, a nduine agus a mbeathach: do rinneadh míola do luaithreadh na talmhan uile ar feadh chríche na Hégipte.
18
Agus do thairgeadur ná dráoithe mar an ccéadna le na ndroigheachd míola do chruthughadh, ach níor fhéadadar: mar sin do bhádar míola ar dhuine agus ar bheathach.
19
An sin a dubhradar na dráoithe ré Phárao, Sé so méur Dé: agus do crúáidheadh croidhe Phárao, agus nior éisd ríu, mar a dubhairt an TIGHEARNA.
20
Agus a dubhairt an TIGHEARNA ré Maóise, Eirigh súas go moch ar maidin, agus seas as coinne Phárao; féuch, tiucfa sé amach chum a nuisge; agus abair ris: Mar so a deir an TIGHEARNA, Léig dom phobal imtheachd, go ndéanuid serbhís damhsa.
21
Nó muna léigidh tú dom phobal imtheachd, féuch, cuirfe mé saithe mhíoltóg ort féín, agus ar do sherbhíseachuibh, agus ar do mhuinntir, agus a steach ann do thighthibh: agus béid tighthe na Négipteach lán do shaithibh mioltóg, agus mar an gceadna an talamh ar a bhfuilid.
22
Agus dealócha mé an lá sin fearann Gosen, a gcomhnuighid mo phobal, nach bía áon tsaithe mhíoltóg ann sin; ar chor go mbía a fhios agadsa gur misi an TIGHEARNA a mheadhón an domhuin.
23
Agus cuirfe mé roinn idir mo dháoinibh féin agus do dháoine si: a márach bhias an comharthaso.
24
Agus do rinne an TIGHEARNA mar sin; agus táinic saithe dhoilghe mhíoltóg a sleach go tigh Phárao, agus go tighthibh a sherbhíseach; agus ar feadh chríche na Hégipte uile: do truáilleadh an talamh treas an tsaithe mhíoltóg.
25
Agus do ghoir Phárao ar Mhaóise agus ar Aáron, agus a dubhairt, Eirgidh, déanuidh iodhbuirt do bhur Ndía ann sa talamh.
26
Agus a dubhairt Maóisi, Ní hiomchubhuidh an ní sin ré a dhéanamh: óir isé an ní is athúamhar do na Hégiptibh dhéunas sinne iodhbuirt don TIGHEARNA ar Ndía: féuch, dá ndéanadh sinne an ní is athuamhar do na Hégiptibh iodhbuirt as coinne a súl, nach géubhaidis do chlochuibh oruinn?
27
Racham aistior thrí lá do shiubhal san bhfásach, agus do dhéanam iodhbuirt don TIGHEARNA ar Ndía, fa mar aitheónus sé dhínn.
28
Agus a dubhairt Phárao, Léigfe mé dhaóibh imtheachd, go ndearnthaoi iodhbuirt don TIGHEARNA bhur Ndía san bhfásach; amháin ní rachtáoi a bhfad; guidhidh ar mo shon.
29
Agus a dubhairt Maóise, Féuch, racha mé amach uaid, agus guidhfe mé an TIGHEARNA go nimthighid na saitheadha, mioltóg ó Phárao, ó na sherbhiseachuibh, agus ó na phobal a márach: ach na himreadh Phárao cealg ní is mó, gan leigean don phobal imtheachd do dheanamh iodhbartha don TIGHEARNA.
30
Agus do chuáidh Maoisi amach ó Phárao, agus do ghuidh sé an Tighearna.
31
Agus do rinne an TIGHEARNA do réir fhocail Mhaóise; agus do atharruigh na saitheadha míoltóg ó Phárao, ó na shearbhfoghantuibh, agus ó na mhuinntir: níor fhan áon dhíobh.
32
Agus do chrúadhuigh Phárao a chroidhe a núairse mar an gcéadna, agus ní léigfeadh don phobal imtheachd.
← Chapter 7
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 29
Chapter 30
Chapter 31
Chapter 32
Chapter 33
Chapter 34
Chapter 35
Chapter 36
Chapter 37
Chapter 38
Chapter 39
Chapter 40
Chapter 9 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8
9
10
11
12
13
14
15
16
17
18
19
20
21
22
23
24
25
26
27
28
29
30
31
32
33
34
35
36
37
38
39
40