bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
/
Exodus 7
Exodus 7
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
← Chapter 6
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 29
Chapter 30
Chapter 31
Chapter 32
Chapter 33
Chapter 34
Chapter 35
Chapter 36
Chapter 37
Chapter 38
Chapter 39
Chapter 40
Chapter 8 →
1
Agus a dubhairt an TIGHEARNA ré Maóisi, Féuch, do rinne mé Día dhíot do Phárao: agus biáidh do dhearbhrathair Aáron na fháidh agad.
2
Laibheóra tú gach uile ní aitheónuis misi dhíot; agus labheóruidh Aáron do dhearbhrathair ré Phárao, clann Israel do chur as a dhuthaigh.
3
Agus cruáidheóchuidh misi croidhe Phárao, agus diomadeochúigh mé mo chomharthuighe, agus mo mhíorbhuileadh a gcrích na Hégipte.
4
Ach ní éisdfidh Phárao ribhsi, ar chor go leagfa misi mo lámh ar a Négipt, agus go ttiubhra mé mó shlúagh, agus mo phobal clann Israel, amach as crích na Hégipte, le breitheamhnusuibh móra.
5
Agus aitheónuid na Hégiptigh gur mé an TIGHEARNA, a nuáir shínfeas mé amach mo lámh ar a Négipt, agus bhéurus mé clann Israel ó bheigh na measg.
6
Agus do rinne Maóisi, agus Aáron mar do aithin an TIGHEARNA dhíobh, is mar sin do rinneadar.
7
Agus do bhí Maóise ceithre fichid blíadhan dáois, agus Aáron trí blíadhna agus ceithre fichid, a nuáir do labhradur ré Phárao.
8
Agus do labhair an TIGHEARNA ré Maóisi, agus ré Háaron, ag radh,
9
A nuáir laibheórus Phárao ribh, ag rádh, Taisbeanuidh míorbhuile ar bhur son fein: ann sin déara tusa ré Háaron, Glac do shlat agus teilg a bhfiaghnuisi Phárao í, agus do dhéantar nathair nimhe dhi.
10
Agus do chuáidh Maóisi agus Aaron a steach go Phárao, agus do rinneadar mar do aithin an TIGHEARNA dhíobh: agus do theilg Aáron a shlat sios a lathair Phárao, agus a lathair a mhuinntire, agus do rinneadh nathair nimhe dhi.
11
Ann sin do ghoir Phárao mar an gcéadna na dáoine glíoca, agus na bpiséogáibh: a nois dráoithe na Hégipte, do rinneadursan fós ar an modh céadna le na ndroigheachduibh.
12
Oír do theilgeadar síos gach áonduine aca a shlat, agus do rinneadh naithreacha nimhe dhíobh: ach do shluig slat Aaron súas a slatasan.
13
Agus do chruáidhigh sé croidhe Phárao, go nár éisd sé ríu; fá mar a dubhairt an TIGHEARNA.
14
Agus a dubhairt an TIGHEARNA ré Maóise, Do cruáidheadh croidhe Phárao, do dhíult sé léigion don phobal imtheachd.
15
Eirigh a ccionn Phárao ar maidin; féuch, rachuidh sé amach chum a nuisge; agus seasfa tusa ar bhrúach na habhanna ag fuireach ré na theachd; agus an tslat dá ndéarnadh a naithir nimhe, glacfá tú ad laimh í.
16
Agus déara tú ris, Do chuir an TIGHEARNA Día na Neabhruidheach misi chugad, dá rádh, Léig dom phobal imtheachd, do dhéanamh serbhíse dhamhsa san bhfásach: agus, féuch, go nuige so níor áil leachd méisdeachd.
17
Mar so a deir an TIGHEARNA, Ann so aitheónus tú gur misi an TIGHEARNA: féuch, buáilfe mé leis an tslait atá am láimh, ar na huisgidhibh atá sa nabhuinn, agus iompóchthar íad a bhfuil.
18
Agus do gheabhuidh an tíasg atá sa nabhuinn bás, agus bréanfuidh a nabhann; agus budh glonmharach leis na Hégiptibh uisge na habhanna dól.
19
Agus do ráidh an TIGHEARNA re Maóisi, Abair ré Háaron, glac do shlat, agus sín amach do lámh ar uisgidhibh na Hégipte, ar a srothuibh, ar a naibhnibh, ar a lochánuibh, agus ar a nuile chomhchruinniughadh uisge, go ndéarntar fuil díobh; agus go mbía fuil ar feadh chríche na Hegipte uile, aráon a soithighibh Adhmuid, agus a soithighibh cloiche.
20
Agus do rinne Maóisi agus Aaron mar sin, mar do aithin an TIGHEARNA, agus do thóg sé suas an tslat, agus do bhuáil na huisgidhe, do bhí sa nabhuinn a radharc Phárao, agus a radharc a sherbhíseach: agus do hiompóigheadh a raibh duisge sa nabhuinn a bhfuil.
21
Agus do fúair an tíasg do bhi sa nabhuinn bás, agus do bhréun a nabhann, agus níor fhéadadar na Hégiptigh uisge na habhanna dól: agus do bhí fuíl ar feadh chríche na Hégipte uile.
22
Agus do rinneadar dráoithe na Hégipte sin lé na ndroigheachduibh; agus do cruáidheadh croidhe Phárao, agus níor umhluigh sé dhóibh; fá mar a dubhairt an TIGHEARNA.
23
Agus do fhill Phárao, agus do chuáidh dhá thigh, ní mó do chuir se a chroidhe leis sin mar an ccéadna.
24
Agus do thochladar na Hégiptigh uile fá gcuáirt na habhanna, dfaghail uisge rén ól; óir níor fhéadadar uisge na habhanna dól.
25
Agus do coimhlíonadh seachd lá, tar éis an TIGHEARNA do bhúaladh na habhanna.
← Chapter 6
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 29
Chapter 30
Chapter 31
Chapter 32
Chapter 33
Chapter 34
Chapter 35
Chapter 36
Chapter 37
Chapter 38
Chapter 39
Chapter 40
Chapter 8 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8
9
10
11
12
13
14
15
16
17
18
19
20
21
22
23
24
25
26
27
28
29
30
31
32
33
34
35
36
37
38
39
40