bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
/
Exodus 35
Exodus 35
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
← Chapter 34
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 29
Chapter 30
Chapter 31
Chapter 32
Chapter 33
Chapter 34
Chapter 35
Chapter 36
Chapter 37
Chapter 38
Chapter 39
Chapter 40
Chapter 36 →
1
Agus do chruinnigh Maóise comhchruinniughadh chloinne Israel uile a gcionn a chéile, agus do raídh riú, A siád so na bríathra do aithin an TIGHEARNA dhíbhsi, go ndéarnadh sibh íad.
2
Sé lá do dheántar obair achd an seachdmhadh lá biáidh sé na lá saóire aguibh, sábóid shúaimhneasa don TIGHEARNA: giodh bé ar bith oibhrigheas annsinn cuirfíghear chum baís é.
3
Ní dheargfuidhe teine ar feadh bhur náiteach a ló na sabóide.
4
Agus do labhair Maóise re comhchruinniughadh chloinne Israel uile, dha rádh, As é so an ní do aithin an TIGHEARNA, gá rádh,
5
Tógbhuidh eadruibh ofrail don TIGHEARNA: giodh bé ar bith gá bhfuil croidhe toileamhuil, tugadh sé leis í, ofrál don TIGHEARNA; ór, agus airgead, agus prás,
6
Agus gorm, agus purpuir, agus scárláoid, agus línéadach fínealta, agus fionna gabhar,
7
Agus croicne reitheadh daite dearg, agus croicne broc, agus adhmad Sitim,
8
Agus ola chum án tsoluis, agus spíosra chum ola ungtha, agus don túis dheaghbhaluidh,
9
Agus clocha Onics, agus clocha re gcur san ephod, agus annsa nuchdphláta.
10
Agus tiocfa gach uile dhuine glicchroidheach eadruibh, agus déanuidh gach éainní dar aithin an TIGHEARNA;
11
An tabernacuil, a lóistin, agus a fholach, a tháitse, a chláir, agus a bharruidhe, a philéir, agus a shoicéíd,
12
An airc, agus a maididhe, maille ris an tsuidhe thrócaire, agus folach a chínn,
13
An bórd, agus a mhaididhe, agus a shoithighe uile, agus a tarán taisbeanta,
14
An coinnleóir mar an ccéadna chum an tsoluis, agus a mbeanann ris, agus a lampuidhe, maille ris a nola chum an tsoluis,
15
Agus altoír na túisi, agus a maididhe, águs a nola ungtha, agus an túis deaghbholuidh, agus bruit an doruis ag dul a steach an tabernacuil,
16
Altoír na hofrála loisge, maille re na ghráta práis, gun a maididhibh, agus a soithighibh uile, an lábhéir agus a chos,
17
Bruit na cúirte, a piléir, agus a bhuinn, agus brat doruis na cúirte,
18
Tairngidhe an tabernacuil, agus tairngidhe na cúirte, agus a gcorduidhe,
19
Culadha na serbhíse, do dhéanamh serbhíse annsan aít naomhtha, an téadach naomhtha do Aáron an sagairt, agus éaduighe a mhac, do mhiniostralachd a noifig an tsagairt.
20
Agus do imthigheadar comhchruinniughadh chloinne Israel uile as lathair Mhaóise.
21
Agus tangadar, gach éanduine aca, ar chorruigh a chroidhe súas é, agus gach éanduine do rinne a spíorad aontadhach, agus tugadar leó ofráil an TIGHEARNA chum oibre thabernacuil an chomhchruinnigh, agus chum a sherbhíse uile, agus chum a éaduighe náomhtha.
22
Agus tangadar, ar áon fir agus mná, an mhéid do bhí do chroidhe thoileamhuil, agus tugadar bráisléid, agus cluasfháinuidhe, agus fáinnidhe, agus táibleíd, a nuile shéud óir: agus gach fhear dar ofráil do ofráil sé ofráil oír don TIGHEARNA.
23
Agus gach áon, agár fríth gorm agus purpuir, agus scarláoid, agus lineadach fínealta, agus fionnadh gabhar, agus croicne dearga reitheadh, agus croicne broc, tugadar leó íad.
24
A nuile dhuine dar ofráil ofráil airgid nó phraís tug sé ofrail an TIGHEARNA leis: agus gach áon, ag ar fríth do chrannuibh Sitim chum oibre na serbhíse, thugadar leó iad.
25
Agus na huile mhná do bhí glicchroidheacha do sníomhadar le na lámhuibh, agus tugadar leó an ní do shníomhadar, ar áon do ghorm, agus do phurpuir, agus do scárláoid, agus do líneadach finealta.
26
Agus na huile mhná ar chorruigh a ccroidhe súas íad a ngliocus do shniomhadar fionnadh gabhar.
27
Agus tugadur na huachdaraín clocha Onice leó, agus clochá da gcur ann sa nephod, agus ann sa nuchdach náomhtha,
28
Agus spíosra, agus ola chum an tsoluís, agus chum na hola ungtha, agus chum na túise deaghbholuidh.
29
Tugadar clann Israel ofráil thoilteannach leó chum an TIGHEARNA, a nuile fhear agus bean, a ndearna a ccroidhe toilteanach íad, do thabhairt neith leó chum gach uile shórt oibre, noch do aithin an TIGHEARNA do dhéanamh lé láimh Mhaóise.
30
Agus a dubhairt Maóise re cloinn Israel, Féuchaidh, do ghoir an TIGHEARNA go hainmneamhuil Besaleel mac Urí, mhic Hur, do threibh Iúdah;
31
Agus do lión sé do spioraid Dé é, a ngliocus, a ttuicse, agus a neolus, agus ann a nuile ghné oibre;
32
Agus do chuma oibreach gcúirialta, doibriughadh a nór, a nairgead, agus a bprás,
33
Agus a ngearradh cloch da gcur, agus a snoigheadh adhmuid, do dhéanamh gach aon ghné oibre eóluigh.
34
Agus do chuir ann a chroidhe go múinfeadh, é féin, agus Aholiab, mac Ahisamach, do threíbh Dan.
35
Do líon sé íad sin do eagna chroidhe, doibriughadh a nuile gné oibre an tsáoir, agus a noibríghe glic, agus an té oibrígheas snáidiomhaigheachd, a ngorm, agus a bpurpuir, agus a scarláoid, agus a líon fhinéalta, agus a nfhigheádóra, noch do ní obair ar bíth, agus iadsan chumus obair ghéarchúiseach.
← Chapter 34
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 29
Chapter 30
Chapter 31
Chapter 32
Chapter 33
Chapter 34
Chapter 35
Chapter 36
Chapter 37
Chapter 38
Chapter 39
Chapter 40
Chapter 36 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8
9
10
11
12
13
14
15
16
17
18
19
20
21
22
23
24
25
26
27
28
29
30
31
32
33
34
35
36
37
38
39
40
Recommended Reading
Commentary
Exodus Commentaries
→
Devotional
Exodus Devotional Guide
→
Get This Bible
Bedell Study Bible
→