bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
/
Exodus 9
Exodus 9
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
← Chapter 8
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 29
Chapter 30
Chapter 31
Chapter 32
Chapter 33
Chapter 34
Chapter 35
Chapter 36
Chapter 37
Chapter 38
Chapter 39
Chapter 40
Chapter 10 →
1
Ann sin a dubhairt an TIGHEARNA re Maóise, Eirigh a steach go Phárao, agus innis dó, Is mar so a deir an Tighearna Día na Neabhruigheach, Léig dom phobal imtheachd, go ndéanuid serbhís damhsa.
2
Oír má dhíultann tú léigean dóibh imtheachd, agus go ccuinneochuidh tú fós íad.
3
Feuch, atá lámh an TIGHEARNA ar háirneís atá ar an machaire, ar a neachraidh, ar na hassaluibh, ar na cámhalluibh, ar na damhuibh, agus ar na cáorchuibh: biaidh conach ródhoiligh orra.
4
Agus dealóchuidh Día áirneís Israel ó áirneís na Hégipte: agus ní racha éinní is lé cloinn Israel déug.
5
Agus do órduigh an TIGHEARNA lá cinnte, dá rádh, A márach do dhéana an TIGHEARNA an ni si ann sa dúthaigh.
6
Agus do rinne an TIGHEARNA an ní sin ar na mhárach, agus fúaradar áirneís na tíre uile bás: achd ní bhfuáir éinbheathach dáirnéis na Nisraelach bás
7
Agus do chuir Phárao fios amach, agus, féuch, ní dheachuidh áon amháin déug dáirneis Israel. Agus do crúadhuigheadh cróidhe Phárao, agus níor léig don phobal imtheachd.
8
Agus a dubhairt an TIGHEARNA ré Maóise agus re Haáron, Glacuidh chuguibh lán glaice do luáith na fuirnéise, agus croitheadh Maóisi sin chumnimhe a radharc Phárao.
9
Agus do dhéuntar luáithreadh mion de, ar feadh chríche na Hégipte, agus biáidh na bhriseadh amach a mbolguidh ar dhuine, agus ar bheathach, ar feadh chríche na Hégipte.
10
Agus do ghlacadar luáith na fuirnéise, agus do sheasádar a lathair Pháraó: agus do chroith Maóise súas é chum nimhe; agus do rinneadh bolgach dhe ag briseadh amach a léasach ar dhuine, agus ar ainmhidhe.
11
Agus níor fhéadadur na dráoithe seasamh a lathair Mhaoise do bhrígh nam bolguidhe; óir do bhí an bholgach ar na dráoithibh, agus ar na Hégiptibh uile.
12
Agus do chrúadhuigh an TIGHEARNA croidhe Phárao, agus níor éisd sé riu; mar a dubhairt an TIGHEARNA re Maóise.
13
Agus a dubhairt an TIGHEARNA re Maóise, Eirigh súas go moch ar maidin, agus seas as coinne Phárao, agus abuir ris, Is mar so a deir an TIGHEARNA Día na Neabhruigheach, Léig dom phobal imtheachd, go ndéanaid serbhís damh.
14
Oír cuirfe mé a nois mo phlágha uile ar do chroidhe, agus ar do sherbhíseachuibh, agus ar do mhuinntir; chor go mbia a fhios agad nach bhfuil mo leitheid eile san domhan.
15
Oír a nois sínfe mé amach mo lámh, go mbuáilidh mé thusa agus do dháoine lé Támh; agus gearrfuighear ón talamh thú.
16
Agus go deimhin is uime so do thóg mé thusa súas, ionnus go ttáisbeanfuinn ionnadsa mo chumhachda; agus go bhfoillseochuidh mainm ar feadh an domhuin uile.
17
Agus a nárduigheann tusa fós thú féin a naghaidh mo phobuil, nach áil leachd léigean dóibh imtheachd?
18
Féuch, fá namsa a márach cuirfe misi, cloichshneachda roighéar, a leitheid nach raibh sa Négipt ó chruthuígheadh í, gus a niugh.
19
Ar a nadhbharsin, fúagair annois agus cruinnigh háirnéis, agus a bhfuil agad annsa machaire; óir a nuile dhuine, agus a nuile bheathach ar a mbearthar air an machaire, agus nach bearthar a bhaile, tiucfa an chloichshneachda a núas orra, agus do gheabhuid bás.
20
An té ar a raibh eagla bhréithre an TIGHEARNA a measg sherbhíseach Phárao, tug fá deara dhá sherbhíseachuibh, agus dá áirnéis teitheamh a steach do na tighthibh:
21
Agus an té ag nach raibh suim a mbreithir an TIGHEARNA, do fhág a sherbhísigh, agus a airnéis ar an machaire.
22
Agus a dubhairt an TIGHEARNA ré Maóise, Sín amach do lámh chum nimhe, ionnus go mbía cloichshneachda ar feadh chríche na Hégipte uile, ar dhuine agus ar ainmhidhe, agus ar gach uile luibh san mhachaire, ar feadh chríche na Hégipte.
23
Agus do shín Maóisi a shlat amach chum nimhe: agus do chuir an TIGHEARNA tóirneach agus cloichshneachda agus táinic an teine ar feadh na talmhan, agus do fhear an TIGHEARNA cloichshneachda ar chrích na Hégipte.
24
Mar sin do bhí cloichshneachda, agus teine comaisce leis an gcloichshneachda, go ro dhoiligh, air chor nach dtáinic a leitheid á gcrích na Hégipte uile ó rinneadh tír dhi.
25
Agus do bhúáil an chlochshneachda ar feadh chriche na Hégipte uile, gach a raibh amuigh san machaire, idir dhuine agus bheathach; agus do bhuáil an chloch sneachda gach áon luibh ar an machaire, agus do bhris gach éanchrann ar an machaire.
26
Amháin a bhfearann Gosen, mar a rabhadar clann Israel ní raibh cloichshneachda ar bith.
27
Agus do chuir Phárao, fios ar Mhaóisi agus air Aáron, agus do ráidh riú, Do pheacuidh mé a nuairsi: atá an TIGHEARNA firéunta, agus átaimsi agus mo mhuinntir go holc.
28
Guidhidh an TIGHEARNA nach bía ní is mó do thóirnigh mhóir nó do chlochshneachda; óir is lór a ndéarnadh, agus léigfe misi dhíbh imeach, agus ní fhanfuidh sibhsi níos sía.
29
Agus a dubhairt Maóisi ris, Comhluath is rachas misi amach as an gcathruigh, leithneocha mé mo lámha amach chum an TIGHEARNA; agus scuirfidh an tóirneach, agus ní bhia ní is mó dó chloichshneachda; ar chor go naitheona atusa gur leis an TTIGHEARNA an domhan.
30
Achd ar do shonsa, agus ar son do sherbhíseach, atá a fhios agam nach mbiaidh eagla an TIGHEARNA Día fos oruibh.
31
Agus do buáileadh an líon agus a neórna: óir do bhí a neórná a ndéis agus an líon a mbolguibh.
32
Ach níor buáileadh an chruithneachd nó an seagal: óir níor fhásadar súas.
33
Agus do chuáidh Maóise amach as an gcathraidh ó Phárao, agus do leathnuigh amach a lámha ar an TTIGHEARNA: agus do scuireadar na tóirneacha, agus an chloichshneachda, agus níor dóirteadh a nfearthuinn ar an ttalamh.
34
Agus a nuáir do chonnairc Phárao gur scuir a nfearthuinn, an chloichshneachda, agus an tóirneach, do pheacuidh sé tuilleamh fós, agus do cruadhuigh a chroidhe, é féin agus a sherbhísigh.
35
Agus do cruadhuigheadh croidhe Phárao, agus níor léig do chlannuibh Israel imtheachd; mar do labhair an TIGHEARNA re Maóise.
← Chapter 8
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 29
Chapter 30
Chapter 31
Chapter 32
Chapter 33
Chapter 34
Chapter 35
Chapter 36
Chapter 37
Chapter 38
Chapter 39
Chapter 40
Chapter 10 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8
9
10
11
12
13
14
15
16
17
18
19
20
21
22
23
24
25
26
27
28
29
30
31
32
33
34
35
36
37
38
39
40
Recommended Reading
Commentary
Exodus Commentaries
→
Devotional
Exodus Devotional Guide
→
Get This Bible
Bedell Study Bible
→