bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
/
Exodus 21
Exodus 21
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
← Chapter 20
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 29
Chapter 30
Chapter 31
Chapter 32
Chapter 33
Chapter 34
Chapter 35
Chapter 36
Chapter 37
Chapter 38
Chapter 39
Chapter 40
Chapter 22 →
1
Annois is íad so na dlighthe chuirfeas tú rompa.
2
Má cheanchann tú seirbhíseach Eabhruigheach, sé blíaghna bhías se ág seirbhís: agus annsa seachdmhadh, rachuidh sé amach sáor gan éinni.
3
Má tháinic sé leis féin a steach, rachuidh sé amach leis féin: má bhí sé pósda, ann sin rachaidh a bhean leis amach.
4
Má thug a mhaighistir bean dó, agus go rug sí mic, agus ingheana dhó; biáidh an bhean, agus an chlann ag an maighistir, agus rachuidh seision amach leis féin.
5
Agus má deir an seirbhíseach go follus, is ionmhuin liom mo mháighistir, mo bhean agus mo chlann; ní rachá mé amach sáor:
6
Ann sin do bhéara an Mhaighistir chum na mbreitheamhan é; do bhéara sé mar sin chum ándoruis é, no chum ursain andoruis; agus tollfa a mhaighistir a chlúas tríthe lé meanadh; agus foigheonuigh sé dhó go bráth.
7
Agus ma réacann duine a inghean do bheith na banóglaidh, ní rachaidh sí a mach mar do níd na nogláoich fear.
8
Muna ttaitnidh sí ré na maighistir, noch do cheanguil leis féin í, ann sin léigfe se a fuasgladh: a reic re cineadh coimhightheach ní bhía cumhachda aige, ó rinne sé go cealgach ría.
9
Agus ma cheanguil sé re na mhac i, Do dhéana ría do réir mhogha na ninghion.
10
Má bheir sé bean eile; a beatha, a héadach, a dúalghas pósta ní laighdeocháoidh sé.
11
Agus muna ndéarna sé na trí níse ría, ann sin rachaidh si amach sáor gan airgead.
12
An té bhuailfeas neach, ionnus go néugfuidh sé, go deimhin cuirfighear chum báis é.
13
Agus muna luighe duine a bhforaire, ach do seachoduigh Día na laimh é; ann sin cinnfe mise áit dhuit a tteithfidh sé.
14
Ach má thig duine go dásachdach ar a chomharsain, dá mharbhadh le ceilg; béara tú óm altoir é, go bhfuighe bás.
15
Agus an té bhúailfeas a athair, nó a mhathair, cuirfíghear go deimhin chum báis é.
16
Agus an té ghadus duine, agus réacas é, no má gheibhtheár na láimh é, cuirfíthear go deimhin chum báis é.
17
Agus an té mhalluigheas a athair nó a mhathair, cuirfíthear go deimhin chum báis é.
18
Agus má imreasnuid daoine ré chéile, agus go mbuáilfidh áon an fear eile, do chloich, nó do dhorn, agus nach bhfuighe bás, ach go gcuimhdeochuidh a leabuidh:
19
Ma éirghion sé a rís, agus go siubholuidh a mach lé na bháta, ann sin sáorfuighear an té do bhuáil é, amhain go níocfuidh sé ar son dúl amugha a aimsire, agus go ttiubhra fá deara a leighios go hiomlán.
20
Agus ma bhuáileann duine a sheirbhíseach, nó a chailín, lé slait, agus go bhfuighe sé bás fáoi na láimh; dioghaltar air go deimhin é.
21
Ach má mhairean sé lá no dhó, ní dhéantar dioghaltas air: óir is sé a airgead é.
22
Má imreasnuid dáoine, agus go ngoirteochuidh bean torrach, ionnus go nimeochuidh a toradh uaithe, agus ar a shon sin nach leanfuidh olc ar bith dhe; coireochthar go deimhin air, do réir mar chuirfeas fear na mná air; agus díolfa mar óirdeochaid na breitheamhuin.
23
Agus má leanann urchoid ar bith dhe, annsin do bhéura tú anam ar son anma,
24
Súil ar shúil, fíacal ar fhíacuil, lámh ar láimh, cos ar chois.
25
Loscadh ar son loiscthe, cneadh ar son chneidhe, buille ar son buille.
26
Agus má bhuáileann duine súil a sheirbhísigh, no súil a chailín, lé a gcaillfidh í, léigfidh dhóibhimtheachd sáor ar son a súl.
27
Agus má bhéanann sé fíacail as a sheirbhíseach fir, no fíalcail as a sheirbhíseach mná; leígfe dhóibh imhtheachd saór ar son a bhfíacal.
28
Má loiteann damh fear nó bean, dá bhfuighíd bás: ann sin go deimhin clochfuighear an damh, agus ni hióstar a fheóil: ach saórfuighear sealbhadóir an daimh.
29
Ach má ghnáthuigh an damh sathadh le na adharcuibh sa naimsir roimhe sin, agus gur fiaghnuiseadh sin dá shealbhadóir, agus nár choimhead sé a stigh é, ach gur mharbh sé fear nó bean; clochfuithear an damh, agus cuirfighear fós an sealbhadóir chum báis.
30
Má leagthar suim airgid air, an sin do bhéara sé ar son fuasguilt a anma gidh bé ar bith leagfuighear air.
31
Gidh bé aca do loit sé mac nó inghean, is do réir an bhreitheamhnuis so do dhéantar rís.
32
Má loiteann an damh seirbhíseach fir nó seirbhíseach mná; do bhéura sé dá Maighistir triochad secel do airgiod, agus clochfuighear an damh.
33
Agus má osclann duine poll, nó ma thochlann duine poll, agus nach bhfoileochuidh é, agus go ttuitfidh damh nó assal ann;
34
Do dhéana sealbhadóir an phoill go maith é, agus do bhéura airgead don té ler leis íad; agus budh leis féin an beathach marbh.
35
Agus má ghortuigheann damh aónduine, damh dhuine eile, go bfuighe sé bás; ann sin réacfuid, an damh beó, agus roinnfid a airgead; agus riomfid mar an ccéadna an damh mharbh.
36
Nó má bhíonn a fhios go ngnáthuigheadh an damh sathadh se naimsir roimhe sin, agus nar choimhéad a shealbhadóir a stigh é; íocfaidh go deimhin damh ar dhamh; ach biáidh an marbh aige féin.
← Chapter 20
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 29
Chapter 30
Chapter 31
Chapter 32
Chapter 33
Chapter 34
Chapter 35
Chapter 36
Chapter 37
Chapter 38
Chapter 39
Chapter 40
Chapter 22 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8
9
10
11
12
13
14
15
16
17
18
19
20
21
22
23
24
25
26
27
28
29
30
31
32
33
34
35
36
37
38
39
40
Recommended Reading
Commentary
Exodus Commentaries
→
Devotional
Exodus Devotional Guide
→
Get This Bible
Bedell Study Bible
→