bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
/
Romans 10
Romans 10
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
← Chapter 9
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 11 →
1
A bhráithre, is é rogha mo chroidhe, agus is é mo ghuidhe chum Dé ar a son‐san go slánóchar iad.
2
Óir do‐bheirim m’fhiadhnaise ’n‐a dtaobh go bhfuil díoghrais chum Dé aca, acht nach do réir eolais í.
3
Óir, ar mbeith gan eolas ar fhíréantacht Dé dhóibh, agus iad d’iarraidh a bhfíréantacht féin do bhunadh, níor umhluigheadar d’fhíréantacht Dé.
4
Óir is é Críost foircheann na dlighe chum an uile dhuine chreideas d’fhíréanú.
5
Mar scríobhann Maois ar an bhfíréantacht thig ó’n dlighe, An té chleachtas na neithe sin, go mairfidh sé d’á mbárr.
6
Acht is mar so labhras an fhíréantacht thig ó chreideamh, Ná h‐abair id’ chroidhe, Cia rachfas suas ar neamh? (is ionann sin agus Críost do thabhairt anuas);
7
nó, cia rachfas síos san aibhéis? (is ionann sin agus Críost do thabhairt aníos ó na marbhaibh).
8
Acht créad adeir sí? Atá an briathar i ngar duit, id’ bhéal agus id’ chroidhe:
9
is é sin briathar an chreidimh fhógraimíd‐ne: má admhuigheann tú led’ bhéal gur Tighearna Íosa, agus má chreideann tú id’ chroidhe gur thóg Dia ó na marbhaibh é, go slánóchar thú:
10
óir is leis an gcroidhe chreideas an duine chum fíréantachta; agus is leis an mbéal do‐ghní sé admháil chum slánuighthe.
11
Óir adeir an scrioptúir, Cibé chreideas ann, ní náireochar é.
12
Óir ní fhuil deifir ar bith idir an Iúdach agus an Gréagach: mar is ionann Tighearna do’n uile dhuine, agus atá saidhbhreas aige do gach duine ghlaodhas air:
13
óir cibé duine ghlaodhas ar ainm an Tighearna, slánóchar é.
14
Acht cionnas ghlaodhfas siad ar an té nár chreideadar ann? agus cionnas chreidfeas siad san té nár airigheadar? agus cionnas aireochas siad gan seanmóiridhe?
15
agus cionnas dhéanfas daoine seanmóir muna seoltar iad chuige? mar atá scríobhtha, Nach áluinn iad cosa na ndaoine do‐bheir deagh‐scéala áthais!
16
Acht níor éist an uile dhuine leis na deagh‐scéalaibh. Mar adeir Ésáias, A Thighearna, cia chreid ár dtuairisc?
17
Uime sin, is tré éisteacht thig creideamh, agus is tré bhriathar Chriost thig éisteacht.
18
Acht fiafruighim‐se, Nár airigheadar? D’airigheadar cinnte, Do leath a nglór ar fud an domhain uile, Agus a mbriathra go foircheann an domhain.
19
Acht fiarfuighim, Nár thuig Israel? Ar dtús is é adeir Maois, Cuirfead éad oraibh chum náisiúin nach bhfuil ’n‐a náisiún, Cuirfead fearg oraibh le náisiún gan chéill.
20
Agus éirigheann Ésáias an‐dána, g‐á rádh, Daoine nár loirg mé, fuaradar‐san mé; Do’n dream nach raibh gam’ lorg, d’fhoillsigheas mé féin.
21
Acht is dtaobh Israel is é adeir sé, Do shíneas mo lámha amach ar feadh an lae uile, Chum pobail easumhla chonspóidigh.
← Chapter 9
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 11 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8
9
10
11
12
13
14
15
16