bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
/
Romans 4
Romans 4
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
← Chapter 3
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 5 →
1
Créad adéarfaimíd, d’á bhrigh sin a fuair Abracham, ár n‐athair do réir na feola?
2
Óir má fíréanuigheadh Abracham de bhárr oibreach, atá adhbhar maoidhmheachais aige; acht ní os cómhair Dé é.
3
Óir créad adeir an scrioptúir? Agus do chreid Abracham, agus do h‐áirmheadh dhó é mar fhíréantacht.
4
Acht do’n té do‐ghní obair, ní mar ghrása áirmhthear luach a shaothair dhó, acht mar fhiacha.
5
Acht do’n duine nach ndéanann obair, acht chreideas san té fhíréanuigheas an duine neimh‐dhiadha, áirmhthear a chreideamh‐san mar fhíréantacht.
6
Amhail mar chuireann Dáibhi síos ar aoibhneas an duine d’á n‐áirmheann Dia fíréantacht taobh amuigh d’oibreachaibh,
7
Is aoibhinn do na daoinibh go bhfuil a ndroch‐ghníomhartha maithte dhóibh, Go bhfuil a bpeacaidhe foluighthe.
8
Is aoibhinn do’n té nach n‐áirmheochaidh an Tighearna peacadh dhó.
9
An bheannacht so, mar sin, an le h‐aghaidh luchta an timcheall‐ghearrtha atá sí, nó le h‐aghaidh na ndaoine atá gan timcheall‐ghearr adh, mar an gcéadna? óir deirimíd gur h‐áirmheadh a chreideamh d’Abracham mar fhíréantacht.
10
Cionnas, d’á bhrigh sin, do h‐áirmheadh é? Nuair bhí sé timcheall‐ghearrtha, nó nuair nach raibh sé timcheall‐ghearrtha? Ní thar éis dó bheith timcheall‐ghearrtha, acht roimh thimcheall‐ghearradh dhó:
11
agus fuair sé cómhartha an timcheall‐ghearrtha, séala firéantachta an chreidimh do bhí aige an tráth ’n‐a raibh sé gan timcheall‐ghearradh: chum go mbéadh sé ’n‐a athair do na daoinibh chreideas, gidh go bhfuilid gan timcheall‐ghearradh, chum go n‐áirmhfidhe fíréantacht dóibh;
12
agus ’n‐a athair do lucht an timcheall‐ghearrtha, toisc nach é amháin gur timcheall‐ghearradh iad, acht go leanann siad lorg an chreidimh do bhi ag ár n‐athair Abracham an tráth ’n‐a raibh sé gan timcheall‐ghearradh.
13
Óir níor thríd an dlighe tugadh an gheallamhain d’Abracham, nó d’ á shliocht, go mbéadh sé ’n‐a oidhre ar an domhan, acht tré fhíréantacht an chreidimh.
14
Óir má’s iad lucht an dlighe atá ’n‐a n‐oidhribh, atá an creideamh gan éifeacht, agus atá an gheallamhain gan brigh:
15
mar oibrigheann an dlighe fearg; acht an áit nach bhfuil dlighe ann, ní fhuil briseadh dlighe ann.
16
D’á bhrigh sin is ó chreideamh atá an oidhreacht, chum go mbéadh sí do réir grása: chum go mbéadh an geallamhain diongbhálta do’n tsliocht uile: ní h‐é amháin do na daoinibh atá fá’n dlighe, acht do’n dream sin, leis, go bhfuil an creideamh céadna aca agus bhí ag Abracham, atá ’n‐a athair againn go léir,
17
(mar atá scríobhtha, Do‐rinneas athair d’á lán cineadh dhíot), i bhfiadhnaise an té ’n‐ar chreid sé, Dia, do‐bheir beatha do na marbhaibh, agus ghlaodhas ar na neithibh nach bhfuil ann fá mar bhéadh siad ann.
18
An té do chreid go dóchasach gan adhbhar dóchais go mbéadh sé ’n‐a athair d’á lán cineadh, do réir mar adubhradh, Mar sin is eadh bhéas do shliocht.
19
Agus gan éirghe lag san chreideamh do bhreathnuigh sé a chorp féin do bhí leath‐mharbh (agus é tuairim céad bliadhan d’aois),
20
agus broinn Shára do bhí marbhánta: mar sin féin ní raibh aon amhras air tré mhí‐chreideamh: dtaobh geallamhna Dé, acht do neartuigheadh é san chreideamh, ag tabhairt glóire do Dhia,
21
agus a láin‐deimhin aige go raibh ar chumas dó a raibh geallta aige do thabhairt chum críche.
22
Ar an adhbhar sin do h‐áirmheadh é mar fhíréantacht dó.
23
Agus ní ar a shon féin amháin do scríobhadh gur h‐áirmheadh sin,
24
acht ar ár son‐na, leis, d’á n‐áirmhfear é, má chreidimíd san té do thóg Íosa ár dTighearna ó na marbhaibh, eisean a tugadh suas i n‐éiric ár gcionnta,
25
agus do tógadh suas arís le n‐ár bhfíréanú.
← Chapter 3
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 5 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8
9
10
11
12
13
14
15
16