bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
/
Romans 14
Romans 14
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
← Chapter 13
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 15 →
1
Glacaidh chugaibh an duine atá laig‐chreidmheach, acht nach chum bheith ag breith breithe ar thuairimibh.
2
Creideann duine áirithe gur dleaghthach an uile bhiadh d’ithe: acht an duine atá lag, ní itheann sé acht luibheanna.
3
An té itheas ná bíodh dí‐mheas aige ar an té nach n‐itheann; agus an té nach n‐itheann ná bíodh sé ag breith breithe ar an té itheas: óir atá glactha ag Dia leis.
4
Cia h‐é thusa do‐bheir breith ar sheirbhíseach duine eile? Is d’á thighearna féin sheasas nó thuiteas sé; ’seadh, agus seasfaidh sé, óir is féidir do Dhia a chongbháil ’n‐a sheasamh.
5
Bíonn meas ag duine áirithe ar lá seachas a chéile: measann duine eile gur mar a chéile gach uile lá. Bíodh gach duine lán‐dearbhtha ’n‐a intinn féin.
6
An té bhreathnuigheas an lá, is ar son an Tighearna do‐ghní sé é; agus an té itheas, is ar son an Tighearna itheas sé, mar bheireann sé buidheachas do Dia; agus an té nach n‐itheann, is ar son an Tighearna nach n‐itheann, agus bheireann seisean buidheachas do Dhia.
7
Óir ní fhuil duine againn mhaireas dó féin.
8
Óir má mhairimíd, is do’n Tighearna mhairimíd; agus má éagaimíd, is do’n Tighearna éagaimíd: d’á bhrigh sin, is cuma cia aca mhairimíd nó éagaimíd, is leis an Tighearna sinn.
9
Chuige sin is eadh fuair Críost bás, agus d’aiséirigh, chum go mbéadh sé ’n‐a Thighearna ar bheodhaibh agus ar mharbhaibh.
10
Acht cad chuige dhuit‐se locht d’fhágháil ar do bhráthair? nó cad chuige dhuit dí‐mheas do chur ar do bhráthair? mar seasfaimíd uile os comhair cathaoireach breitheamhnais Dé.
11
Mar tá scríobhtha, Mar mhairim‐se, adeir an Tighearna, feacfaidh gach uile ghlún rómham, Agus do‐bhéarfaidh gach uile theanga moladh do Dhia.
12
D’á bhrigh sin bhéarfaidh gach duine againn cunntas ’n‐a thaobh féin do Dhia.
13
Uime sin ná bímís ag breith breithe ar a chéile a thuilleadh; acht ’n‐a ionad sin tabhraidh aire gan ceap tuislidh, ná adhbhar tuitme do chur i mbealach bhur mbráthar.
14
Atá a fhios agam, agus atáim dearbhtha dhe san Tighearna Íosa, nach bhfuil rud ar bith neamh‐ghlan ann féin; acht do’n té mheasas rud do bheith neamh‐ghlan, go bhfuil sé neamh‐ghlan dó‐san.
15
Acht má bhíonn doilgheas ar do bhráthair mar gheall ar an mbiadh itheas tú, ní de réir grádha atáir‐se ag siubhal. Ná cuir i mbealach a bhasctha led’ bhiadh an duine go bhfuair Críost bás ar a shon.
16
D’á bhrigh sin ná bíodh bhur maitheas ’n‐a adhbhar mío‐chlú:
17
óir ní biadh agus ól ríoghacht Dé, acht fíréantacht, agus síothcháin, agus áthas san Spiorad Naomh.
18
Óir an té do‐ghní seirbhís do Chríost ar an gcuma sin, do‐bheir Dia taithneamh dhó, águs bíonn urraim ag daoinibh dhó.
19
Uime sin leanaimís na neithe bhaineas le síothcháin, agus na neithe le n‐ar féidir linn deagh‐thréithe a chéile do mhéadú.
20
Ná cuir obair Dé amugha mar gheall ar bhiadh. Is fíor go bhfuil an uile nidh glan, acht is olc do’n duine an nidh itheas sé bheith ’n‐a adhbhar tuislidh.
21
Is é is ceart gan feoil d’ithe, ná rud ar bith do dhéanamh do bhéadh ’n‐a thrúig tuislidh dod’ bhráthair.
22
An creideamh sin atá agat, bíodh sé agat féin i bhfiadhnaise Dé. Is aoibhinn do’n té nach mbeireann breith air féin san méid cheaduigheas sé.
23
Acht an té atá i n‐amhras cionntuightear é má itheann sé, de bhrigh nach ó chreideamh é; agus rud ar bith nach bhfuil bun creidimh faoi, is peacadh é.
← Chapter 13
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 15 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8
9
10
11
12
13
14
15
16