bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
/
Romans 6
Romans 6
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
← Chapter 5
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 7 →
1
Créad adéarfaimíd mar sin? An amhlaidh fhanfaimíd go seasta san pheacadh chum go méaduightear an grása?
2
Nár leigidh Dia é. Sinne atá marbh do’n pheacadh, chionnas mhairfimíd níos faide ann?
3
Nach bhfuil a fhios agaibh, an méid dínn do baisteadh chum Íosa Críost, gur chum a bháis do baisteadh sinn?
4
D’á bhrigh sin do h‐adhlacadh sinn mar aon leis thríd an mbaisteadh chum báis: ar mhodh, fá mar tógadh Críost ó na marbhaibh tré ghlóir an Athar, gur mar sin shiubhalfaimíd i saoghal úr‐nua.
5
Óir má chóimhcheangladh sinn leis fá shamhail a bháis, chóimhcheangalfar sinn leis, mar an gcéadna, fá shamhail a aiséirighthe;
6
mar tá a fhios againn gur céasadh ár sean‐nádúir ’n‐a theannta, chum go bhfágfaidhe corp an pheacaidh gan éifeacht, chum nach mbéimís fá dhaor‐smacht an pheacaidh feasta;
7
óir an té atá thar éis báis atá sé saor ó pheacadh.
8
Acht má fuaramar bás mar aon le Críost, creidimíd go mairfimíd beo mar aon leis, mar an gcéadna;
9
mar tá a fhios againn, ó tógadh Críost ó na marbhaibh, nach bhfuil an bás i ndán dó ’n‐a dhiaidh sin; ní fhuil tighearnas a thuilleadh ag an mbás air.
10
Óir nuair d’éag sé, d’éag sé do’n pheacadh go deo: acht nuair mhaireas sé beo, is do Dhia mhaireas sé.
11
Mar sin daoibh‐se, measaidh sibh féin bheith marbh do’n pheacadh, acht bheith beo do Dhia tré Íosa Críost.
12
D’á bhrigh sin ná bíodh réimeas ag an bpeacadh ’n‐bhur gcorp daonna, chum go ngéillfeadh sibh d’á ainmhiantaibh:
13
agus ná tabhraidh bhur mbaill beathadh mar ghléiseanna éagcóra; acht tabhraidh sibh féin do Dhia mar dhaoine atá beo ó na marbhaibh, agus tabhraidh bhur mbaill beathadh mar ghléiseanna fíréantachta do Dhia.
14
Óir ní bhéidh tighearnas ag an bpeacadh oraibh: óir ní fá dhlighe atá sibh, acht fá ghrása.
15
Créad uime sin? an ndéanfaimíd peacadh de bhrigh nach fá dhlighe atáimíd, acht fá ghrása? Nár leigidh Dia é.
16
Nach bhfuil a fhios agaibh, cibé duine d’á dtiubhraidh sibh sibh féin mar sheirbhísigh na h‐umhlachta, gur seirbhísigh sibh do’n té d’á n‐umhluigheann sibh; is cuma cia aca seirbhísigh an pheacaidh chum báis, nó seirbhísigh na h‐umhlachta chum fíréantachta?
17
Acht, buidheachas le Dia, gidh go rabhabhar ’n‐bhur seirbhíseachaibh do’n pheacadh, d’umhluigheabhar ó chroidhe do mhodh an teagaisc d’á dtugabhar sibh féin;
18
agus, ar mbeith fuascailte ó pheacadh dhaoibh, do‐rinneadh seirbhísigh d’fhíréantacht díbh.
19
Is ar nós daoine atáim ag labhairt mar gheall ar laige bhur bhfeola; óir fá mar thugabhar bhur mbaill beathadh mar sheirbhísigh do thruailleacht agus do chuirptheacht chum cuirptheacht do chur i ngníomh, tabhraidh bhur mbaill anois mar sheirbhísigh d’fhíréantacht chum go naomhthar sibh.
20
Óir nuair bhíobhar ’n‐bhur seirbhíseachaibh ag an bpeacadh, bhí sibh saor ó smacht na fíréantachta.
21
Cia an tairbhe, d’á bhrigh sin, do bhí agaibh de bharr na neithe úd chuireas náire oraibh anois? óir is é rud thagas as na neithibh úd, an bás.
22
Acht anois, ar mbeith fuascailte ó pheacadh dhaoibh, agus sibh ’n‐bhur seirbhíseachaibh do Dhia, atá toradh bhur saothair agaibh chum naomhthachta, agus is í an bheatha shíorraidhe an deireadh béas air.
23
Óir is é tuarastal an pheacaidh an bás, acht is é saor‐bhronntanas Dé an bheatha shíorraidhe i nÍosa Críost, ár dTighearna.
← Chapter 5
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 7 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8
9
10
11
12
13
14
15
16