bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
/
Romans 15
Romans 15
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
← Chapter 14
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 16 →
1
Is dual dúinne atá láidir dul i dtaca le h‐anbhfainne na ndaoine atá lag, gan bheith ag lorg ár n‐aoibhneasa féin.
2
Déanadh gach duine agaibh aoibhneas a chómharsan chum a leasa agus chum a neartuighthe.
3
Óir níorbh é a aoibhneas féin do loirg Críost; acht do réir mar tá scríobhtha, Masladh an dreama do mhasluigh thusa, is orm‐sa do luigh sé.
4
Óir gach ar scríobhadh roimhe seo do scríobhadh iad chum teagasc do thabhairt dúinn, ionnas go mbéadh dóchas againn tré fhoighid agus tré shólás na scrioptúir.
5
Anois go dtugaidh Dia na foighde agus an tsóláis daoibh bheith ar aon intinn le chéile, do réir Íosa Críost:
6
ar mhodh go mbéidh sibh, ar aon chroidhe, ar aon bhéal ag moladh Dé, Athair ár dTighearna Íosa Críost.
7
Uime sin gabhaidh chugaibh a chéile, do réir mar ghabh Críost sibh‐se, chum glóire Dé.
8
Óir adeirim go raibh Íosa Críost ’n‐a sheirbhíseach ag lucht an timcheall‐ghearrtha, chum fírinne Dé do chruthú, chum go ndaingneochadh sé na geallamhnacha tugadh do na sinnsearaibh,
9
agus go dtiubhradh na Cineadhaigh glóir do Dhia ar son a thrócaire: mar atá scríobhtha, D’á bhrigh sin molfad i measc na gCineadhach thú, Agus seinnfead dot’ ainm.
10
Agus adeir sé arís, Déanaidh gáirdeachas, a Chineadhacha, mar aon le n‐a phobal‐san.
11
Agus arís, Molaidh an Tighearna, a Chineadhacha go léir, Agus go molaidh an pobal uile é.
12
Agus arís, adeir Ésáias, Béidh fréamh Iesse ann, Agus an té éireochas chum na Cineadhaigh do riaghlú, Is as chuirfeas na Cineadhaigh a ndóchas.
13
Anois go líonaidh Dia an dóchais sibh de gach áthas agus de gach síothcháin san gcreideamh, chum go mbéidh sibh féin lán de dhóchas, tré chumacht an Spioraid Naoimh.
14
Atáim féin dearbhtha ’n‐bhur dtaobh‐sa, a bhráithre, go bhfuil sibh féin lán de mhaitheas, agus go bhfuil sibh líonta de gach eolas, agus go bhfuil ar chumas daoibh teagasc do thabhairt d’á chéile.
15
Acht ba dánaighe‐de mé ag scríobhadh chugaibh, mar bhéinn ag brostú bhur gcuimhne,
16
an grás ó Dhia tugadh dhom, go mbéinn im’ mhinistir ag Íosa Críost chum na gCineadhach, ag miniostrálacht soiscéil Dé, chum go mbéadh na Cineadhaigh ’n‐a n‐íodhbairt thaithneamhaigh, agus naomhuighthe thríd an Spiorad Naomh.
17
Uime sin atá cúis mórtais agam i nÍosa Críost san méid bhaineas le Dia.
18
Óir ní leomhfad labhairt acht ar na neithibh do‐rinne Críost thríom‐sa, chum na Cineadhaigh do dhéanamh umhal, le briathraibh agus le gníomharthaibh, tré chumas mór‐chómharthaí agus iongantaisí,
19
tré bhrigh an Spioraid Naoimh; ar chuma gur chraobhscaoileas soiscéal Chríost ’n‐a iomláine ó Iarúsalem, agus thart ’n‐a thimcheall chómh fada le h‐Illiricum;
20
agus gur chuireas rómham gan an soiscéal do chraobhscaoileadh i n‐áit ’n‐ar h‐ainmnigheadh Críost cheana, ar eagla bheith ag tógáil ar bhun do chuir daoine eile:
21
acht mar atá scríobhtha, Chífidh siad‐san nach dtáinig a thuairisc chuca, Agus tuigfidh siad‐san nach gcuala.
22
Is ar an adhbhar sin do bacadh mé go minic gan bheith ar chumas dom teacht chugaibh:
23
acht anois, ó thárla gan ionad eile bheith agam ins na críochaibh seo, agus ó thárla go bhfuil fonn orm le bliadhantaibh fada teacht chugaibh,
24
nuair bhéidhead ag triall ar an Spáinn (óir atá súil agam go bhfeicfead ar an mbealach dom sibh, agus go seolfaidh sibh ar aghaidh mé, tar a éis dom mo shásamh le tamall ’n‐bhur gcuideachtain) —
25
acht anois is ag triall ar Iarúsalem atáim, ag freastal ar na naomhaibh.
26
Óir ba toil le muinntir na Maiceadóine agus na Gréige cómh‐roinn do dhéanamh leis na bochtaibh atá i measc na naomh i nIarúsalem.
27
Do bhí fonn mór ortha é sin do dhéanamh, mar bhíodar i bhfiachaibh aca. Óir má bhí na Cineadhaigh rannpháirteach leo i neithibh spioradálta, ba cheart dóibh cabhrú leo i neithibh saoghalta.
28
Mar sin de, chómh luath is bhéas sin déanta agam, agus na bronntanais sin tabhartha agam dóibh, tiocfaidh mé chugaibh san tslighe dhom fá dhéin na Spáinne.
29
Agus nuair thiocfad, atáim cinnte go dtiocfad le lán‐bheannacht Chríost.
30
Anois, a bhráithre, impidhim oraibh, i n‐ainm ár dTighearna Íosa Críost, agus as ucht grádha an Spioraid, cuidiú liom‐sa ag guidhe chum Dé ar mo shon;
31
chum go saorfar mé ó’n dream i nIúdaea atá dí‐chreidmheach, agus chum go dtaithneochaidh mo sheirbhís do Iarúsalem leis na naomhaibh;
32
chum go dtiocfad chugaibh le h‐áthas, de dheoin Dé, agus go bhfaighead suaimhneas mar aon libh.
33
Anois, go raibh Dia na síothchána agaibh go léir. Amén.
← Chapter 14
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 16 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8
9
10
11
12
13
14
15
16