bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
/
Romans 13
Romans 13
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
← Chapter 12
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 14 →
1
Bíodh gach duine umhal do lucht árd‐ughdaráis: óir ní fhuil ughdarás ann nach ó Dhia tháinig sé; agus ba é Dia do chuir ar bun iad‐san atá ann.
2
D’á bhrigh sin, cibé duine chuireas i n‐aghaidh an ughdaráis, is ag cur i n‐aghaidh órduighthe Dé atá sé: agus na daoine chuireas ’n‐a aghaidh, glacfaidh siad daoradh chuca féin.
3
Óir ní baoghal ar bith do lucht an déigh‐ghnímh na riaghlóirí, acht do lucht an droch‐ghnímh. Arbh mhian leat bheith gan eagla roimh an duine ughdarásach? déan an déigh‐ghníomh, agus do‐gheobhaidh tú molad d’á chionn;
4
óir is seirbhíseach Dé chum do leasa é. Acht má ghníonn tú an t‐olc, bíodh eagla ort; óir ní i n‐aisce iomcharas sé an claidheamh: óir is seirbhíseach Dé é chum díoghaltas d’agairt ar an té chleachtas an t‐olc.
5
Uime sin ní foláir dhuit bheith umhal, ní h‐é ar son na díbheirge amháin, acht ar son coinsiais.
6
Ar an adhbhar sin is eadh íocas sibh cáineacha, óir is iad na h‐oifigí seirbhísigh Dé, agus is leis an ngnó so go díreach do‐ghní siad a ndícheall i gcómhnaidhe.
7
Tabhraidh a cheart féin do’n uile dhuine: cáin do’n té d’ar dual cáin; cíos do’n té d’ar dual cíos; ómós do’n té d’ar dual ómós; ónóir do’n té d’ar dual onóir.
8
Ná bíodh fiacha ag aon duine oraibh, acht amháin an grádh is ceart bheith agaibh d’á chéile: óir an té go bhfuil grádh d’á chómharsain aige, tá an dlighe cóimhlíonta aige.
9
Óir na h‐aitheanta so, Ná déan adhaltrannas, Ná déan goid, Ná déan sainnt, agus gach aithne eile, atáid uile cómhairimhthe fá bhrigh an bhriathair seo, Grádhóchair do chómharsa mar grádhuighir thú féin.
10
Ní dhéanann an grádh olc do’n chómharsain: d’á bhrigh sin is é an grádh cóimhlíonadh an dlighe.
11
Agus is eol daoibh an aimsear atá ann fá láthair, gur mithid dúinn dúiseacht ó’n suan: óir atá an slánughadh níos giorra dhúinn ’ná bhí nuair chreideamar ar dtús.
12
Atá an oidhche imthighthe, nach mór, atá an lá chugainn: cuirimís dínn gníomhartha an dorchadais, agus cuirimís umainn éide an tsolais.
13
Siubhlaimís go cneasta mar bhéadh an lá ann; ní h‐é le ragairne agus le meisce, ní h‐é le drúis agus le h‐ainmhiantaibh, ná le bruighin agus le formad.
14
Acht cuiridh umaibh an Tighearna Íosa Críost, agus ná sanntuighidh mianta na colna, chum go ngéillfeadh sibh dóibh.
← Chapter 12
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 14 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8
9
10
11
12
13
14
15
16