bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
/
Romans 3
Romans 3
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
← Chapter 2
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 4 →
1
Créad atá ag an lúdach san mbreis, mar sin? nó créad é an tairbhe atá san timcheall‐ghearradh?
2
A lán mór ar gach slighe: i gcéadóir, gur leo‐san do taobhuigheadh briathra Dé.
3
Má tá féin go raibh cuid aca dí‐chreideamhach, an bhfágfaidh a n‐easbaidh creidimh fírinne Dé gan éifeacht?
4
Nár leigidh Dia sin: go n‐aithnightear Dia bheith fírinneach, acht an uile dhuine bheith bréagach; mar atá scríobhtha, Chum go bhfoillseochaidhe thú bheith ionnraic id’ bhriathraibh, Agus go mbuadhfá nuair béarfar breith ort.
5
Acht má nochtann ár n‐éagcóir fíréantacht Dé, créad adéarfaimíd? An bhfuil Dia éagcórach, ag éirghe chum feirge dhó? (ag labhairt ar nós na ndaoine atáim).
6
Nár leigidh Dia é: mar annsin cionnas bhéarfas Dia breith ar an saoghal?
7
Acht má leathnuigheann fírinne Dé cum a ghlóire de bhárr mo bhréige‐se, cad chuige a dtugtar breith orm‐sa mar pheacach ’n‐a dhiaidh sin?
8
Agus cad chuige dhúinn gan an t‐olc do dhéanamh chum go dtiocfadh maith as? (mar adeirtear go masluightheach ’n‐ár dtaobh, daoine áirithe g‐á rádh go n‐abraimíd é). Is ceart na daoine úd do chionntú.
9
Créad é, mar sin? An bhfuil an scéal níor fearr againn ’ná tá aca‐san? Ní fhuil ar chor ar bith; mar chruthuigheamar cheana go bhfuil an uile dhuine, lúdaigh agus Gréagaigh, fá chuing an pheacaidh;
10
mar tá scríobhtha, Ní fhuil aon duine fíréanta ann, ní fhuil duine amháin;
11
Ní fhuil duine tuigseanach ann, Ní fhuil duine loirgeas Dia;
12
Do chlaonadar uile, d’imthigheadar uile ó mhaith; Ní fhuil duine do‐ghní maith ann, ní fhuil oiread agus duine:
13
Is uaigh oscailte a scórnach; Do‐rinneadar feall le n‐a dteangthachaibh: Atá nimh nathrach fá n‐a bpusaibh:
14
Atá a mbéal lán d’eascainidhe agus de shearbhas:
15
Atá a gcosa go luath chum fuil do dhoirteadh;
16
Atá léirscrios agus an‐shógh ’na slighthibh;
17
Agus níor aithnigheadar slighe na síothchána:
18
Ní fhuil eagla Dé os cómhair a súl.
19
Anois, atá a fhios againn, cibé nidh adeir an dlighe, gur leis an dream atá fá’n dlighe adeir sí é; chum go ndúntar gach béal agus go dtugtar an domhan uile fá bhreitheamhnas Dé:
20
óir ní fíréanóchar duine ar bith ’n‐a fhiadhnaise tré oibreachaibh dlighe: óir is tré dhlighe thagas eolas an pheacaidh.
21
Acht anois, atá fíréantacht Dé do foillsigheadh taobh amuigh de’n dlighe, an dlighe agus na fáidhí mar fhiadhnaidhthibh uirthi:
22
is í sin fíréantacht Dé tré chreideamh i nÍosa Críost do na daoinibh chreideas; óir níl aon idirdhealbhadh ann;
23
óir do rinne an uile dhuine peacadh, agus atáid i n‐easbaidh glóire Dé;
24
acht fíréanuightear iad i n‐aisce tré n‐a ghrása, tríd an bhfuascladh atá le fágháil i nÍosa Críost:
25
an té do cheap Dia chum bheith ’n‐a chúiteamh tré chreideamh ’n‐a fhuil, chum a fhíréantacht d’fhoillsiú, ag déanamh neamh‐cháis de na peacaidhibh do bhí déanta roimhe sin, tré leor‐fhoighid Dé;
26
chum a fhíréantacht do nochtadh san am so atá de láthair: ionnas go mbéadh sé féin fírinneach, agus go bhfíréanóchadh sé an té chreideas i nÍosa.
27
Cia an t‐adhbhar maoidhmheachais atá ann, mar sin? Ní fhuil sé ceaduighthe. Ag cia an dlighe? Ag dlighe na h‐oibreach, an eadh? Ní h‐eadh, acht ag dlighe an chreidimh.
28
Óir measaimíd go bhfíréanuightear an duine tré chreideamh, gan baint le h‐oibreachaibh dlighe.
29
An é Dia Dia na n‐Iúdach amháin?
30
nach é Dia na gCineadhach é, chomh maith? Is é, is é Dia na gCineadhach é chomh maith: má’s fíor gur ab é an t‐aon Dia amháin a fhíréanóchas lucht an timcheall‐ghearrtha tré chreideamh, agus lucht an neamh‐thimcheall‐ghearrtha tré chreideamh.
31
Uime sin, an ag déanamh neamh‐nidh de’n dlighe tríd an gcreideamh atáimíd? Nár leigidh Dia é: is ag daingniú an dlighe atáimíd.
← Chapter 2
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 4 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8
9
10
11
12
13
14
15
16