bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
/
Romans 5
Romans 5
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
← Chapter 4
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 6 →
1
D’á bhrigh sin, ar mbeith fíréanuighthe dhúinn tré chreideamh, atá síothcháin againn le Dia tríd ár dTighearna Íosa Críost;
2
tré n‐a bhfuaramar, leis, slighe tré chreideamh chum an ghrása so ’n‐a bhfuil ár seasamh, agus atá gáirdeachas orainn ag súil le glóir Dé.
3
Agus thairis sin, is adhbhar mórtais dúinn ár gcathuighthe féin; agus a fhios againn go dtugann cathú foighid;
4
agus go dtugann foighid seasmhacht; agus go dtugann seasmhacht dóchas:
5
agus ní náirigheann an dóchas, de bhrigh go bhfuil grádh Dé doirtighthe ’n‐ár gcroidheachaibh tríd an Spiorad Naomh tugadh dhúinn.
6
Óir nuair bhíomar i n‐ísle bhrighe, fuair Críost bás i dtráth cóir ar son na neamh‐dhiadha.
7
Óir is ar éigean do‐gheobhadh duine bás ar son fíréanaigh: acht do b’fhéidir go mbéadh sé de chroidhe ag duine bás d’fhágháil ar son deagh‐dhuine.
8
Acht nochtann Dia an grádh atá aige féin dúinn, de bhrigh, ar mbeith dhúinn ’n‐ár bpeachachaibh, go bhfuair Críost bás ar ár son.
9
Uime sin is móide an fáth, ar mbeith fíréanuighthe dhúinn tré n‐a fhuil, go slánóchar sinn ó’n díbheirg thríd‐sean.
10
Óir, má rinneadh réidhteach idir sinn agus Dia tré bhás a Mhic, an tráth ’n‐a rabhamar ’n‐ár náimhdibh, is móide an fáth, ar mbeith do’n réidhteach sin déanta, go slánóchar sinn tré n‐a bheathaidh.
11
Agus ní h‐é sin amháin é, acht do‐ghnímíd gáirdeachas i nDia tríd ár dTighearna Íosa Críost, tré n‐a bhfuaramar an réidhteach sin.
12
Ar an adhbhar sin, fá mar tháinig an peacadh ar an saoghal tré dhuine amháin, agus an bás tríd an bpeacadh, ionnas go dtáinig an bás chum an uile dhuine, de bhrigh go raibh peacadh déanta ag an uile dhuine:
13
óir roimh theacht do’n dlighe do bhí peacadh san tsaoghal: acht ní áirmhthear peacadh gan dlighe bheith ann.
14
Acht cheana do bhí réimeas ag an mbás ó Ádhamh go Maois, ar na daoinibh féin nach ndearna peacadh mar rinne Ádhamh, atá ’n‐a shamhail do’n té do bhí le teacht.
15
Acht ní mar a chéile do’n tsaor‐bhronntanas agus do’n chionnta. Óir má’s de bhárr cionnta duine amháin fuair mórán bás, is mó ’ná sin go mór do mhéaduigh do mhórán grása Dé agus an bronntanas tré ghrása duine amháin, is é sin Íosa Críost.
16
Agus ní mar a chéile do’n bhronntanas agus d’á dtáinig tré chionnta duine amháin: óir tháinig an breitheamhnas tré chionnta duine amháin chum daortha, acht tháinig an saor‐bhronntanas thar éis a lán cionnta chum fíréanuighthe.
17
Óir má’s tré chionnta an aon duine amháin tháinig réimeas an bháis thrid an aon duine amháin; is mó ’ná sin go mór bhéas réimeas na beathadh thríd an aon duine amháin aca‐san do‐gheibheas leor‐ghrása líonmhar agus tabhartas na fíréantachta tríd an aon duine amháin, Íosa Críost.
18
Uime sin, díreach mar gur tré chionnta duine amháin tháinig an daoradh ar an uile dhuine; ar an gcuma chéadna is tré ghníomh duine amháin tháinig an fíréanú do‐bheir beatha do’n uile dhuine tré ghníomh fíréantachta amháin.
19
Óir fá mar rinneadh peacaigh d’á lán daoine tré easumhlacht duine amháin,
20
mar sin is eadh déanfar fíréanaigh d’á lán tré umhlacht duine amháin. Agus tháinig an dlighe isteach ’na dhiaidh sin chum go méadóchaidhe an cionntha. Acht san áit ’n‐ar mhéaduigh an peacadh, ba mó ’ná sin go mór do mhéaduigh an grása:
21
ar chuma, fá mar bhí réimeas an pheacaidh chum báis ann, gur ar an gcuma chéadna do bhéadh réimeas an ghrása tré fhíréantacht ann chum na beathadh síorraidhe tré Íosa Críost ár dTighearna.
← Chapter 4
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 6 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8
9
10
11
12
13
14
15
16