bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
/
Romans 11
Romans 11
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
← Chapter 10
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 12 →
1
Adeirim d’á bhrigh sin, Ar dhiúltuigh Dia d’á phobal? Nár leigidh Dia é. Óir is Israelíteach mé féin, duine de shliocht Abrachaim, de threibh Bheniamín.
2
Níor dhiúltuigh Dia d’á phobal d’aithin sé roimh ré. Nach eol daoibh briathra na Scrioptúra, mar tráchtar ar Élias? cionnas mar phléidh sé le Dia i n‐aghaidh Israel,
3
A Thighearna, atá t’fháidhí marbhtha aca, atá t’altóra leagtha aca: agus ní fhuil fágtha acht mise im’ aonar, agus táid ag sanntú m’anma.
4
Acht cia an freagra thug Diá air? D’fhágas seacht míle fear agam féin go fóill, fir nár lúb glún roimh Bháal.
5
Ar an gcuma chéadna sin, san am atá de láthair, atá fuighleach fágtha do toghadh tré ghrása.
6
Agus má’s tré ghrása é, ní tré oibreachaibh é a thuilleadh: nó ní bhéidh grása ’n‐a ghrása ’n‐a dhiaidh sin.
7
Créad eile? An nidh go bhfuil Israel ar a lorg, ní bhfuair sé é; acht fuair siad‐san do toghadh é, agus do cruaidheadh an chuid eile aca:
8
mar tá scríobhtha, Thug Dia spiorad trom‐shuain dóibh, súile gan radharc, agus cluasa gan éisteacht, go dti an lá so.
9
Agus adeir Dáibhí, Go ndéantar dol, agus gaiste d’á mbórd, Agus ceap tuislidh, agus díoghaltas dóibh:
10
Go ndalltar a súile, chum nach bhfeicidh siad, Agus cuir a ndromanna ar crom i gcómhnaidhe.
11
Adeirim, mar sin, Ar baineadh tuisleadh asta chum go dtuitfidís? Nár leigidh Dia é: acht de bhárr a dtuitme is eadh tháinig slánughadh chum na gCineadhach, chum Israel do ghríosadh chum éada.
12
Agus má’s saidhbhreas do’n tsaoghal a dtuitim‐sean ar gcúl, agus má’s é saidhbhreas na gCineadhach a laghdú‐san, nach móide go mór é a dteacht i gcrích?
13
Óir is libh‐se, a Chineadhacha, atáim ag labhairt, san méid gur mise abstal na gCineadhach, móruighim m’oifig:
14
d’fhéachain, má’s féidir dhom, ar chor ar bith, mo bhráithre do réir feola do bhrostú chum éada, agus cuid aca do shlánú.
15
Óir má’s é réidhteach an tsaoghail tháinig as diúltadh dhóibh, créad bhéas ann, má glactar leo athuair, acht beatha ó na marbhaibh?
16
Agus má tá an chéad chuid (de’n taois) naomhtha, atá an cnap uile naomhtha, agus má tá an fhréamh naomhtha, atá na géaga naomhtha mar an gcéadna.
17
Acht má tá cuid de na géagaibh briste, agus gur nóduigheadh thusa ’n‐a measc, ar mbeith dhuit id’ ola‐chrann fiadhain, rann‐pháirteach leo i bhfréimh agus i sugh an ola‐chrainn:
18
ná déan maoidhmheachas i n‐aghaidh na ngéag. Acht má ghníonn tú maoidhmheachas, ní tusa atá mar thaca leis an bhfréimh, acht is í an fhréamh atá mar thaca leat‐sa.
19
Adéarfaidh tú annsin, Do briseadh na géaga chum go nódóchaidhe mise isteach.
20
Is fíor sin: acht is de dheascaibh mí‐chreidimh do briseadh iad de, agus is tré chreideamh sheasas tusa. Ná bí mór‐dhálach, acht bíodh eagla ort:
21
óir munar spáráil Dia na géaga dúthchasacha, ní móide go spáráilfidh sé thusa.
22
Féach anois maitheas agus buirbe Dé; a bhuirbe do na daoinibh do thuit; acht a mhaitheas duit‐se, má chlaoidheann tú le n‐a mhaitheas: muna gclaoidheann, gearrfar thú dhe, mar an gcéadna.
23
Agus nódóchar iad‐san isteach, leis, muna gclaoidhid le mí‐chreideamh: óir atá ar chumas Dé iad do nódú isteach athuair.
24
Óir má gearradh thú d’ola‐chrann atá fiadhain de réir dúthchais, agus má nóduigheadh thú, i n‐aghaidh dúthchais, i n‐ola‐chrann maith; nach mó ’ná sin go mór nódóchar iad‐san, géaga dúthchasacha, ’n‐a n‐ola‐chrann féin?
25
Óir níorbh áil liom, a bhráithre, gan fios na rúindiamhaire seo bheith agaibh, ar eagla go n‐éireochadh sibh glic ’n‐bhur saobh‐thuairim féin, is é sin go bhfuil cruadhadh tagtha ar chuid de mhuinntir Israel, nó go dtagaidh an t‐iomlán de na Cineadhachaibh isteach;
26
ar chuma go slánóchar Israel ar fad: de réir mar tá scríobhtha, Tiocfaidh as Síon an Fuascaltóir: Tionntóchaidh sé neimhdhiadhacht ó Iácób:
27
Agus is é seo mo thiomna dhóibh, Nuair ghlanfad a bpeacaidhe dhíobh.
28
I dtaobh an tsoiscéil, atáid‐sean ’n‐a náimhdibh ar bhur son‐sa: acht i dtaobh an togha, atá grádh ag dul dóibh ar son na sinnsear.
29
Óir ní théigheann Dia siar ar a bhronntanaisibh agus ar a ghairm.
30
Mar an gcéadna bhí sibh‐se easumhal do Dhia roimhe seo, acht fuair sibh trócaire anois tré n‐a n‐easumhlacht‐san,
31
mar an gcéadna bhíodar‐san easumhal, chum go bhfaighdís trócaire de bhárr na trócaire tugadh dhaoibh‐se.
32
Óir do chuir Dia an uile dhuine i nglasaibh an mhí‐chreidimh, chum go ndéanfadh sé trócaire ar an uile dhuine.
33
Ó nach doimhin é saidhbhreas eagna agus eolais Dé! nach do‐rannsuighthe iad a bhreitheamhnachais, nach do‐lorgtha iad a shlighthe!
34
Cia h‐é go raibh eolas eagna an Tighearna aige? nó cia h‐é do bhí ’n‐a chómhairleoir aige?
35
Nó cia h‐é thug nidh ar dtús dó, agus go bhfaighidh sé cúiteamh d’á bhárr?
36
Óir is uaidh‐sean, agus is thríd‐sean atá an uile nidh ann. Aige‐sean go raibh an ghlóir go síorraidhe. Amen.
← Chapter 10
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 12 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8
9
10
11
12
13
14
15
16