bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
/
Romans 8
Romans 8
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
← Chapter 7
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 9 →
1
Ní fhuil damnú, d’á bhrigh sin, i ndán do na daoinibh atá i nÍosa Críost, nach siubhlann do réir na colna, acht do réir an Spioraid.
2
Óir do shaor dlighe Spioraid na beathadh i nÍosa Críost mé ó dhlighe an pheacaidh agus an bháis.
3
Óir an nidh nach raibh ar chumas do’n dlighe do dhéanamh, de bhrigh go raibh sé lag de bhárr laige na colna, do‐rinne Dia é nuair do chuir sé uaidh a Aon‐Mhac féin i gcosamhlacht colna peacamhla; is é sin, mar íodhbhairt ar son an pheacaidh, do dhamhnuigh sé an peacadh san cholainn,
4
chum go gcóimhlionfaidhe ar órduigh an dlighe ionnainne, nach siubhlann do réir na colna, acht do réir an spioraid.
5
Óir na daoine mhaireas do réir na colna bíonn meon colnaidhe aca: acht na daoine mhaireas do réir an spioraid bionn meon spioradálta aca.
6
Óir is ionann an meon colnaidhe agus an bás, acht is ionann an meon spioradálta agus an bheatha agus an tsíothcháin:
7
mar náimhdeas i n‐aghaidh Dé is eadh an meon colnaidhe; óir ní umhluigheann sé do dhlighe Dé, agus cheana, ní fhéadann sé umhlú:
8
agus ní féidir do’n dream mhaireas do réir na colna Dia do shásamh.
9
Acht ní do réir na colna mhaireas sibh‐se, acht do réir an spioraid, má’s fíor go gcómhnuigheann Spiorad Dé ionnaibh. Acht an duine nach bhfuil Spiorad Chríost ann, ní le Críost é.
10
Agus má tá Críost ionnaibh, atá an cholann marbh de bhárr an pheacaidh; acht is beatha an spiorad tré fhíréantacht.
11
Agus má chómhnuigheann Spiorad an té do thóg Íosa ó na marbhaibh ionnaibh, an té do thóg Íosa ó na marbhaibh beodhóchaidh sé bhur gcuirp sho‐mharbhtha mar an gcéadna tré n‐a Spiorad chómhnuigheas ionnaibh.
12
Ar an adhbhar sin, a bhráithre, ní do’n fheoil atáimíd fá fhiachaibh, chum go mairfimís do réir na feola:
13
óir má’s do réir na feola mhaireas sibh, is é an bás atá i ndán daoibh: acht má bhásuigheann sibh gníomhartha na colna le neart an Spioraid, mairfidh sibh beo.
14
Óir an méid daoine atá fá threorú Spioraid Dé, is iad clann Dé iad.
15
Óir ní fhuair sibh spiorad na daoirse chum bheith fá eagla arís: acht fuair sibh spiorad uchtcachta, tríd a nglaodhaimíd, Abbá, a Athair.
16
Do‐bheir an Spiorad féin a fhiadhnaise i n‐éinfheacht le n‐ár spiorad gur maicne Dé sinn: agus má’s maicne sinn,
17
is oidhrí sinn, leis, agus is cómh‐oidhrí le Críost sinn: má’s fíor go bhfulaingmíd i n‐éinfheacht leis, chum go mbéimís páirteach leis ’n‐a ghlóir.
18
Óir measaim‐se nach fiú an méid fhulaingmíd fá láthair do chur i gcóimheas leis an nglóir foillseochar ionnainn.
19
Mar tá ar cruthuigheadh ag fuireach go fonnmhar ar thaidhbhsiú maicne Dé.
20
Óir do cuireadh ar cruthuigheadh fá réimeas an bhaosraidh, ní h‐é d’á shaor‐thoil féin é, acht mar gheall ar an té do chuir fá smacht é,
21
le súil go saorfar gach ar cruthuigheadh ó bhraighdeanas na truailleachta chum saoirse glóire maicne Dé.
22
Óir atá a fhios againn go bhfuil ar cruthuigheadh ag osnaighil go dtí an uair seo fá thinneas cloinne.
23
Agus ní h‐é sin amháin é, acht sinne, mar an gcéadna, go bhfuil an Spiorad mar chéad‐toradh againn, bímíd ag osnaighil ionnainn féin, ag fuireach ar an uchtcacht, is é sin fuascladh ár gcorp.
24
Óir is i ndóchas do saoradh sinn: acht ní dóchas an dóchas do‐chítear: óir cad chuige a mbéadh dóchas ag an duine chum an nidh do‐chí sé?
25
Acht má bhíonn dóchas againn chum an nidh nach bhfeicimíd, bímíd ag fuireach go foighdeach air.
26
Ar an gcuma chéadna bíonn an Spiorad ag cuidiú linn ’n‐ár n‐anbhfainne: mar ní bhíonn a fhios againn créad ba cheart dúinn d’iarraidh, agus sinn ag guidhe: acht do ghní an Spiorad féin eadarghuidhe ar ár son le h‐osnaighil do‐inniste.
27
Agus an té scrúduigheas croidheacha, is eol dó aigne an Spioraid, mar ghní sé eadarghuidhe ar son na naomh do réir tola Dé.
28
Agus atá a fhios againn go gcómhoibrigheann gach uile nidh chum maitheasa do na daoinibh a bhfuil grádh do Dhia aca, do na daoinibh sin fuair gairm do réir a chuspóra.
29
Óir na daoine do réamh‐aithnigh sé, do réamh‐oirdnigh sé iad, chum go mbéadh siad cosmhail le h‐íomháigh a Mhic, chum go mbéadh seisean ’n‐a chéid‐ghein i measc mórán bráithreach.
30
Agus an méid díobh do réamh‐oirdnigh sé, do ghlaodh sé iad mar an gcéadna: agus an méid do ghlaodh sé, d’fhíréanuigh sé iad: agus an méid d’fhíréanuigh sé, do ghlóirigh sé iad mar an gcéadna.
31
Créad adéarfaimíd annsin i dtaobh na neithe sin? Má tá Dia i bpáirt linn, cia bhéas ’n‐ár n‐aghaidh?
32
An té nár spáráil a Mhac féin, acht thug suas ar son an uile dhuine againn é, nach mbronnfaidh sé gach uile nidh orainn i n‐éinfheacht leis?
33
Cia h‐é chuirfeas cúis ar mhuinntir thoghtha Dé? Is é Dia fhíréanuigheas: cia h‐é dhaorfas?
34
Fuair Críost bás, nó, dob fhearr a rádh, d’aiséirigh sé, agus atá sé ar dheasláimh Dé, agus do‐ghní sé eadarghuidhe ar ár son.
35
Cia h‐é scarfas ó ghrádh Chríost sinn? An ndéanfaidh anacair é, nó aingceis, nó géirleanmhain, nó gorta, nó lomnochtacht, nó contabhairt, nó claidheamh.
36
Mar tá scríobhtha, Ar do shon‐sa is eadh marbhthar sinn ar feadh an lae, Meastar sinn mar bhéadh caoirigh fá chómhair an bhróithighe.
37
Acht cheana, ins na neithibh sin go léir atáimíd thar a bheith bhuadhach de bhárr an té thug grádh dhuinn.
38
Óir atáim dearbhtha nach bhféadfaidh bás, ná beatha, ná aingle, ná cumhachta, ná neithe atá ann, ná neithe atá le teacht,
39
ná áirde, ná doimhneacht, ná rud ar bith eile d’ár cruthuigheadh, nach bhféadfaidh siad sinn do scaramhain ó’n ngrádh atá ag Dia dhúinn i nÍosa Críost ár dTighearna.
← Chapter 7
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 9 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8
9
10
11
12
13
14
15
16