bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
/
Romans 7
Romans 7
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
← Chapter 6
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 8 →
1
Nach bhfuil a fhios agaibh, a bhráithre, (ag labhairt leo‐san go bhfuil eolas an dlighe aca atáim), go mbíonn duine fá chumhacht dlighe a fhad agus bhíos sé beo?
2
Óir an bhean go bhfuil fear aici atá sí ceangailte d’á fear do réir dlighe chómh fada agus atá seisean beo, acht má éagann a fear, atá sí scaoilte ó’n dlighe do cheangail le n‐a fear í.
3
Uime sin, má tá sí pósta le fear eile, a fhad agus atá a fear beo, glaodhfar ban‐adhaltrannach uirthi; acht má tá a fear marbh, atá sí scaoilte ó’n dlighe sin: ar mhodh nach ban‐adhaltrannach í, má tá féin go bhfuil sí pósta le fear eile.
4
Ar an gcuma sin, a bhráithre, atá sibh‐se marbh do’n dlighe tré chorp Chríost; chum go mbéadh sibh ceangailte do dhuine eile, is é sin do’n té do tógadh ó na marbhaibh, chum go dtiubhraimís toradh do Dhia.
5
Óir nuair bhíomar fá réimeas na colna, na h‐ainmhianta peacamhla do bhí d’ár mbrostú ag an dlighe, do bhídís ag oibriú ’n‐ár mballaibh chum go dtiubhraidís toradh do’n bhás.
6
Acht anois atáimid saor ó’n dlighe, ar mbeith marbh dúinn do’n dlighe ag a mbíodh greim orainn; ar mhodh, nach do réir sean‐scríbhinne do‐ghnímíd seirbhís, acht do réir spioraid úr‐nua.
7
Créad adéarfaimíd, mar sin? An peacadh an dlighe? Nár leigidh Dia é. Acht muna mbéadh an dlighe, ní bhéadh eolas ar pheacadh agam: óir ní bhéadh eolas agam ar an sainnt, muna mbéadh go ndubhairt an dlighe, Ní dhéanfair sainnt.
8
Acht fuair an peacadh faill orm thríd an aithne, gur spreag sé an uile shórt sainnte ionnam: óir taobh amuigh de’n dlighe do bhí an peacadh marbh.
9
Do mhairinn‐se beo, tráth, taobh amuigh de’n dlighe: acht le teacht na h‐aithne, d’aithbheodhuigh an peacadh, agus do chuadhas‐sa i n‐éag,
10
agus an aithne úd, do bhí ann chum beatha do thabhairt, fríth gurbh adhbhar báis damh‐sa í:
11
óir fuair an peacadh faill orm, tríd an aithne, gur mheall sé me go mór, agus gur mharbhuigh sé mé.
12
D’á bhrigh sin, atá an dlighe naomhtha, agus atá an aithne naomhtha, agus fírinneach, agus maith.
13
An nidh atá maith ann féin, an amhlaidh do bhí sé ’n‐a adhbhar báis damh‐sa? Nár leigidh Dia é! Acht do bhí an peacadh, chum go bhfeicfidhe go soiléir gur peacadh é, ag tabhairt báis dom thríd an nidh maith; chum go mbéadh an peacadh an‐pheacamhail go deo.
14
Óir atá a fhios againn go bhfuil an dlighe spioradálta, acht atáim‐se colnaidhe, díolta leis an bpeacadh.
15
Óir an nidh do‐ghním ní fhuil a fhios agam chréad é: mar ní h‐é an nidh is mian liom do‐ghním; acht an nidh is gráin liom is é do‐ghním.
16
Acht má’s é an nidh nach mian liom do‐ghnímh, admhuighim gur maith é an dlighe.
17
D’á bhrigh sin, ní mise feasta do‐ghní é, acht an peacadh longuigheas ionnam.
18
Óir atá a fhios agam nach longuigheann deagh‐nidh ar bith ionnam‐sa, is é sin im’ cholainn: óir is toil liom de ghnáth an deagh‐nidh do dhéanamh, acht ní fhuil ar chumas dom an deagh‐nidh do chur i ngníomh.
19
Óir an mhaith ba mhian liom do dhéanamh, ní dhéanaim é, acht an t‐olc nár mhian liom do dhéanamh is é do‐ghním.
20
Acht má ghním an nidh nach toil liom, ní mise do‐ghní é annsin, acht an peacadh longuigheas ionnam.
21
Do‐gheibhim ionnam an dlighe, mar sin, nuair ba mhian liom an mhaith do déanamh, gur ab é an peacadh chómhnuigheas ionnam.
22
Óir taithneann dlighe Dé liom im’ anam istigh:
23
acht chím dlighe eile im’ bhallaibh, ag cur i gcoinnibh dlighe m’intinne, agus gam’ thabhairt i mbraighdeanas fá dhlighe an pheacaidh atá im’ bhallaibh.
24
Mo léan! nach mise an duine truagha! Cia fhuasclóchas ó chorp so an bháis mé?
25
Do‐bheirim buidheachas do Dhia tré Íosa Críost ár dTighearna. Uime sin, do‐ghním seirbhís do Dhia le m’intinn; acht do dhlighe an pheacaidh lem’ cholainn.
← Chapter 6
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 8 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8
9
10
11
12
13
14
15
16