bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
/
Romans 2
Romans 2
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
← Chapter 1
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 3 →
1
D’á bhrigh sin atáir gan leithscéal, a dhuine, cibé cia thú, do‐bheir breith: óir ag breith breithe ar dhuine eile dhuit, daorann tú thú féin; mar tusa do‐bheir breith, cleachtann tú na neithe céadna sin.
2
Agus atá a fhios againn go bhfuil breitheamhnas Dé do réir na fírinne i n‐agaidh na ndaoine chleachtas neithe d’á leithéidibh.
3
Agus an measann tú, a dhuine, do‐bheir breith ar an dream chleachtas a leithéidí, agus tú féin g‐á ndéanamh, go n‐éileochaidh tú ó bhreitheamhnas Dé?
4
Nó an beag is fiú leat saidhbhreas a mhór‐mhaitheasa agus a fhad‐fhulaing agus a fhoighde, gan a fhios agat gur ab é maitheas Dé atá gad’ tharraing chum aithreachais?
5
Acht do réir do dhúine agus do chroidhe aindiuidigh atáir ag cur feirge i dtaisce dhuit féin fá chómhair lae na dibheirge, nuair foillseochar ceart‐bhreitheamhnas Dé:
6
bhearfas do gach duine do réir a ghníomhartha:
7
an bheatha shíorraidhe do’n dream loirgeas glóir agus onóir agus do‐mharbhthacht, ag leanmhaint go foighdeach do dheagh‐ghníomharthaibh:
8
acht do’n dream ata ceanndána, nach n‐umhluigheann do’n fhírinne, acht umhluigheas do’n éigceart,
9
fearg agus buile, anacair agus crádh do gach anam daonna do‐ghní an t‐olc, do’n lúdach ar dtús, agus do’n Ghréagach mar an gcéadna;
10
acht glóir agus onóir agus síothcháin do gach aoinneach do‐ghní an mhaith, do’n lúdach ar dtús, agus do’n Ghréagach mar an gcéadna;
11
óir ní fhuil meas ag Dia ar phearsain duine seachas a chéile.
12
Óir an méid daoine do rinne peacadh gan dlighe, is gan dlighe caillfear iad; agus an méid daoine do rinne peacadh, agus iad fá dhlighe, is do réir dlighe béarfar breith ortha:
13
óir ní h‐iadh lucht éistighthe an dlighe atá fíréanta i bhfiadhnaise Dé, acht is iad lucht cleachtuighthe an dlighe fíréanóchar:
14
óir na Cineadhaigh, nach bhfuil dlighe aca, nuair do‐ghní siad as a nádúir féin an nidh órduigheas an dlighe, gidh nach bhfuil dlighe aca féin, atáid ’n‐a ndlighe dhóibh féin:
15
de chionn go nochtann siad brigh an dlighe bheith scríobhtha ar a gcroidheachaibh, a gcoinsias mar fhiadhnaidhe dhóibh, agus a smaointe g‐á gcionntú,
16
nó g‐á gcosaint; san ló ’n‐a dtiubhraidh Dia breith ar rúnaibh na ndaoine, tré Íosa Críost, do réir mo shoiscéil‐se.
17
Acht má tá ainm lúdaigh ort, agus má’s ar an dlighe atá do sheasamh, agus má mhaoidheann tú as Dia,
18
agus má’s eol duit a thoil, agus má fhromhann tú an cúrsa is fearr, agus má fuair tú teagasc ó’n dlighe,
19
agus má tá tú dearbhtha go bhfuilir féin id’ threoraidhe do lucht daille, id’ sholas do’n dream atá i ndorchadas,
20
id’ oide do lucht dith‐céillidhe, id’ mhúinteoir do leanbhaibh, toisc múnla an eolais agus na fírinne bheith agat san dlighe;
21
tusa mhúineas duine eile, an é nach múineann tú thú féin? tusa sheanmóireas gan goid do dhéanamh, an ndéanann tú féin goid?
22
tusa adeir nach ceart do’n duine adhaltrannas do dhéanamh, an ndéanann tú féin adhaltranas? túsa go bhfuil fuath d’íodhalaibh agat, an ndéanann tú slad i dteamplaibh?
23
tusa mhaoidheas as an dlighe, an dtugann tú easonóir do Dhia tré bhriseadh an dlighe?
24
Óir atá ainm Dé d’á mhasladh i measc na gCineadhach mar gheall oraibh‐se, mar tá scríobhtha.
25
Óir atá tairbhe san timcheall‐ghearradh má choimheádann tú an dlighe: acht má bhriseann tú an dlighe, atá do thimcheall‐ghearradh ’n‐a neamh‐thimcheall‐ghearradh agat.
26
D’á bhrigh sin, má choimheádann an duine neamh‐thimcheall‐ghearrtha a bhfuil órduighthe san dlighe, nach n‐áirmhfear a neamh‐thimcheall‐ghearradh mar thimcheall‐ghearradh dhó?
27
agus an té atá neamh‐thimcheall‐ghearrtha do réir nádúire, má choimheádann sé an dlighe, nach dtiubhraidh sé breitheamhnas ort‐sa bhriseas an dlighe, agus scribhinn an dlighe agus an timcheall‐ghearrtha agat?
28
Óir ní fír‐lúdach an duine atá ’na lúdach ar an taobh amuigh, agus ní thimcheall‐ghearradh é sin atá ar an taobh amuigh de’n cholainn;
29
acht is é an fír‐lúdach an té atá ’n‐a lúdach san taobh istigh; agus is é an fír‐thimcheall‐ghearradh timcheall‐ghearradh an chroidhe, do réir an spioraid, ní do réir na scribhinne; an té nach molann daoine é, acht go molann Dia é.
← Chapter 1
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 3 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8
9
10
11
12
13
14
15
16