bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
/
Romans 12
Romans 12
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
← Chapter 11
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 13 →
1
Impidhim oraibh, a bhráithre, d’á bhrigh sin, as ucht trócaire Dé, bhur gcuirp do thairgsin mar bheoíodhbairt naomhtha thaithneamhach do Dhia, mar is gníomh adhartha réasúnta agaibh é.
2
Agus ná géillidh do nósaibh an tsaoghail seo: acht athruightear sibh tré athnuadhadh bhur n‐aigne, chum go bhfromhfaidh sibh toil Dé, atá maith, agus taithneamhach, agus diongbhálta.
3
Óir adeirim, thríd an ngrása tugadh dhom, le gach duine ’n‐bhur measc, gan meas níos áirde ’ná ba chóir do bheith aige air féin, acht machtnamh stuamdha do déanamh, do réir mar roinn Dia ar gach duine a mhiosúr féin de chreideamh.
4
Óir fá mar tá a lán ball i n‐aon chorp amháin, agus nach aon ghnó amháin a bhíos ag na ballaibh uile;
5
mar sin dúinne, agus a lán againn ann, is aon chorp amháin i gCríost sinn, agus is baill d’á chéile sinn uile.
6
Uime sin, ó thárla tíodhlaicthe ar leith bheith againn, de réir cuimse an ghrása tugadh dhúinn, má’s fáidheadóireacht é, déanaimís do réir ár gcreidimh í;
7
nó má’s seirbhís é, cromaimís ar ár seirbhís; nó an té do‐bheir teagasc, luigheadh sé isteach ar a theagasc;
8
nó an té bhrostuigheas, tabhradh sé aire d’á bhrostúghadh; an té roinneas, déanadh sé go fial é; an té riaghluigheas, déanadh sé le dúthracht é; an té do‐ghní trócaire, déanadh sé le ríméad í.
9
Bíodh bhur ngrádh gan ceilg. Bíodh fuath agaibh do’n olc; claoidhidh leis an gceart.
10
Le teas‐ghrádh bráthardha bíodh an‐chion agaibh ar a chéile; gach duine agaibh ag géilleadh d’á chéile i gcúrsaibh onóra;
11
gan bheith fallsa i ndúthracht; bheith díoghraiseach i spiorad; ag déanamh seirbhíse do’n Tighearna;
12
ag déanamh gáirdeachais i ndóchas; go foighdeach fá ghéirleanmhain;
13
go seasmhach san urnaighe; ag cabhrú leis na naomhaibh ’n‐a riachtainisibh; ag cleachtadh na féile.
14
Tabhraidh beannacht do na daoinibh do‐ghní géirleanmhain oraibh; tabhraidh beannacht agus ná tabhraidh mallacht.
15
Déanaidh gáirdeachas leis na daoinibh do‐ghní gáirdeachas; déanaidh gol leis na daoinibh do‐ghní gol.
16
Bídhidh ar aon intinn le chéile. Ná bidhidh árd‐aidhmeannach, acht déanaidh muinnteardhas leis na daoinibh atá umhal. Ná bidhidh glic ’n‐bhur dtuairim féin.
17
Ná cúitighidh an t‐olc i n‐éiric an uilc le duine ar bith. Loirgidh na neithe atá uasal i bhfiadhnaise an uile dhuine.
18
Má’s féidir é, san méid bhaineas libh féin, cómhnuighidh go síothchánta leis an uile dhuine.
19
Ná h‐agraidh díoghaltas, a cháirde ionmhaine, acht leigidh d’fheirg Dé: óir, atá scríobhtha, Is liom‐sa an díoghaltas; is mise chúiteochas, adeir an Tighearna.
20
Acht má bhíonn ocras ar do námhaid, tabhair nidh le n’ithe dhó; má bhíonn tart air, tabhair deoch le n’ól dó: g‐á dhéanamh sin duit, béidh tú ag carnadh gríosaighe ar a cheann.
21
Ná leig do’n olc buaidh do bhreith ort, acht beir‐se buaidh ar an olc le maitheas.
← Chapter 11
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 13 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8
9
10
11
12
13
14
15
16