bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
/
1 Corinthians 1
1 Corinthians 1
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 2 →
1
Mise Pól, a fuair an ghairm le toil Dé le bheith i mʼaspal ag an gCríost, ag Íosa, mise agus ár mbráthair Sóstenés.
2
Chuig an eaglais is le Dia atá i gCoraint, chuig an dream atá naomhaithe in Íosa Críost, a bhfuil gairm acu le bheith ina naoimh maraon leis na daoine uile san uile áit a bhíos ag glaoch ar ainm ár dTiarna Íosa Críost, atá ina Thiarna acu mar atá againne:
3
Grásta chugaibh agus síocháin ó Dhia ár nAthair agus ón Tiarna Íosa Críost:
4
Bím i gcónaí ag tabhairt buíochais do Dhia ar bhur son as grásta Dé a tugadh daoibh sa Chríost, in Íosa,
5
as an saibhreas a bhí agaibh ann san uile urlabhra agus eolas—
6
na nithe sin lenar daingníodh eadraibh an fhianaise do Chríost—
7
ar mhodh nach bhfuil aon tíolacadh spioradálta in easnamh oraibh, agus sibh ag fanacht go dtí go nochtar ár dTiarna Íosa Chríost;
8
an té a dhaingneoidh sibhse go deireadh, go mbí sibh gan choir i lá ár dTiarna Íosa Críost.
9
Is dílis é Dia, a ghlaoigh oraibh chun comaoineach lena Mhac, Íosa Críost ár dTiarna.
10
Impím oraibh, a bhráithre, trí ainm ár dTiarna Íosa Críost, bheith go léir ar aon fhocal, gan easaontais eadraibh, ach ag cur le chéile agus an intinn chéanna agus an breith-iúnas céanna agaibh.
11
Mar tá tuarascáil agam ó mhuintir Chlóé go mbíonn clampar eadraibh, mo bhráithre.
12
Is é atá á rá agam go mbíonn gach uile dhuine agaibh á rá, “Is le Pól mise,” nó “Is le hApollós mise,” nó “Is le Céfas mise,” nó “Is le Críost mise.”
13
An mbíonn Críost á roinnt i gcodanna? Ar céasadh Pól ar chrois ar bhur son? Nó an in ainm Phóil a baisteadh sibh?
14
Bím buíoch nár bhaist mé aon duine agaibh amach ó Chrispus agus Ghaius;
15
ar eagla go ndéarfadh duine ar bith gur baisteadh sibh i mʼainmse.
16
(Is é rud, bhaist mé teaghlach Stefános lena chois sin. Níor bhaist mé aon duine thairis sin go bhfios dom.)
17
Ní le baisteadh a chuir Críost uaidh mé ach leis an soiscéal a sheanmóireacht, agus sin gan clisteacht chainte, ar eagla go mbainfí an chumhacht de chrois Chríost.
18
Mar níl i mbriathar na croise ach amaidí ag an dream atá i mbealach a mbasctha, ach againne, a bhíos dár slánú is é cumhacht Dé é.
19
Mar tá sé scríofa, “Scriosfaidh mé eagnaíocht na saoithe, agus cuirfidh mé clisteacht na gcleasaithe ar ceal.”
20
Cá bhfuil an saoi? Cá bhfuil an scríobhaí? Cá bhfuil an té a bhíos ag díospóireacht san aois seo? Nach bhfuil amaidí déanta ag Dia dʼeagnaíocht an tsaoil?
21
Mar nuair nár lig eagnaíocht Dé don saol eolas Dé a fháil trí eagnaíocht, ba é ba thoil le Dia an dream a chreideas a shlánú trí amaidí ábhar ár seanmóireachta.
22
Mar bíonn na Giúdaigh ag iarraidh comharthaí agus bíonn na Gréagaigh ar thóir na heagnaíochta,
23
ach bímidne ag seanmóireacht Chríost a céasadh ar chrois, a bhíos mar cheap tuislithe ag na Giúdaigh agus mar amaidí ag na Gintlithe,
24
ach a bhíos, don dream a fuair an ghairm, idir Ghiúdaigh agus Ghréagaigh, ina Chríost a bhfuil cumhacht Dé agus eagnaíocht Dé ann.
25
Mar is eagnaí ná daoine í amaidí Dé, agus is láidre ná daoine í laige Dé.
26
Smaoinígí mar sin ar bhur ngairm, a bhráithre; ní raibh mórán agaibh ina saoithe de réir chaighdeán an tsaoil seo, mar ní raibh cumhacht ag mórán agaibh, ní raibh mórán agaibh ina n-uaisle de réir folaíochta;
27
ach is é rud, thogh Dia a bhfuil ina ndaoithe i súile an tsaoil leis na saoithe a náiriú, thogh Dia a bhfuil lag cloíte i súile an tsaoil lena bhfuil láidir a náiriú,
28
thogh Dia a bhfuil go suarach agus faoi dhímheas i súile an tsaoil, agus go fiú nach bhfuil ann, leis na nithe atá ann a chur ar neamhní,
29
ionas nach mbeadh aon ábhar maíte ag aon dúil dhaonna i láthair Dé.
30
Is é Dia foinse bhur mbeatha sa Chríost, in Íosa, a bhfuil ár n-eagna agus ár bhfíréantacht agus ár naomhú agus ár slánú déanta ag Dia de;
31
agus dá bhrí sin de, mar atá scríofa, “An té a bhíos ag maíomh, bíodh sé ag maíomh as an Tiarna.”
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 2 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8
9
10
11
12
13
14
15
16