bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
/
1 Corinthians 5
1 Corinthians 5
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
← Chapter 4
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 6 →
1
Agus a rá is de go ndeirtear go bhfuil striapachas in bhur mease de chineál nach mbíonn le fáil i mease na bpágánach féin; is é rud, tá fear in aontíos le banchéile a athar.
2
Agus bród oraibh as! Nár chóir mairgneach ina ionad sin? Caitear as bhur gcuideachta an té a bhfuil a leithéid déanta aige.
3
Siúd is go bhfuilim as láthair ó chorp táim i láthair ó sprid, agus mar a bheinn i láthair, tá breithiúnas tugtha agam cheana
4
in ainm an Tiarna Íosa ar an bhfear a rinne an gníomh sin. Nuair a bhíos sibh cruinnithe, agus nuair a bhíos mo spridse i láthair, le cumhacht ár dTiarna Íosa,
5
tá oraibh an fear sin a ligean le Sátan chuig scrios na colainne, ionas go slánófar a sprid i lá an Tiarna Íosa.
6
Ní sona an maíomh sin agaibh. Nach feasach daoibh go n-imíonn beagán beag laibhín ar fud an chnap taois?
7
Glanaigí mar sin an seanlaibhín ionas go mbí cnap úmua taois ionaibh, ó tá sibh gan laibhín i ndáiríre. Mar tá íobairt déanta de Chríost, ár n-uan Cásca.
8
Bímis mar sin ag comóradh na féile, agus ní le seanlaibhín na hurchóide agus an oilc, ach le harán gan laibhín na dúthrachta agus na fírinne.
9
Scríobh mé chugaibh i mo litir ag fógairt daoibh gan aon bhaint a bheith agaibh le lucht na drúise;
10
ach níorbh iad a bhí i mo cheann lucht drúise ná lucht craois ná bithiúnaigh an tsaoil seo, ná lucht adhartha na n-íol, mar dá mbʼamh-laidh, chaithfeadh sibh imeacht as an saol ar fad.
11
Ach is é a bhí á scríobh agam ina ionad sin gan baint a bheith agaibh le haon duine a mbíonn ainm bráthar air má bhíonn sé ciontach i ndrúis nó i gcraos, nó má bhíonn sé ina adhraith-eoir íol, má chuireann sé míchlú ar dhaoine lena chaint, má bhíonn sé ina mheisceoir nó ina ghadaí—ní dhéanfaidh sibh oiread agus ithe ag aon bhord lena leithéid de dhuine.
12
Cad é an gnó atá agam ag tabhairt breithiúnais ar an dream a bhíos taobh amuigh? Nach ar an dream a bhíos taobh istigh den eaglais is cóir daoibh breithiúnas a thabhairt?
13
Tugann Dia breithiúnas ar an dream a bhíos taobh amuigh. “Díbrígí an coirpeach as bhur gcuideachta.”
← Chapter 4
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 6 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8
9
10
11
12
13
14
15
16