bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
/
1 Corinthians 14
1 Corinthians 14
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
← Chapter 13
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 15 →
1
Glacaigí an grá mar chuspóir, agus santaígí na tíolaicí spioradálta a bheith agaibh, go háirithe an fháidheadóireacht.
2
Mar an té a labhraíos i dteanga, ní le daoine ach le Dia a labhraíos sé mar ní thuigeann aon duine é, ach bíonn sé ag insint rúndiamhaire agus é sa Spiorad.
3
Ní hamhlaidh don té a bhíos ag fáidheadóireacht, is leis na daoine a labhraíos sé ag cur leo agus ag neartú leo agus ag tabhairt sóláis dóibh.
4
An té a labhraíos i dteanga déanann sé a leas féin, ach an té a bhíos ag fáidheadóireacht déanann sé leas na heaglaise.
5
Anois ba mhaith liom sibh uile a labhairt i dteangacha, ach bʼfhearr liom i bhfad go ndéanfadh sibh fáidheadóireacht. Is mó an té a bhíos ag fáidheadóireacht ná an té a bhíos ag labhairt i dteangacha, mura mbíonn duine éigin ann lena mhíniú, ionas go dté sé chun leasa don eaglais.
6
Anois, a bhráithre, má thagaim chugaibh agus mé ag labhairt i dteangacha, conas a dhéanfaidh mé bhur leas mura dtugaim liom chugaibh ní éigin mar thaispeáint nó eolas nó tairngreacht nó teagasc?
7
Má bhíonn go fiú na ngléasanna neamhbheo mar an fhideog nó an chláirseach gan nótaí soiléire a thabhairt uathu, conas is féidir le haon duine a aithint cad é an port a sheinntear?
8
Agus má thugann an stoc glór neamhshoiléir, cé a dhéanfas réidh chun catha?
9
Is mar an gcéanna daoibhse; má labhraíonn sibh caint nach bhfuil intuigthe i dteanga, conas a bheidh a fhios ag aon duine cad é atá á rá? Ní bheidh do chaint ach ag dul le gaoth.
10
Níl amhras nach bhfuil mórán teangacha de gach uile chineál sa domhan, agus gan teanga acu nach bhfuil ciall léi;
11
ach mura dtuigimse ciall na teanga, beidh mise i mo choimthíoch ag an té a labhraíos an teanga sin agus beidh seisean ina choimhthíoch agam.
12
Is mar an gcéanna daoibhse; má tá fonn oraibh an Spiorad a fheiceáil á thaispeáint, bígí ar bhur ndícheall le bua a bhreith ag cur leis an eaglais.
13
Dá bhrí sin de, ba chóir don té a labhraíos i dteanga a bheith ag guí cumas mínithe a bheith aige.
14
Mar má bhímse ag guí i dteanga, bíonn mo sprid ag guí, ach bíonn mʼintleacht neamhthorthúil.
15
Cad é is cóir dom a dhéanamh? Tá orm guí leis an sprid agus guí leis an intleacht freisin; bead ag gabháil ceoil leis an sprid agus bead ag gabháil ceoil leis an intleacht freisin.
16
Mar má bhíonn tú ag altú leis an sprid, conas is féidir le duine atá ina strainséir “Áiméan” a rá le dʼaltú buíochais nuair nach bhfuil fhios aige cad é atá á rá agat?
17
Mar is cuma cad é chomh maith agat a bhíonn dʼaltú, ní féidir leis an bhfear eile aon tairbhe a bhaint as.
18
Beirim buíochas le Dia go sáraím oraibh uile i labhairt teangacha;
19
ach ní fhágann sin nárbh fhearr liom nuair a bhím i gcruinniú eaglais Dé cúig fhocal a rá le mʼintinn a thabharfadh teagasc do dhaoine eile, ná deich mile focal a rá i dteanga.
20
A bhráithre, ná bígí leanbaí in bhur smaointe; bígí mar leanaí san ole, ach bígí in bhur ndaoine fásta in bhur smaointe.
21
Tá sé scríofa sa dlí, “Is le fir na dteangacha coimhthíocha agus trí bhéil na gcoigríoch a labhróidh mé leis an bpobal seo, agus san am sin féin ní éistfidh siad liom, a deir an Tiarna.”
22
Mar sin bíonn na teangacha ina gcomhartha do lucht an díchreidimh, agus ní do na creidmhigh, agus tá an fháidheadóireacht ann le haghaidh lucht an chreidimh agus ní le haghaidh na ndíchreid-mheach.
23
Mar sin, má thagann an eaglais uile le chéile agus labhraíonn i dteangacha, más rud é go dtagann strainséirí nó daoine díchreidmheacha isteach ann, nach ndéarfaidh siad go bhfuil sibh uile ar buile?
24
Ach má bhíonn sibh uile ag fáidheadóireacht, agus má thagann duine díchreid-mheach nó strainséir isteach, bíonn sibh uile á chiontú, bíonn sibh uile ag iarraidh cuntais air,
25
nochtar rúndiamhra a chroí; agus titfidh sé mar sin ar a bhéal, agus tabharfaidh sé adhradh do Dhia agus dearbhóidh sé go bhfuil Dia in bhur mease i bhfírinne.
26
Cad é a thiocfas as sin, a bhráithre? Nuair a chruinníos sibh le chéile, níl aon duine agaibh gan iomann, nó ceacht, nó taispeáint, nó teanga, nó míniú a bheith aige. Bíodh gach ní á dhéanamh mar is fearr a rachaidh chun tairbhe.
27
Má labhraíonn duine i dteanga, ná bíodh ann ach beirt nó triúr acu ar an gcuid is mó, agus gach duine acu ar a sheal; agus bíodh duine ann á míniú.
28
Ach mura mbíonn duine ann lena míniú, fanadh gach duine acu ina thost san eaglais agus labhraíodh sé Ieis féin agus le Dia.
29
Labhraíodh beirt nó triúr fáidh, agus measadh an chuid eile an ní a deirtear.
30
Má thugtar taispeáint do dhuine eile atá ina shuí lena thaobh, bíodh an chéad chainteoir ina thost.
31
Mar féadann sibh uile bheith ag fáidheadóireacht in bhur nduine agus in bhur nduine, ionas go gcluine an chuideachta uile agus go neartaítear leo;
32
agus bíonn na spridí atá sna fáithe faoi smacht na bhfáithe.
33
Mar ní Dia easordaithe é Dia ach Dia síochána. Mar is gnách in eaglaisí uile na naomh,
34
is cóir do na mná fanacht ina dtost sna cruinnithe eaglasta. Mar níl sé ceadmhach acu labhairt, ach a bheith faoi smacht, mar atá ráite sa dlí féin.
35
Má tá fonn orthu eolas a fháil ar ní ar bith, fiafraídís dá bhfir sa bhaile é. Mar is náireach an ní é bean ag caint i gcruinniú eaglasta.
36
Cad é atá le rá agaibh? An amach asaibh amháin a chuaigh briathar Dé ar dtús, nó an sibh an t-aon dream amháin ar tháinig sé chucu?
37
Más fáidh feasa nó saoi spioradálta aon duine dar leis féin, ba é a cheart a admháil gur aithne ón Tiarna an méid sin a bhfuil mé á scríobh chugaibh.
38
Agus mura n-aithníonn aon duine sin, ná glactar leis mar dhuine a bhfuil aithne air.
39
Mar sin, a bhráithre liom, bíodh tóir agaibh ar fháidhead-óireacht, agus ná crosaigí ar dhaoine labhairt i dteangacha;
40
ní lúide caithfear gach ní a dhéanamh go modhúil, ordúil.
← Chapter 13
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 15 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8
9
10
11
12
13
14
15
16