bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
/
1 Corinthians 2
1 Corinthians 2
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
← Chapter 1
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 3 →
1
Nuair a tháinig mé chugaibh, a bhráithre, níor tháinig mé chugaibh agus mé ag fógairt fhianaise Dé daoibh i mbriathra arda eagnaí.
2
Mar bhí de rún agam gan aon ní a aithint eadraibh ach Íosa Críost, agus é céasta.
3
Agus bhí mé agaibh agus mé lag cloíte critheaglach creathach;
4
agus gan mo chaint ná mo theachtaireacht a bheith i mbriathra mealltacha eagnaí, ach bhí an Spiorad agus an chumhacht á léiriú tríothu,
5
ionas nach seasfadh bhur gcreideamh ar an eagnaíocht dhaonna ach ar chumhacht Dé.
6
Ní fhágann sin nach mbímid ag dáileadh na heagna ar dhaoine aibí oilte, cé nach eagna í a bhíos ag an aois seo, nó ag uachtaráin na haoise seo, a bhfuil sé i ndán dóibh dul as.
7
Ach dáilimid eagna dhuibheagánach Dé, a dʼordaigh Dia roimh an saol uile lenár nglóiriú.
8
Ní raibh tuiscint air sin ag aon uachtarán dʼuachtaráin na haoise seo; mar dá mbeadh, ní dhéanfaidís Tiarna na glóire a chéasadh.
9
Ach, mar atá scríofa, “An ní nach bhfaca súil agus nár chuala cluas, agus an ní nár thuig croí an duine, an ní atá ullmhaithe ag Dia don dream a mbíonn grá acu dó,”
10
tá an ní sin nochta ag Dia dúinn tríd an Spiorad. Mar scrúdaionn an Spiorad gach aon ní, go dtí doimhneachtaí Dé.
11
Mar cé hé ar feasach dó smaointe duine ach amháin an sprid a bhíos sa duine sin? Mar an gcéanna ní thuigeann aon duine smaointe Dé ach Spiorad Dé amháin.
12
Anois níl glactha againn le sprid an tsaoil, ach leis an Spiorad is ó Dhia, ionas go dtuigimid na tíolaicí atá bronnta ag Dia orainn.
13
Agus bímid á dháileadh i mbriathra nár theagasc eagnaíocht dhaonna dúinn ach a bhíos á theagasc ag an Spiorad agus bímid ag míniú fírinní spioradálta do dhaoine a mbíonn an Spiorad acu.
14
An duine neamhspioradálta, ní ghlacann sé sin le tíolaicí Spiorad Dé, mar dar leis nach mbíonn ach amaidí iontu, agus ní bhíonn tuiscint aige orthu de bhrí go n-aith-nítear iad go spioradálta.
15
An duine spioradálta, bíonn sé ina bhreitheamh ar gach uile ní, gan aon duine a bheith ina bhreitheamh air.
16
“Cé hé sin a raibh fios intinn Dé aige, sa chaoi go bhféadfadh sé teagasc a thabhairt dó?” Ach is é rud, tá intinn Chríost againn.
← Chapter 1
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 3 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8
9
10
11
12
13
14
15
16