bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
/
1 Corinthians 9
1 Corinthians 9
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
← Chapter 8
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 10 →
1
Nach bhfuilim saor? Nach bhfuilim i mʼaspal? Nach bhfuil Íosa an Tiarna feicthe agam? Nach sibhse mo shaothar sa Tiarna?
2
Má chuirtear i gcás nach bhfuilim i mʼaspal do dhaoine eile, táim i mʼaspal daoibhse ar aon nós; mar tá sibhse mar shéala ar mʼaspaltacht sa Tiarna.
3
Sin a bhfuil le rá agam leis an dream a chuirfeadh féachaint orm.
4
Nach bhfuil ár gceart féin againn le haghaidh bia agus dí?
5
Nach bhfuil de cheart againn banchéile a dhul linn, mar a bhíos ag na haspail eile agus ag deartháireacha an Tiarna agus ag Céfas?
6
Nó an mise agus Barnabas amháin nach bhfuil de cheart againn staonadh ó bheith ag saothrú ár mbeatha?
7
Cé a liostálas mar shaighdiúir ar a chostas féin? Cé a chuireas fíonghort gan cuid dá thorthaí a ithe? Cé a thugas aire do thréad gan cuid dá bhainne a fháil?
8
An é nach bhfuil ach údarás daonna amháin agam leis an méid sin a rá? Nach ndeir an dlí an rud céanna?
9
Mar tá sé scríofa i ndlí Mhaois, “Ní chuirfidh tú féastrach ar an damh a bhíos ag satailt an arbhair.” An i dtaobh leis an eallach amháin atá Dia?
10
Nach bhfuil sé á rá sin mar mhaithe linne ar fad? Is mar mhaithe linne a scríobhadh é, as siocair gur cóir don treabhdóir treabhadh i ndóchas agus gur cóir don bhuailteoir bualadh i ndóchas a chuid féin den arbhar a fháil.
11
Má tá maitheas spioradálta curtha againn in bhur mease, an bhfuil sé iomarcach againn cuid de bhur sochar saolta a bhaint?
12
Má bhíonn an ceart sin le héileamh oraibh ag daoine eile, nach mó go mór is féidir linne a éileamh oraibh? Ach siúd is go bhfuil an ceart seo againn, níor bhaineamar aon fheidhm as, ach níl ní nach féidir linn a sheasamh sula gcuirimid aon chose i slí shoiscéal Chríost.
13
Nach feasach daoibh go bhfaigheann an dream a bhíos ag freastal sa teampall a mbia ón teampall, agus go bhfaigheann an dream a bhíos ag freastal ar an altóir a gcuid de na híobairtí?
14
Mar an gcéanna, tá sé ordaithe ag an Tiarna go bhfaighe an dream a chraobhscaoileann an soiscéal a mbeatha ón soiscéal.
15
Ach níl aon fheidhm bainte agamsa as na cearta seo, agus níl mé ag scríobh i ndúil le haon soláthar den sórt a fháil. Mar bʼfhearr liom bás a fháil ná aon duine mʼábhar maíte a bhaint díom.
16
Mar ní aon chúis mhaíte dom é má bhím ag seanmóireacht an tsoiscéil. Mar tá feidhm curtha orm. Is mairg dom é mura mbím ag seanmóireacht an tsoiscéil!
17
Más de mo dheoin féin a dhéanaim é, tá duais le fáil agam; ach más i mʼainneoin a dhéanaimse é, is ordú é a taobhaíodh liom lena chur i gcrích.
18
Cad é mar sin an duais atá le bheith agam? Níl ann ach an méid seo: an soiscéal athabhairt saor in aiscei mo sheanmóireacht, gan iomlán feidhme a bhaint as an gceart atá agam ón soiscéal.
19
Mar siúd is go bhfuilim saor ó na daoine uile, tá daor déanta agam díom féin don uile dhuine, go mbí a thuilleadh á mealladh agam.
20
Rinne mé Giúdach díom féin do na Giúdaigh, ionas go meallfainn na Giúdaigh; rinne mé díom féin duine mar a bheadh faoin dlí—cé nach bhfuilim féin faoin dlí—ionas go meallfainn an dream a bhíos faoin dlí.
21
Don dream a bhí taobh amuigh den dlí bhí mé mar dhuine a bheadh taobh amuigh den dlí—cé nach bhfuilim gan dlí orm i bhfianaise Dé ach faoi dhlí Chríost—ionas go meallfainn an dream atá taobh amuigh den dlí.
22
Bhí mé lag leis an dream a bhí lag ionas go meallfainn an dream atá lag. Bhí mé tuilleamaíoch le gach duine, mar dhúil is go slánóinn cuid acu ar chaoi ar bith.
23
Bím á dhéanamh sin uile mar mhaithe leis an soiscéal, ionas go raibh mé páirteach ina bheannachtaí.
24
Nach feasach daoibh go mbíonn na reathaithe uile páirteach i gcoimhlint reatha, ach nach bhfaigheann ach an t-aon duine amháin an duais? Rithigí sibhse ar dhóigh go bhfaighe sibh an duais.
25
Bíonn gach lúthchleasaí ag cur smachta air féin san uile short ní. Bíonn siadsan á dhéanamh chun go bhfaighe siad an chraobh a chríonas, ach bímidne á dhéanamh le craobh nach bhfeonn a fháil.
26
Mar sin ní bhím ag rith gan ceann cúrsa, ná ag domálaíocht mar dhuine a thabharfadh buillí don aer;
27
ach bím ag greadadh mo cholainne agus á cur faoi smacht ar eagla, i ndiaidh bheith ag seanmóireacht do dhaoine eile, go mbainfí mo cháilíocht díom féin.
← Chapter 8
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 10 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8
9
10
11
12
13
14
15
16