bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
/
1 Corinthians 13
1 Corinthians 13
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
← Chapter 12
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 14 →
1
Má labhraím ina bhfuil de theangacha ag an Ádhamhchlann agus ag na haingil, agus gan ghrá i mo chroí, níl ionam ach clog callánach nó ciombal clingeach.
2
Agus má tá cumhachtaí fáidheadóireachta agam, agus tuiscint gach rúndiamhaire agus gach eolais agam, agus iomlán creidimh agam agus cumas aige sléibhte a bhogadh, agus gan grá a bheith i mo chroí, níl ionam ach neamhní.
3
Má thugaim uaim a bhfuil agam, agus má thugaim mo chorp suas lena loscadh, mura bhfuil grá i mo chroí, ní tairbhe ar bith dom é.
4
Bíonn an grá go foighneach carthanach; ni bhíonn an grá éadmhar ná mórtasach;
5
ní bhíonn sé díomasach ná mímhúinte. Ní iarrann an grá a chomhairle féin; ní bhíonn sé confach ná díoltasach;
6
ní bhíonn sé lúcháireach faoin olc, ach lúcháireach faoin maith.
7
Bíonn acmhainn ag an ngrá ar na nithe uile, creideann an grá sna nithe uile, bíonn dóchas ag an ngrá as na nithe uile, fulaingíonn an grá na nithe uile.
8
Ní bhíonn deireadh leis an ngrá; ach na tairngreachtaí, rachaidh siad ar ceal; na teangacha, beidh deireadh leo; agus an t-eolas, rachaidh sé sin ar ceal.
9
Mar is neamhiomlán ár n-eolas agus is neamhiomlán ár dtairngreacht;
10
ach nuair a thiocfas an iomláine, rachaidh an neamhiomláine ar ceal.
11
Nuair a bhí mé i mo leanbh, bhínn ag labhairt mar leanbh, bhínn ag smaoineamh mar leanbh, agus ag plé mar leanbh; ach nuair a tháinig mé in aois fir, chuir mé na gnásanna leanbai díom.
12
Mar ní bhíonn againn anois ach amharc ceomhar i scáthán, ach san uair úd amharc-faimid ar ghnúis a chéile. Níl eolas iomlán agam anois; san uair úd beidh tuiscint iomlán agam, mar an tuiscint iomlán a cuireadh orm.
13
Mar sin bíonn na trí ní sin buanseasmhach, an creideamh, an dóchas, agus an grá; ach is é an grá is mó orthu.
← Chapter 12
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 14 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8
9
10
11
12
13
14
15
16