bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
/
1 Corinthians 8
1 Corinthians 8
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
← Chapter 7
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 9 →
1
Anois i dtaobh an bhia a bhítear á ofráil do dhéithe bréige: is feasach dúinn go bhfuil “eolas againn uile.” Séideann an “tEolas” le gaoth, ach cothaíonn an grá an croí.
2
Má fheictear do dhuine go bhfuil aon eolas aige, níl an t-eolas aige go fóill mar is cóir.
3
Ach má tá grá ag duine do Dhia, tá aithne ag Dia ar an duine sin.
4
Mar sin de, chomh fada agus a bhaineann le bia a bhíos á ofráil do dhéithe bréige, tá a íhios againn “nach bhfuil dia bréige ann go fíor,” agus “nach bhfuil ann ach an t-aon Dia amháin.”
5
Mar siúd is go bhfuil mórán ar neamh agus ar talamh atá in ainm a bheith ina ndéithe—mar tá mórán “déithe” agus mórán “tiamaí” ann—
6
ní lúide, níl againne ach an t-aon Dia amháin, an tAthair, a dtagann na nithe uile uaidh, agus a mairimid dó, agus níl ach an t-aon Tiarna amháin, Íosa Críost, a mbíonn na nithe uile ann tríd agus a mairimidne tríd.
7
Ní lúide, níl an t-eolas sin ag an uile dhuine. Tá dream ann, a itheas bia ionann is mar a ofráladh é dáiríre do dhia bréige, ó bhí siad cleachta le déithe bréige roimhe sin; agus truaillítear a gcoinsias siúd, trína laige.
8
Nílimid inmholta i súile Dé de thairbhe bia. Ní measaide sinn gan ithe, agus ní fearrde sinn ithe.
9
Ach bígí ar bhur n-aire ar eagla go mbeidh an ní atá ina shaoirse agatsa ina ábhar titime don duine lag.
10
Mar má íheiceann aon duine tusa, an fear a bhfuil an t-eolas aige, ina shuí ag bord i dteampall dia bréige, nach cosúil go ngríosfadh sé sin é, má tá a choinsias lag, le bia a ithe a ofráladh do dhéithe bréige?
11
Agus mar sin scriosann an t-eolas sin atá agat an duine lag seo, an bráthair a bhfuair Críost bás ar a shon.
12
Mar sin, tá peaca déanta agat in aghaidh do bhráithre, agus a gcoinsias gonta agat nuair a bhíos sé lag, agus tá peaca déanta agat in aghaidh Chríost.
13
Dá bhrí sin, má bhíonn an bia ina chúis titime do mo bhráthair, ní íosfaidh mé feoil choíche, ar eagla bheith i mo chúis titime do mo bhráthair.
← Chapter 7
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 9 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8
9
10
11
12
13
14
15
16