bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
/
1 Corinthians 16
1 Corinthians 16
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
← Chapter 15
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
1
Anois, i dtaobh an tsíntiúis le haghaidh na naomh: an ní a dʼordaigh mé dʼeaglaisí Ghalátia, is é a dhéanfas sibh freisin.
2
Ar an gcéad lá de gach seachtain, caithfidh gach duine agaibh rud éigin a chur i leataobh agus a chur i dtaisce, de réir an ratha a bhíos air, sa chruth nach mbeidh síntiúis á dtabhairt nuair a thagaim chugaibh.
3
Agus nuair a thiocfas mé, cuirfidh mé an dream a dtugann sibh litir chreidiúna dóibh amach le bhur mbronntanas a iompar leo go hlarúsailéim.
4
Má fheictear dom gur ceart dom dul ann freisin, rachaidh siad i mo chuideachta.
5
Tabhar-faidh mé cuairt oraibh tar éis dul tríd an Macadóin, mar tá sé curtha romham agam dul tríd an Macadóin,
6
agus dʼfhéadfainn bheith agaibh seal tamaill nó i rith an gheimh-ridh féin, sa chruth go bhféada sibh mé a chomóradh ar mʼaistear, cibé áit a dtéim.
7
Mar ní cuairt faoi dheifir atá uaim, ach tá dóchas agam tamall maith a chaitheamh libh, le deonú Dé.
8
Ach fanfaidh mé san Eiféis go Cincís,
9
mar tá doras leathan chun saothair éifeachtaigh ar oscailt romham, agus is iomaí duine ag cur i mʼéadan.
10
Nuair a thiocfas Timótéus, bígí cinnte a chur ar a shocracht in bhur mease, mar is í obair an Tiarna atá á déanamh aige, mo dhála féin.
11
Mar sin ná déanadh aon duine a bheag de. Soirbhígí a bhealach dó faoi shíocháin, sa chruth go bhfille sé orm; mar tá mé ag feitheamh leis agus leis na bráithre eile.
12
I dtaca lenár mbráthair Apollós, bhí mé ag agairt go dian air cuairt a thabhairt oraibh i gcuideachta na mbráithre eile, ach níorbh é a thoil ar chor ar bith teacht anois. Tiocfaidh sé nuair a bhíos faill aige.
13
Bígí faireach, seasaigí go daingean ar bhur gcreideamh, bígí mórmhisniúil láidir.
14
Déanaigí a ndéanann sibh go grách.
15
Anois, a bhráithre, is feasach daoibh gurb iad teaghlach Stefános an chéad bharr a baineadh in Acáia, agus gur thug siad iad féin do bheith ag freastal ar na naoimh;
16
agraim oraibh umhlú dá leithéidí agus do gach comhoibrí agus saothraí.
17
Tá lúcháir orm roimh Stefános agus Fortunátus agus Acaiacus, ó lion siad an ionad a dʼfhág sibh folamh;
18
mar thug siad aigne domsa agus daoibhse. Aithnígí fir atá mar iad.
19
Beannaíonn eaglaisí na hÁise daoibh. Beannaíonn Acuila agus Prisca agus an eaglais a bhíos ina dteach go croíúil daoibh sa Tiarna.
20
Beannaíonn na bráithre uile daoibh. Beannaígí dá chéile le naomh-phóg.
21
Mise, Pól, a scríobhas an beannú seo i lorg mo láimhe féin.
22
Aon duine nach mbíonn grá aige don Tiarna, bíodh sé ina dhíol mallachta. Tar, a Thiarna atá orainn!
23
Go raibh grásta an Tiarna Íosa libh.
24
Bíodh mo ghrá-sa libh uile sa Chríost, in Íosa. Áiméan.
← Chapter 15
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8
9
10
11
12
13
14
15
16