bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
/
1 Corinthians 12
1 Corinthians 12
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
← Chapter 11
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 13 →
1
Anois a bhráithre, ní maith liom sibh a bheith aineolach i dtaobh na dtíolaicí spioradálta.
2
Tá a fhios agaibh go raibh sibh do bhur seoladh ar seachrán siúil chuig déithe balbha bréige san am a raibh sibh in bhur bpágánaigh, is cuma cad é chomh mór leis an gcorraí a bhí fúibh.
3
Dá bhrí sin is maith liom go dtuigfeadh sibh nach ndeir aon duine “Mo mhallacht é Íosa!” atá ag labhairt faoi anáil Spiorad Dé agus nach féidir le haon duine a rá “Is é an Tiarna é Íosa” ach amháin tríd an Spiorad Naomh.
4
Anois tá éagsúlacht sna tíolaicí, ach tá an t-aon Spiorad amháin ann;
5
agus bíonn éagsúlacht sa tseirbhís a dhéantar ach is ionann an Tiarna;
6
agus bíonn éagsúlachtaí san oibriú, ach is é an t-aon Dia amháia a spreagas iad uile san uile dhuine.
7
Bronntar cumas léirithe an Spioraid ar gach duine mar mhaithe leis na daoine uile a chur ar a leas.
8
Tugtar tríd an Spiorad urlabhra na heagna do dhuine amháin, agus do dhuine eile urlabhra an eolais de réir an Spioraid chéanna,
9
tugtar creideamh do dhuine eile tríd an Spiorad céanna, agus tíolaicí an leighis do dhuine eile tríd an Spiorad céanna,
10
do dhuine eile cumas déanta míorúiltí, do dhuine eile fáidheadóireacht, do dhuine eile cumas na spridí a aithint ó chéile, do dhuine eile labhairt i dteangacha éagsúla, do dhuine eile cumas mínithe na dteangacha sin.
11
Bíonn siad seo uile á spreagadh tríd an t-aon Spiorad céanna amháin, agus é ag roinnt mar is toil leis le gach duine faoi leith.
12
Mar atá an t-aon chorp amháin ann agus an iomad ball air, agus mar atá na baill uile, dá méid, ina n-aon chorp amháin, is mar sin do Chríost.
13
Mar tríd an t-aon Spiorad amháin is aon chorp amháin tríd an mbaiste sinn— idir Ghiúdaigh agus Ghréagaigh, idir shaoir agus dhaoir— agus tugadh orainn an t-aon Spiorad amháin a ól.
14
Mar ní aon bhall amháin é an corp ach mórán acu.
15
Dá ndéarfadh an chos, “Ní den chorp mé ó nach lámh mé,” ní lúide a bheadh sí ina cuid den chorp.
16
Agus dá ndéarfadh an chluas, “Ó nach súil mé, ní den chorp mé,” ní lúide a bheadh sí ina cuid den chorp.
17
Dá mba shúil é an corp uile, cá mbeadh an éisteacht? Dá mba chluas é an corp uile cá mbeadh an boladh?
18
Ach mar atá, chóirigh Dia na baill sa chorp, an uile bhall acu, mar a thogair sé féin.
19
Dá mba aon bhall amháin iad, cá mbeadh an corp?
20
Mar atá, tá mórán codanna ann, ach tá aon chorp amháin ann.
21
Ní fhéadann an tsúil a rá leis an láimh, “Níl feidhm orm leat,” ná ní fhéadann an ceann a rá leis na cosa, “Níl feidhm orm libh.”
22
A athrach ar fad, is iad na codanna den chorp is mó a bhfuil cuma na laige orthu nach féidir déanamh dá n-uireasa,
23
agus is do na codanna sin den chorp is lú dar linn a bhíos onórach a thugaimid an onóir is mó, agus is faoi na codanna dínn atá ina ndíol náire a bhímid modhúil béasach
24
ar shlí nach dteastaíonn ó na codanna is mó is inbhreathnaithe. Ach is amhlaidh is mar sin an t-eagar a chuir Dia ar an gcorp, ag tabhairt na honóra is mó don bhall is isle dínn,
25
ionas nach mbeidh aon easaontas sa chorp, ach go mbeidh na baill uile ag freastal mar an gcéanna dá chéile.
26
Má tá aon chaill ar aon bhall, bíonn an chaill orthu uile i gcuideachta; má thugtar onóir dʼaon bhall amháin, bíonn áthas ar na baill uile le chéile.
27
Anois is sibh corp Chríost, agus gach duine faoi leith ina bhall de.
28
Agus is iad atá ceaptha ag Dia san eaglais na haspail sa chéad áit, na fáithe sa dara háit, na teagascóirí sa tríú háit, agus ansin lucht oibrithe míorúiltí, lucht déanta leigheasanna, cúntóirí, riarthóirí, lucht labhartha teangacha ilchineálacha.
29
An aspail iad uile? An fáithe iad uile? An teagascóirí iad uile? An oibríonn siad uile míorúiltí?
30
An bhfuil tíolaicí an leighis acu uile? An labhraíonn siad uile i dteangacha? An míníonn siad uile?
31
Ach bígí sibhse ag tnúth leis na tíolaicí is airde a fháil. Agus nochtfaidh mé daoibh slí a sháraíos orthu sin uile.
← Chapter 11
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 13 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8
9
10
11
12
13
14
15
16