bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
/
1 Corinthians 3
1 Corinthians 3
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
← Chapter 2
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 4 →
1
Ach níor fhéad mise, a bhráithre, labhairt libh mar a labhróinn le fir spioradálta, ach mar a labhróinn le fir chollaí, a bhíos ina leanbáin i gcúrsaí Chríost.
2
Chothaigh mé le bainne sibh, agus ní le bia tirim; mar ní raibh sibh réidh ina choinne; agus níl sibh réidh go fóill ach oiread,
3
ós den cholainn sibh go fóill. Mar chomh fada agus bhíos éad agus imreas eadraibh, nach bhfuil sibh collaí, agus nach bhfuil sibh mar na gnáthdhaoine in bhur n-iompar?
4
Mar nuair a deir duine amháin, “Is le Pól mise,” agus duine eile, “Is le hApollós mise,” nach mbíonn sibh marghnáthdhaoine?
5
Cad é rud é Apollós? Cad é ní é Pól? Seirbhísigh iad ar tháinig sibh chun creidimh tríothu, mar a leag an Tiarna amach do gach duine acu.
6
Chuir mise an síol, agus leag Apollós an t-uisce faoi, ach ba é Dia a chuir an fás faoi.
7
Mar sin níl tábhacht ann cé a chuireas nó cé a leagas an t-uisce faoi, ach amháin i nDia a thugas an fás dó.
8
Is ionann an té a chuireas agus an té a leagas an t-uisce, agus gheobhaidh gach duine acu a luach saothair de réir a oibre.
9
Mar is comhoibrithe sinne ar son Dé; agus is sibh gort Dé, nó foirgneamh Dé.
10
De réir an ordaithe a fuair mé ó Dhia, chuir mise an dúshraith mar a chuirfeadh ardsaor oilte, agus tá duine eile agtógáil uirthi.Tugadh gach aon duine dá aire conasathógas sé uirthi.
11
Mar ní féidir aon dúshraith a leagan thar an dúshraith atá leagtha cheana féin, is é sin Íosa Críost.
12
Anois má théann an duine a thógáil ar an dúshraith le hór, nó le hairgead, nó le clocha uaisle, nó le hadhmad, nó le cochán, nó le coinleach—
13
beidh obair gach duine á taispeáint; mar nochtfaidh an Lá é, mar nochtfar le tine é, agus féachfaidh an tine an cineál oibre atá déanta ag gach duine.
14
Má fhanann an obair a thóg duine ar bith ar an dúshraith, gheobhaidh sé luach saothair.
15
Má loiscfear obair dhuine ar bith, beidh an chaill sin air, cé go slánófar é féin, mar a bheadh trí thine.
16
Nach eol daoibh gur sibh teampall Dé agus go gcónaíonn Spiorad Dé ionaibh?
17
Má scriosann aon duine teampall Dé, scriosfaidh Dia an duine sin. Mar is naofa é teampall Dé, agus is sibh an teampall sin.
18
Ná bíodh duine ar bith á mhealladh féin. Má shíleann duine ar bith agaibh gur saoi é san aois seo, bíodh sé ina dhaoi go dtí go mbí sé eagnaí.
19
Mar níl in eagnaíocht an tsaoil seo ach amaidí i bhfianaise Dé. Mar tá sé scríofa, “Ceapann sé na saoithe lena gclisteacht féin,”
20
agus arís, “Tá a fhios ag an Tiarna gur díomhaoin iad smaointe na n-eagnaithe.”
21
Mar sin ná bíodh duine ar bith ag maíomh as daoine. Mar níl ní nach bhfuil agaibh,
22
más é Pól nó Apollós nó Céfas nó an domhan nó an bheatha nó an bás nó an t-am i láthair nó an t-am atá le teacht, is libh iad seo uile;
23
agus is le Críost sibh; agus is le Dia Críost.
← Chapter 2
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 4 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8
9
10
11
12
13
14
15
16