bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
/
1 Corinthians 11
1 Corinthians 11
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
← Chapter 10
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 12 →
1
Déanaigí aithris ormsa, de réir mar a bhímse ag déanamh aithrise ar Chríost.
2
Molaim sibh ar an dóigh a gcuimhníonn sibh orm san uile ní, agus a gcoimeádann sibh na nósanna go díreach mar a thaobhaigh mé libh iad.
3
Ach ba mhaith liom go dtuigfeadh sibh gurb é Críost ceann gach fir, gurb é a fear céile ceann gach mná, agus gurb é Dia ceann Chríost.
4
Gach fear a bhíos ag umaí nó ag fáidheadóireacht le ceann cumhdaithe tugann sé easonóir dá cheann féin,
5
ach gach bean a bhíos ag urnaí nó ag fáidheadóireacht le ceann nach bhfuil cumhdaithe tugann sí easonóir dá ceann féin—is ionann é agus dá mbeadh a ceann bearrtha.
6
Mar mura gcuireann bean caille uirthi, ba cheart di a ceann a bhearradh; ach más náireach do bhean bheith lomtha nó bearrtha, a chead aici caille a chaitheamh.
7
Mar ní dual dʼfhear a cheann a chumhdach, ós é íomhá agus glóir Dé é; ach is í an bhean glóir an fhir.
8
(Mar ní dhearnadh an fear as an mbean, ach rinneadh an bhean as an bhfear.
9
Mar an gcéanna níor cruthaíodh an fear mar mhaithe leis an mbean ach cruthaíodh an bhean mar mhaithe leis an bhfear).
10
Is é sin an chúis atá leis an gcaille is cóir a bheith ar cheann mná; is iad na haingil is cúis leis.
11
(Ní lúide, mar atá sa Tiarna níl an bhean neamhspleách ar an bhfear ná an fear neamhspleách ar an mbean;
12
ó mar rinneadh an bhean as an bhfear, tagann an fear anois ar an saol as broinn na mná. Mar is ó Dhia a thagann na nithe uile).
13
Tugaigí breith in bhur n-intinn féin; an cóir é go mbeadh bean ag guí Dé gan cumhdach ar a ceann?
14
Nach mbíonn an nádúir féin ag múineadh daoibh gur ábhar náire dʼfhear é ceann fada gruaige a bheith air,
15
ach go bhféadann bean bheith bródúil as a gruaig fhada? Mar tugtar a gruaig di mar chumhdach.
16
Má tá aon duine ró-righin, ní bhímidne ná eaglaisí Dé ag glacadh le haon nós eile.
17
Ach ní bheidh mé do bhur moladh sna rialacha a thabharfas mé uaim anois, ós nach chun bhur leasa ach chun bhur n-aimhleasa a thagas sibh le chéile.
18
Mar sa chéad dul síos, nuair a chruinníos sibh le chéile mar eaglais, cluinim go mbíonn siosmaí eadraibh; agus creidim cuid de sin,
19
mar caithfidh sainaicmí a bheith in bhur mease ionas go n-aithnítear cé agaibh atá dáiríre.
20
Nuair a thagann sibh i geeann a chéile, ní hé suipéar an Tiarna a bhíos á ithe agaibh.
21
Mar nuair a bhíonn sibh ag ithe, téann gach duine ar aghaidh lena bhéile féin, agus bíonn ocras ar dhuine amháin agus an dara duine ag dul ar meisce.
22
Cá bhfacthas a leithéid? Nach bhfuil tithe agaibh le bheith ag ithe agus ag ól iontu? Nó an beag libh eaglais Dé agus an dtugann sibh dímheas do na daoine nach bhfuil maoin acu? Cad é a bheidh le rá agam faoi sin? An mbeidh mé do bhur moladh? Ní bheidh, ar ndóigh.
23
Mar níor thug mé uaim daoibh ach ar tháinig chugam ón Tiarna é féin, gur ghlac an Tiarna Íosa arán oíche a bhratha,
24
agus gur altaigh sé é, agus gur bhris sé é ansin, agus go ndúirt sé, “Is é seo mo chorp atá ar bhur son. Déanaigí sin i gcuimhne ormsa.”
25
Mar an gcéanna leis an gcailis, i ndiaidh an tsuipéir, á rá, “Is í an chailís seo an cúnant úrnua i mʼfhuilse. Déanaigí sin, chomh minic agus a ólfas sibh é, i gcuimhne ormsa.”
26
Mar dá mhinicí a itheas sibh an t-arán seo agus a ólas sibh an chailís, fógraíonn sibh bás an Tiarna go dtí go dtiocfaidh sé.
27
Dá bhrí sin, cibé duine a itheas an t-arán nó a ólas cailís an Tiarna ar chaoi nach cóir beidh sé ciontach i sárú chorp agus fhuil an Tiarna.
28
Cuireadh duine mionscrúdú air féin, agus itheadh sé ansin den arán agus óladh sé den chailís.
29
Mar an té a itheas agus a ólas gan an corp a aithint itheann sé agus ólann sé breithiúnas air féin.
30
Is é sin an chúis go bhfuil mórán agaibh lag agus breoite, agus cuid agaibh i ndiaidh bás a fháil.
31
Ach dá dtabhar-faimis breithiúnas go fíor orainn féin, ni thabharfaí breithiúnas orainn.
32
Ach nuair a thugas an Tiarna breithiúnas orainn, cuirtear smacht orainn ionas nach mbeimis faoi dhaorbhreith i gcuideachta an tsaoil.
33
Mar sin, a bhráithre liom, nuair a thagann sibh le chéile le hithe, fanaigí lena chéile—
34
má bhíonn ocras ar aon duine, itheadh sé sa bhaile—ar eagla go dtuga sibh daorbhreith oraibh féin as teacht le chéile. I dtaca leis na nithe eile, tabharfaidh mé treoir daoibh nuair a thiocfas mé.
← Chapter 10
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 12 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8
9
10
11
12
13
14
15
16