bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
/
1 Corinthians 10
1 Corinthians 10
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
← Chapter 9
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 11 →
1
Ba mhaith liom a fhios a bheith agaibh, a bhráithre, go raibh ár sinsir uile faoi scáth an néil, agus go ndeachaigh siad uile tríd an bhfarraige,
2
agus gur baisteadh iad uile do Mhaois sa néal agus san fharraige,
3
agus gur chaith siad uile an bia osnádúrtha céanna
4
agus gur ól siad uile an deoch osnádúrtha céanna. Mar dʼól siad ón gCarraig osnádúrtha a bhíodh á leanúint, agus ba é Críost an Charraig úd.
5
Ach ní fhágann sin nach raibh Dia míshásta lena bhformhór; mar leagadh ar lár san fhásach iad.
6
Anois bíonn na nithe seo againn le fógra a thabhairt dúinne gan cíocras a bheith orainn chun an oilc mar a bhí orthu siúd.
7
Ná hadhraigí déithe bréige mar a dʼadhair cuid acu; mar atá scríofa, “Shuigh na daoine fúthu le n-ithe agus le n-ól agus dʼéirigh siad le damhsa.”
8
Ná géillimis don striapachas mar a ghéill dream acu, gur thit trí mhíle fichead leis san aon lá amháin.
9
Ná tugaimis dúshlán Dé, mar a thug cuid acu gur scrios na nathracha nimhe iad;
10
agus ná bímis ag clamhsán, mar a rinne cuid acu go dtí gur scrios an Scriostóir iad.
11
Anois tharla na nithe sin uile dóibh mar fhógra, ach cuireadh i scríbhinn iad le treoir a thabhairt dúinne, ar thit críocha déanacha na n-aoiseanna orainn.
12
Mar sin bíodh an té atá ina sheasamh dar leis féin ar a fhaichill ar eagla go dtite sé.
13
Níor rug aon chathú oraibh nach bhfuil coitianta i measc daoine. Is dílis iontaofa Dia, agus ní cheadóidh sé cathú a theacht oraibh nach bhfuil neart agaibh air, agus soláthróidh sé bealach éalaithe le cois an chathaithe, ar mhodh go bhféada sibh a sheasamh.
14
Dá bhrí sin a dhaoine mo pháirte, seachnaígí adhradh na ndéithe bréige.
15
Labhraím mar a labhróinn le daoine céillí; breathnaígí féin an méid a deirim.
16
Cailís an bhean-naithe a bheannaímid, nach rannpháirtíocht i bhfuil Chríost í? An t-arán a bhíos á bhriseadh againn, nach rannpháirtíocht i gcorp Chríost é?
17
Ó nach bhfuil ann ach aon arán amháin, táimidne a bhfuil mórán ann dínn inár n-aon chorp amháin, ó bímid rannpháirteach san aon arán amháin.
18
Cuirigí i gcás na nósanna a chleachtas Iosrael; nach mbíonn an dream a itheas na híobairtí rannpháirteach san altóir?
19
Cad é mar sin atá agam le tuiscint as? Gur ni liom é bia a ofráiltear do dhéithe bréige, nó gur aon ní é an dia bréige é féin?
20
Ní hea, is é a thuigim as go mbíonn na págánaigh ag ofráil a mbíonn á n-íobairt acu do dheamhain agus ní do Dhia. Níl aon fhonn orm sibh a fheiceáil ag dul i gcomhar le deamhain.
21
Ní féidir libh cupán an Tiarna agus cupán na ndeamhan a ól. Ní féidir libh bheith rannpháirteach i mbord an Tiarna agus i mbord na ndeamhan.
22
An músclóimid an Tiarna chun éada? An treise linn ná leis?
23
“Tá gach uile ní dleathach,” ach níl gach uile ní ina chuidiú. “Tá gach uile ní dleathach,” ach níl cothú le baint as gach uile ní.
24
Ná bíodh aon duine mar mhaithe leis féin, ach mar mhaithe leis an gcomharsa.
25
Ithigí cibé a bhíos ar díol i margadh na feola gan ceist ar bith i dtaobh a mbaineann le coinsias.
26
Mar “is leis an Tiarna an talamh agus a bhfuil ann.”
27
Má fhaigheann tú cuireadh chun dinnéir ó dhuine de lucht an díchreidimh agus má bhíonn form ort dul ann, ith a leagtar romhat gan ceist ar bith i dtaobh a mbaineann le coinsias.
28
(Ach má deir duine leat “Ofráladh é seo mar íobairt,” bíodh aird agat ar an té a thug an t-eolas sin duit, agus urraim agat don choinsias—
29
ní hé do choinsias féin ach a choinsias-san—agus ná hith é). Mar cad chuige a mbeadh mo shaoirse féin ag brath ar an scrupall a bhíos ag fear eile?
30
Má chaithimse bia go buíoch beannachtach, cad chuige a bhfaightear locht orm as rud a mbím á altú?
31
Mar sin, má bhíonn tú ag ithe nó ag ól, nó cibé ní a dhéanann tú, déan é chun glóire Dé.
32
Ná tabhair ábhar formaid do na Giúdaigh ná do na Gréagaigh ná dʼeaglais Dé,
33
mar a bhímse ar mo dhícheall leis an Ádhamhchlann uile a shásamh le cibé a dhéanaim, gan bheith ag iarraidh buntáiste dom féin, ach buntáiste don chuid is mó de na daoine, ionas go slánófar iad.
← Chapter 9
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 11 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8
9
10
11
12
13
14
15
16