bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
/
1 Corinthians 15
1 Corinthians 15
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
← Chapter 14
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 16 →
1
Ba mhaith liom anois, a bhráithre, a chur i gcuimhne daoibh cad é an soiscéal a dʼfhógair mé daoibh, an soiscéal ar ghlac sibh leis, an soiscéal a bhfuil bhur seasamh air,
2
an soiscéal a shlánós sibh, ach sibh greim daingean a choinneáil air—mura bhfuil creidte agaibh in aisce.
3
Mar an príomhphointe a chuir mé romhaibh is é an pointe ar ghlac mé féin leis ó dhaoine eile, is é rud é go bhfuair Críost bás in éiric ár bpeacaí mar atá ráite sna scrioptúir,
4
agus gur adhlacadh é, agus gur tógadh ar an aiséirí é an tríú lá mar atá ráite sna scrioptúir,
5
agus gur thaispeáin sé é féin do Chéfas, agus don dáréag ansin.
6
Thaispeáin sé é féin ansin do chorradh is cúig chéad bráthair in aon am amháin, a bhfuil a mbunús ina mbeatha go fóill cé go bhfuil cuid acu séalaithe leo.
7
Thaispeáin sé é féin do Shéamas ansin, agus ina dhiaidh sin do na haspail uile le chéile.
8
Agus thiar thall sa deireadh, thaispeáin sé é féin domsa, ionann is dá mbeinn i mo bhreith anabaí.
9
Mar is mé is lú de na haspail, ó nach fiú mé mʼainmniú i mease na n-aspal, ó rinne mé géarleanúint ar eaglais Dé.
10
Ach is le grásta Dé atáim mar a fheiceann sibh mé, agus ní raibh a ghrástasan in aisce orm. A athrach ar fad, mar dʼoibrigh mé níos crua ná aon duine acu, cé nach mé a rinne sin, ach an grásta a bhíos ionam ó Dhia.
11
Ach is cuma cé acu mise nó iad, is é sin ábhar ár seanmóra, agus is é sin an ní a chreid sibh.
12
Anois má bhítear ag seanmóireacht an Chríost atá i ndiaidh éirí ó mhairbh, conas a fhéadann cuid agaibhse a rá nach bhfuil éirí ó mhairbh ann?
13
Mar más rud é nach bhfuil éirí ó mhairbh ann, níor tógadh Críost ar an aiséirí;
14
agus más rud é nár tógadh Críost, is saothar in aisce dúinn bheith ag seanmóireacht agus níl bhur gcreideamh ach in aisce.
15
Agus ní hamháin sin, táimidne inár bhlinnéithe bréige ar Dhia, sinne a bhíos ag tabhairt fianaise gur thóg sé Críost, mar níor thóg sé é ar chor ar bith más fíor nach dtógtar na mairbh.
16
Mar mura dtógtar na mairbh, níor tógadh Críost.
17
Agus murar tógadh Críost, níl éifeacht in bhur gcreideamh, agus is dubh go fóill bhur bpeacaí ar bhur n-anamacha.
18
Agus lena chois sin tá deireadh go deo leis an dream a shéalaigh i gcreideamh Chríost.
19
Más le haghaidh bheatha an tsaoil seo amháin a bhíos dóchas as Críost againn, is sinne an díol trua is mó den Ádhamhchlann uile.
20
Ach is amhlaidh a tógadh Críost ar an aiséirí ó mhairbh, agus is é na chéadtorthaí é a tháinig as na mairbh atá ina gcodladh.
21
Mar a tháinig an bás trí dhuine, is amhlaidh a tháinig an t-aiséirí ó mhairbh trí dhuine.
22
Ó mar a fhaigheann daoine an tsaoil bás trí Ádhamh, is amhlaidh a dhéanfar beo iad uile i gCríost.
23
Ach caithfidh siad uile bheith in ord agus in eagar: An Críost mar na chéadtorthaí, agus ansin an dream is le Críost nuair a thiocfas seisean.
24
Is ansin a thiocfas an chríoch dhéanach, nuair a dhéanfas sé an ríocht a sheachadadh i lámha Dé i ndiaidh é deireadh a chur le gach riail agus gach údarás agus gach cumhacht.
25
Mar caithfidh an réim a bheith aige go dtí go gcuirfidh sé a naimhde uile faoina chois.
26
Is é an namhaid deiridh a dhioláithreofar an bás.
27
“Mar níl ní nach bhfuil curtha faoina chosa ag Dia.” Ach nuair a deirtear, “nach bhfuil ní nach bhfuil curtha faoina chosa,” is léir go bhfágtar as an áireamh an té a chuir na nithe uile eile faoi.
28
Nuair a chuir-fear na nithe uile faoina chois, is ansin a chuirfear an Mac é féin faoi smacht an té a chuir na nithe uile faoi, i dtreo nach mbeidh duine ann ar ní leis aon ní ach Dia.
29
Mura bhfuil sin amhlaidh, cad chuige a bhfuil siad dó, ag baisteadh daoine in ionad daoine atá marbh? Mura dtógtar na mairbh ar an aiséirí, cad chuige daoine a bhaist-eadh ina n-ionad?
30
Cad chuige a mbímse go síor i gcontúirt?
31
Dearbhaím daoibh, a bhráithre, dar an mbród a chuireas sibh orm gach uile lá i láthair ár dTiarna Íosa Chríost, go mbím ag saothrú an bháis gach uile lá!
32
Cad é an tairbhe dom é má throid mé, mar a déarfadh duine, le beithigh allta san Eiféis? Mura dtógtar na mairbh, “bímis ag ithe is bímid ag ól linn, mar is é an bás amárach a gheobhaimid.”
33
Ná bíodh breall oraibh: “Cuireann drochchuideachta deireadh le dea-bhéasa.”
34
Bígí in bhur gciall agus ná déanaigí a thuilleadh den pheaca. Mar tá siad ann nach eol dóibh Dia. Is mór an náire daoibh é mé á rá.
35
Ach beidh duine éigin ag fiafraí, “Conas a thógtar na mairbh? Cad é an cineál coirp ina dtiocfaidh siad?”
36
A dhaoi gan chiall! Ní thiocfaidh a gcuireann tú chun beatha gan bás a fháil.
37
Agus ní ionann an síol a chuireas tú agus an corp atá le bheith ann, mar níl ann ach gráinne gann de chruithneacht nó dʼarbhar eile.
38
Ach is é rud, tugann Dia di an corp a thogh sé, a chorp féin do gach síol.
39
Mar ní mar a chéile iad na feolta uile, mar tá feoil amháin ag daoine, agus feoil eile ag beithigh, agus feoil eile ag éanlaith, agus feoil eile ag éisc.
40
Tá coirp neamhaí agus coirp thalmhaí ann; ach ní ionann glóir an choirp neamhaí agus glóir an choirp thalmhaí.
41
Tá glóir amháin ag an ngrian agus glóir eile ag an ngealach, agus glóir eile ag na réaltaí; mar is mór idir glóir réalta amháin agus glóir réalta eile.
42
Mar an gcéanna dʼaiséirí na marbh. An síol a chuirtear is é a chaitear, ach is buan an ní a thógtar ar an aiséirí.
43
Cuirtear in easonóir é, tógtar i nglóir é. Cuirtear i laige é, tógtar i gcumhacht é.
44
Cuirtear ina chorp nádúrtha é, tógtar ina chorp spioradálta é. Má tá corp nádúrtha ann, tá corp spioradálta ann freisin.
45
Is dá bhrí sin a scríobhtar, “Thosaigh an chéad Ádhamh ar bheith ina dhuine beo;” dʼéirigh an tÁdhamh deiridh amach ina sprid bheathbhronntach.
46
Ach ní ag an spioradálta a bhíos an tús ach is amhlaidh a bhíonn an tús ag an nádúrtha, agus tagann an spioradálta ansin ina dhiaidh.
47
An chéad fhear a bhí ann, ba den talamh é, agus gan ann ach luaith; ach an dara fear a bhí ann, bʼas neamh a tháinig sé.
48
Bíonn an dream a thagann ón luaith mar an fear úd na luaithe; agus an dream is le neamh, bíonn siadsan mar an fear ó neamh.
49
Mar a bhí go dtí seo dealbh fhear na luaithe orainn, is amhlaidh a bheidh dealbh an fhir ó neamh orainn.
50
Tugaim seo le fios daoibh, a bhráithre: ní féidir le fuil agus feoil bheith ina n-oidhre ar ríocht Dé, ná le duine díomuan bheith ina oidhre ar an ní atá buan.
51
Féach! Tá rúndiamhair agam lena hinsint daoibh. Níl an suan i ndán dúinn uile, ach tá athrú i ndán dúinn uile,
52
íin aon móimint amháin, i bhfaiteadh súile, ag seinm an stoic dheiridh. Mar seinnfear an stoc, agus tógfar na mairbh go buan dochaite, agus tiocfaidh athrú crutha orainn.
53
Mar caithfidh an ní so-chaite de dhúchas buanadas a chur air féin, agus an daonnacht atá so-mharthanach ó nádúr an bheatha shíoraí a chur air féin.
54
Nuair a chuireann an so-chaite an buanadas air féin, agus nuair a chuireann an daonnacht bhásmhar an bheatha shíoraí uirthi féin, is ansin a fhíorófar an nath atá scríofa: “Slogann an bua an bás.”
55
“A bháis, cá bhfuil do bhua? A éag, cá bhfuil do chealg?”
56
Is é an peaca cealg an bháis, agus is sa dlí atá cumhacht an pheaca.
57
Ach buíochas do Dhia, a thugas an bua dúinn trínár dTiarna Íosa Críost.
58
Dá bhrí sin, a bhráithre mo pháirte, bígí daingean dochorraithe, agus bígí de shíor go fairsing i saothar an Tiarna, agus a dhea-fhios agaibh ón Tiarna nach fuar é bhur saothar más sa Tiarna atá sé.
← Chapter 14
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 16 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8
9
10
11
12
13
14
15
16