bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
/
Hebrews 1
Hebrews 1
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 2 →
1
Is ar iliomad modhanna a labhraíodh Dia lenár sinsir ó bhéil na bhfáithe;
2
ach labhair sé linn sna laethanta deiridh seo ina AonMhac, a cheap sé le bheith ina oidhre ar a bhfuil ann, agus ar chruthaigh sé an domhan tríd.
3
Is é scathán ghlóir Dé é, a bhfuil cló fírinneach a dhiagachta buailte air, a mbíonn a thréanbhriathar cumhachtach ag coinneáil na cruinne ina ceartseasamh. Nuair a bhí an íonghlanadh déanta aige ar son na bpeacaí, shuigh sé ar láimh dheas na Mórgachta in airde,
4
agus tús áite aige ar aingil Dé, ó bhí ainm aige a rug barr feabhais ar a n-ainmsean.
5
Mar cé hé an t-aingeal sin a ndúirt Dia leis, “Is tú mo Mhac, is inniu a rinne mé do ghiniúint”? nó é seo arís, “Beidh mise i mʼathair aige, agus beidh seisean ina mhac agam.”?
6
Agus arís eile, nuair a thugann sé an chéadghin mhic ar an saol, is é a deir sé, “Bíodh aingil Dé uile á adhradh.”
7
Agus deir sé maidir leis na haingil, “Bíonn sé ag déanamh gaoth dá aingil, agus lasracha tine dá thimirí.”
8
Ach maidir leis an Mac is é a deir sé leis, “Bíonn do ríchathaoir, a Dhia, go síoraí buan, bíonn ríshlat do ríochta ina ríshlat an fhírchirt.
9
Thug tú grá don choir agus fuath don éagóir; agus dá bhrí sin dʼung Dia, dʼung do Dhia féin thú le hola ollghairdis os cionn do chompánach.”
10
Agus é seo, “Is tú, a Thiarna, a chuir an talamh ar bun ar dtús, agus is iad na spéartha saothar do lámh;
11
rachaidh siadsan as, ach maireann tusa go buan; beifear á gcaitheamh mar sheanéadach,
12
beidh tú á bhfilleadh mar fhallaing, agus beifear á n-athrú. Ach fanann tusa mar a bhí riamh, agus ní bheidh foirceann ar do bhlianta.”
13
Ach cé hé an t-aingeal a ndúirt sé leis, “Suigh ar mo láimh dheas, go gcuire mé do naimhde mar stól faoi do chosa.”?
14
Nach spridí coimhdeachta iad a chuirtear amach le bheith ag freastal, mar mhaithe leis na daoine a bhfuil seilbh an tslánaithe i ndán dóibh?
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 2 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8
9
10
11
12
13