bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
/
Hebrews 7
Hebrews 7
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
← Chapter 6
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 8 →
1
Mar is é an Melcisedec céanna sin, rí Shalem, sagart an Mhór-Dhé ab Airde, a chuaigh in airicis Abrachaim agus é ag filleadh ón ár a rinne sé ar na ríthe, agus a bheannaigh é;
2
agus ar roinn Abracham an deichiú cuid den uile ní leis. Má aistrítear a ainmneacha, is é rí na fíréantachta é, sa chéad áit, agus ina dhiaidh sin is é rí Shalem, is é sin, rí na síochána é freisin.
3
Tá sé gan athair gan mháthair gan ghinealach, gan tús ar a laethanta ná deireadh ar a shaol beatha, ach é ag maireachtáil ina shagart go síoraí i gcomhchosúlacht Mhac Dé.
4
Breathnaígí cé chomh mór leis! Eisean ar thug an t-uasalathair Abracham an deichiú cuid den chreach dó.
5
Ordaítear sa dlí do shliocht Lébhí a ghlacas le hoifig na sagartachta deachúna a thógáil óna mbráithre féin siúd is gur de shliocht Abrachaim iad chomh maith le duine.
6
Ach ghlac an fear sin nár dá sliochtsan é deachúna ó Abracham agus ba é a bheannaigh an fear ar tugadh an gealltanas dó.
7
Ní féidir a shéanadh go bhfaigheann an té is lú beannacht ón té is airde ná é.
8
Anseo bíonn fir bhás-mhara ag tógáil deachúna; ach ansiúd duine a dtugtar fianaise air go maireann sé.
9
Dʼfhéadfaí a rá gur íoc an Lébhí sin deachúna, eisean a ghlacas le deachúna i bpearsa Abrachaim,
10
eisean a bhí go fóill i leasracha a athar nuair a chas Melcisedec dó.
11
Anois má bhí aon chríoch ar an tsagartacht Lébhíteach (ós faoi a ghlac an pobal an dlí), cad é an gnó a bhí le sagart eile de réir ord Mhelcisedec, thar sagart a ainmníodh de réir ord Áróin?
12
Mar nuair a bhíos athrú sagairt ann, caithfidh athrú dlí a bheith ann.
13
Ach an té sin a bhfuil an scéal ag tarraingt air ba de threibh eile é, nár fhreastail duine de ag an altóir riamh.
14
Mar is soiléir gur tháinig ár dTiarna de shliocht Iúda, treibh nach ndúirt Maois aon fhocal faoi i dtaobh sagart.
15
Tá sin á dhéanamh níos soiléire arís, nuair a éiríonn sagart eile i gcomhchosúlacht Mhelcisedec,
16
nach bhfuil ina shagart de bharr a fholaíocht chollaí a bheith ag freagairt do cháilíocht dhleathach, ach le cumhacht beatha buaine.
17
Mar tugtar dʼfhianaise air, “Is sagart tú go síoraí, de réir ord Mhelcisedec.”
18
Sa chéad chás de, cuirtear an chéad aithne ar ceal ó nach raibh ciall leis ná cumhacht ann,
19
(ó nár chuir an dlí aon ní i gcrích); os a choinne sin tugtar an bealach do dhóchas is láidre a dtagaimid tríd i láthair Dé.
20
Agus ní dheamadh sin gan mionn a bheith leis.
21
An méid a bhíodh roimhe seo ina sagairt chuaigh siad i gcionn a n-oifige gan mhionn, ach glaodh ar an sagart seo le mionn, “Thug an Tiarna a mhionn agus ní athróidh sé a intinn, ‘Is sagart tú go síoraí,’ ”
22
rud a thugann Íosa mar urra ar chúnant is fearr.
23
Roimhe sin bhí mórán sagart ann, ó bhac an bás orthu bheith go buan ina n-oifig;
24
ach bíonn sagartacht aigesean nach ligeann sé uaidh, ó bíonn sé ann go brách.
25
Dá bhrí sin féadann sé slánú síoraí a bhronnadh ar an dream a thiocfas i ngar do Dhia tríd, ó maireann sé go deo le bheith ina idirghabhálaí ar a son.
26
Mar ba chuí ardsagart a shamhailsean a bheith againn, dʼardsagart naofa, neamhlochtach neamhthruaillithe, a scaradh ó pheacaigh, agus a ardaíodh os cionnneimhe.
27
Níl feidhm air mar a bhíos ar na hardsagairt úd eile a bheith ag ofráil íobairtí ó lá go lá, íobairt ar son a chuid peacaí féin agus íobairt eile ar son pheacaí an phobail; ó tá sin uile déanta aige don aon uair agus iarracht amháin ina íobairt féin.
28
Ní dhéanann an dlí ach daoine a cheapadh mar ardsagairt a bhfuil laige iontu, ach is é a cheapas briathar an mhionnaithe, a tháinig i ndiaidh an dlí, Mac a foirbheadh go deo.
← Chapter 6
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 8 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8
9
10
11
12
13