bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
/
Hebrews 2
Hebrews 2
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
← Chapter 1
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 3 →
1
Is móide mar sin agus is beaichte a chaithfimid ar chualamar a bhreathnú, ar eagla faillí a dhéanamh iontu.
2
Mar má bhí an briathar ó bhéal aingeal baileach éifeachtúil, agus má cúitíodh go fíorcheart le gach easumhlaíocht agus éagóir dá ndeamadh air,
3
cad é an bealach éalaithe a bheas againne má dhéanaimid neamhiontas den mhórshlánú seo atá anois ann? Ba é an Tiarna a nocht an chéad uair riamh é, agus thug an méid a chuala uaidh é fianaise dúinne air,
4
agus Dia ag tabhairt fianaise air freisin le comharthaí agus le hiontais agus le mórfhearta éagsúla agus le tíolaici an Spioraid Naoimh á ndáileadh mar ba thoil leis féin.
5
Mar níor chuir Dia an domhan seo atá le teacht, a bhfuilimid ag caint air, faoi smacht na n-aingeal.
6
Tá fianaise éigin tugtha áit éigin mar seo, “Cad é an duine go gcuimhníonn tú air, nó mac an duine a mbíonn aire agat air?
7
Má chuir tú é ar feadh seala ghearr ar chéim ab isle ná na haingil, tá barr glóire agus onóra curtha agat air,
8
agus gan ní nach bhfuil curtha faoina chosa agat.” Anois nuair a chuir sé gach ní faoina chosa, níor fhág sé aon ní nach mbíonn faoina smacht. Ach mar atá anois, ní fheicimid gach ní faoina smacht.
9
Ach feicimid Íosa, a bhí á chur ar feadh seala ghearr ar chéim ab isle ná na haingil, agus barr glóire agus onóra curtha mar choróin air de bharr an bháis a bhí á íhulaingt, ionas go mblaisfeadh sé an bás a rachadh ar sochar do chách le grásta Dé.
10
Mar nuair a bhí an té sin is cúis agus is cuspóir do gach dúil bheo ag seoladh mórshlua clann mhac ar shlí a slánaithe, ba chuí dó an ceannródaí a bhí i gceannas a slánaithe a thabhairt chun feabhas foirfeachta leis na pianta a dʼfhulaing sé.
11
Mar is den aon bhunús amháin an té a naomhaíos agus an dream a bhíos á naomhú. Ar an ábhar sin ní náire leis bráithre a thabhairt orthu,
12
nuair a deir se, “Foilseoidh mé dʼainm do mo bhráithre, molfaidh mé i gceartlár an chomhthionóil thú.”
13
Agus arís, “Cuirfidh mé mo mhuinín ann.” Agus arís eile, “Seo mé féin agus an chlann a bhronn Dia orm.”
14
Mar sin ó bíonn an chlann páirteach i gcolainn agus i bhfuil, bhí seisean mar an gcéanna páirteach iontu, ionas go scriosfadh sé lena bhás an té sin a bhfuil cumhacht an bháis aige, is é sin an diabhal,
15
agus go bhfuasclódh sé an dream uile a bhí i ndaoirse ar feadh a saoil trí eagla an bháis.
16
Mar is cinnte nach iad na haingil atá i gceist aige, ach sliocht Abrachaim.
17
Bʼéigean dó mar sin bheith ar chomh-chosúlacht lena dheartháireacha ar gach aon slí, le bheith ina ardsagart trócaireach dílis i dtreo Dé, ag déanamh leorghnímh i bpeacaí an phobail.
18
Óir ó bhí sé féin ag fulaingt agus ó cuireadh cathú air, is féidir leis cuidiú leis an dream atá i gcathú.
← Chapter 1
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 3 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8
9
10
11
12
13