bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
/
Hebrews 5
Hebrews 5
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
← Chapter 4
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 6 →
1
Mar níl ardsagart dá dtoghtar as mease na ndaoine nach geeaptar le bheith ag gníomhú thar ceann na ndaoine os comhair Dé, le bheith ag ofráil tíolaicí agus íobairtí ar son na bpeacaí.
2
éadann sé bheith min cneasta le daoine aineolacha atá ar seachrán slí, ó bíonn an laige ar gach taobh de.
3
Dá bhrí sin tá sé de dhualgas air íobairt a dhéanamh ar son a chuid peacaí féin maraon le híobairt ar son peaca an phobail.
4
Agus ní ghlacann aon duine an onóir sin air féin uaidh féin, ach nuair a ghlaonn Dia air mar a glaodh ar Árón.
5
Bʼamhlaidh do Chríost nár ardaigh é féin le bheith ina ardsagart, ach ar cheap an té sin é a dúirt leis, “Is tú mo Mhac, inniu a ghin mé thú”;
6
mar a deir sé freisin in áit eile, “Is sagart tú go sioraí, de réir ord Mhelcisedec.”
7
I laethanta an ionchollaithe, chuir Íosa suas achainiocha agus impíocha, le hardéamh agus deora, chuig an té lerbh fhéidir a shaoradh ón mbás, agus éisteadh leis mar mhaithe lena dhúthracht dhiaganta.
8
Siúd is gur Mhac é, dʼfhoghlaim sé umhlaiocht lenar fhulaing sé;
9
agus tugadh chun foir-feachta é le bheith ina fhoinse den slánú sioraí dá n-umhlaíonn dó,
10
ó cheap Dia ina ardsagart é de réir ord Mhelcisedec.
11
Maidir leis seo tá mórán le rá againn atá domhínithe, ó tharla moille éisteachta oraibh.
12
San am ar chóir daoibh bheith ag tabhairt teagaisc uaibh, tá feidhm agaibh le duine a mhúinfeadh uraiceacht bhriathar Dé daoibh. Ní le bia tirim ach le bainne cíche atá feidhm agaibh;
13
mar an té a bheathaítear ar bhainne cíche bíonn sé neamhoilte i mbriathar na fíréantachta, ó nach bhfuil ann ach leanbh beag.
14
Ach is le haghaidh na ndaoine fásta abhíosanbia tirim, a bhfuil cleachtadh céille agus céadfaí acu le hidir-dhealú idir an mhaith agus an t-olc.
← Chapter 4
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 6 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8
9
10
11
12
13