bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
/
Hebrews 10
Hebrews 10
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
← Chapter 9
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 11 →
1
Ní bhíonn ag an dlí ach scáil na maitheasaí atá le bheith ann, níl dealbh féin na nithe seo aige. Ní fhéadann sé mar sin leis na híobairtí a ofráiltear ó bhliain go chéile na daoine seo a thiocfas chucu a chur i gcrích.
2
Dá bhféadfadh, nach stadfaí dá n-ofráil? Mar dá luaithe agus a ghlanfaí an lucht adhartha, dʼaithneoidís nach raibh aon pheaca ar a gcoinsias níba mhó.
3
Ach sna híobairtí seo bíonn an peaca á chur i gcuimhne gach uile bhliain.
4
Mar is léir nach féidir le fuil tarbh agus gabhar an peaca a thógáil de dhuine.
5
Mar sin dúirt Críost agus é ag teacht ar an saol, “Íobairtí agus aiscí níorbh iad a bhí uait, ach tá corp ullmhaithe agat i mo choinne;
6
níor thug na híobairtí loiscthe agus na híobairtí peaca aon sásamh duit,
7
ba ansin a dúirt mise, ‘Féach, tháinig mise le do thoil a dhéanamh, a Dhia,’ de réir mar atá scríofa fúm i rolla an leabhair.”
8
Dúirt sé thuas an chéad uair, “Na híobairtí agus aiscí agus íobairtí loiscthe agus íobairtí peaca ní raibh fonn agat leo ná sásamh agat iontu” (na nithe sin a ofráiltear de réir an dlí),
9
dúirt sé ansin an dara huair, “Féach, tháinig mise le do thoil a dhéanamh.” Cuireann sé an chéad ní ar ceal ionas go gcuire sé an dara ní ar bun.
10
Agus naomhaíodh sinn leis an toil chéanna úd trí ofráil chorp Íosa Críost den aon uair amháin.
11
Agus bíonn gach sagart ina sheasamh gach lá ag feidhmiú i dteampall Dé, agus na híobairtí céanna á n-ofráil aige arís agus arís, nach bhféadann choíche na peacaí a thógáil de dhuine.
12
Ach nuair a bhí aon íobairt amháin déanta ag Críost ar son na bpeacaí an t-aon uair amháin agus an uair dheireanach, shuigh sé faoi ar dheasláimh Dé,
13
ag fanacht ansin go gcuirfí a naimhde mar stól faoina chosa.
14
Mar leis an t-aon íobairt amháin sin tá an dream atá naomhaithe foirfe aige.
15
Agus tá fianaiseair sin againn ó bhéal an Spioraid Naoimh; mar a deir sé,
16
“Is é seo an cúnant a chónascfaidh mé leo i ndiaidh na laethanta úd, deir an Tiarna: cuirfidh mé mo dhlíthe ina luí ar a gcroíthe, agus scríobhfaidh mé ina n-intinn iad,”
17
agus ansin cuireann sé an t-aguisín seo leis, “Ní bheidh cuimhne agam ar a bpeacaí ná ar a míghníomhartha a thuilleadh.”
18
Nuair a bhíonn siad seo á maitheamh, níl riachtanas níos mó le haon íobairt ar son na bpeacaí.
19
Bíonn sé de mhuinín againn mar sin, a bhráithre, dul isteach sa sanctóir trí fhuil Íosa,
20
ar an mbeo-shlí úrnua atá bunaithe aige dúinn tríd an mbrat, is é sin trína fheoil féin,
21
agus bíonn sagart mór againn atá i gceannas theach Dé,
22
agus mar sin bímis ag teacht ar aghaidh i bhfírinne chroí agus i lándearfacht chreidimh, agus an braon croite ar ár gcroíthe a chosnós ar dhrochchoinsias iad, agusár gcoirp glanta nite i nglanuisce.
23
Bíodh greim daingean docht againn ar admháil ár ndóchais, ós dílis an té a gheall;
24
agus bíodh aird againn ar a chéile a spreagadh chun an ghrá agus chun na ndea-ghníomhartha,
25
gan an fhaillí orainn le teacht i gcionn a chéile is gnách ag dream áirithe, ach ag brostú a chéile chuige sin, agus go mba mhóide a dhéanfas sibh sin nuair a fheiceas sibh an Lá ag dlúthú linn.
26
Mar má dhéanaimid peaca dʼaonturas tar éis eolas na fírinne a fháil, níl aon íobairt ar son na bpeacaí fágtha againn,
27
níl fágtha ach bheith faoi uafás ag súil le breith-iúnas, agus le tine fhíochmhar a shlogfas lucht an fhreasúra.
28
An fear a bhfuil dlí Mhaois sáraithe aige, bíonn air bheith curtha chun báis ar fhianaise bheirte nó thriúir.
29
Agus nach ndéarfadh sibh gur daoire go mór a íocfaidh seisean as, a rinne neamhshuim ar Mhac Dé, agus a sháraigh fuil an chúnaint lenar naomhaíodh é, agus a thug masla do Spiorad na ngrást?
30
Mar is feasach dúinn cé hé sin a dúirt, “Is domsa an díoltas, is mé a bhainfeas cúiteamh amach.” Agus arís, “Is é an Tiarna a thabharfas breith-únas ar a phobal.”
31
Is uafásach an ní é titim i lámha an Dé bhí.
32
Ach go mba chuimhneach libh na laethanta roimhe sin, nuair a bhí oraibh, chomh luath agus a fuair sibh solas na tuisceana, cruachoimhlint a fhulaingt,
33
drochíde agus dímheas á dtabhairt oraibh os comhair an tsaoil, nó sibh i gcomhar le daoine ar cuireadh an bhail seo orthu.
34
Mar bhí trua agaibh do na príosúnaigh, agus ghlac sibh go háthasach leis an gcreach a cuireadh ar bhur maoin shaolta, ó bhí a fhios agaibh maoin ab fhearr agus ba bhuaine a bheith agaibh.
35
Ná caithigí mar sin bhur muinín uaibh, ós mór an luach saothair a gheobhas sibh air.
36
Mar caithfidh sibh bheith fadfhulangach le toil Dé a dhéanamh agus lena bhfuil geallta daoibh a fháil.
37
“Seal beag eile ann, agus tiocfaidh an té atá le teacht gan moill a dhéanamh;
38
ach mairfidh mʼfhíréan ó chreideamh, agus má théann sé ar gcúl, ní bheidh dúil ag mʼanam ann.”
39
Ach ní dream a rachas ar gcúl chun ár gcaillte sinn, ach dream an chreidimh a choimeádas a n-anamacha.
← Chapter 9
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 11 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8
9
10
11
12
13