bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
/
Hebrews 8
Hebrews 8
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
← Chapter 7
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 9 →
1
Anois le ceann a bhaint dár scéal: tá a shamhail sin dʼardsagart againn cheana, agus é ina shuí ar dheasláimh ríchathaoir na Mórgachta ar neamh,
2
agus ina cheiliúraí cráifeachta sa sanctóir agus sa phailliún sin na fírinne nár tógadh le lámha daoine ach le láimh Dé.
3
Mar ceaptar gach ardsagart le bheith ag ofráil aiscí agus íobairtí; caithfidh an t-ardsagart seo againne ní éigin a bheith aigc lena ofráil.
4
Anois dá mba ar talamh a bheadh sé, ní bheadh sé ina shagart ar chor ar bith, ó tharla sagairt ann a ofrálas aiscí, de réir an dlí.
5
Ní bhíonn siadsan ach ag fón-amh do shanctóir atá ina scáil agus ina aithris ar an sanctóir ar neamh; mar ordaíodh ó bhéal Dé do Mhaois a bhí leis an bpailliún a fheistiú, “Bíodh aire agat le gach aon rud a dhéanamh de réir an mhúnla a nochtadh duit ar an sliabh.”
6
Ach is amhlaidh a bhíonn Críost i gcionn ceiliúradh cráifeachta atá ag breith barr feabhais ar a raibh ann roimhe, ós fearr an cúnant a mbíonn sé ina idirghabhálaí air, agus ó bíonn gealltanais nios fearr ann á fheidhmiú.
7
Mar dá mbeadh an chéad chúnant gan locht, ní bheadh leithscéal ná ócáid leis an dara cúnant.
8
Mar faigheann sé locht orthu nuair a deir sé: “Tiocfaidh na laethanta, deir an Tiarna, a mbeidh cúnant úrnua á chónascadh agam le teaghlach Iosrael agus le teaghlach Iúda;
9
nach cosúil é leis an gcúnant a rinne mé lena sinsir sa lá ar ghlac mé ar ghreim láimhe iad lena seoladh as tír na hÉigipte amach; mar níor choinnigh siad le mo chúnantsa, agus dá bhrí sin ní raibh aon aird agam orthu, deir an Tiarna.
10
Is é seo an cúnant a chónascfaidh mé le teaghlach Iosrael i ndiaidh na laethanta úd, deir an Tiarna; cuirfidh mé mo dhlíthe ina luí ar a n-intinn, agus scríobhfaidh mé ar a gcroíthe iad, agus beidh mise i mo Dhia acu, agus beidh siadsan ina bpobal agam.
11
Agus ní bheifear ag teagasc a chéile ná fear ag rá lena chomharsa, ‘Bíodh aithne ar Dhia agat’, mar beidh aithne acu uile go léir orm, ón té is isle go dtí an té is uaisle orthu.
12
Mar déanfaidh mé trócaire ar a míghníomhartha, agus ní bheidh a thuilleadh cuimhne agam ar a bpeacaí.”
13
Nuair a luann sé cúnant úrnua, cuireann sé dealramh seanaimseartha ar an gcéad chúnant. Agus an ní a théas as feidhm agus a éiríos sean, is gairid go dtéann sé as ar fad.
← Chapter 7
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 9 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8
9
10
11
12
13