bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
/
Hebrews 3
Hebrews 3
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
← Chapter 2
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 4 →
1
Mar sin, a naomhbhráithre, agus a chomhpháirtithe sa naomhghairm, tugaigí do bhur n-aire Íosa, aspal agus ardsagart an chreidimh sin a admhaímid os ard.
2
Bhí sé dílis don té a cheap é mar a bhí Maois dílis freisin i dteach Dé.
3
Ach meastar gur mó an díol glóire é Íosa ná Maois, ionann is mar is onóraí an saor a thóg an teach ná an teach a thóg sé.
4
(Mar níl teach ann nár thóg saor éigin é, ach is é Dia saor agus cruthaitheoir na cruinne cé.)
5
Anois bhí Maois dílis i dteach uile Dé mar thimire, mar fhianaise ar a mbeifí á rá ina dhiaidh sin,
6
ach bhí Críost dílis mar mhac a bhí os cionn theach Dé. Agus is dá theachsan sinne, ach seasamh go daingean leis an dóchas a bhfuil ár maíomh agus ár muinín as.
7
Mar sin, mar a deirtear linn ó bhéal an Spioraid Naoimh, “Inniu, nuair a chluineas sibh a ghlór,
8
ná cruaigí bhur gcroíthe mar a chruaigh in am na ceann-airce, i lá curtha na féachana san fhásach,
9
nuair a chuir bhur sinsir féachaint orm agus a chonaic siad mʼoibreacha ar feadh daichead bliain.
10
Dá bharr sin dʼéirigh mʼfhearg leis an nglúin úd, go ndúirt mé, ‘Bíonn a gcroíthe de shíor á mealladh; ní raibh eolas mo shlite acu.’
11
Mar a mhionnaigh mé i mʼfhíoch, ‘Ní rachaidh siad i seilbh mo shuaimhnis.’ ”
12
Bígí ar bhur n-aire, a bhráithre, ar eagla drochchroí dí-chreidmheach a bheith ag aon duine agaibh, a thabharfadh oraibh cúl a thabhairt don Dia bithbheo.
13
Ach bíodh gach duine agaibh ag spreagadh a chéile gach lá, chomh fada is a thugtar “inniu” air, ionas nach gcalcfar croí aon duine agaibh le cluain an pheaca.
14
Mar ní bhímid páirteach i gCríost mura gcoinnímid ár gcéad mhuinín daingean go dtí an deireadh,
15
ó deirtear, “Inniu nuair a chluineas sibh a ghlór, ná cruaigí bhur gcroíthe mar a chruaigh in am na ceannairce.”
16
Cé hiad a chuala agus dá ainneoin sin a bhí ceannairceach? Nach iad an dream uile sin a dʼfhág an Éigipt faoi cheannas Mhaois?
17
Agus cé hiad a chuir fearg air i rith daichead bliain? Nach iad siúd a rinne an peaca, ar thit a gcoirp ar lár ar an bhfásach?
18
Agus cé hiad ar mhionnaigh sé nach rachaidís i seilbh a shuaimhnis, ach lucht sin na heasumhl-aíochta?
19
Feicimid mar sin nár fhéad siad dul ina sheilbh de bharr an díchreidimh.
← Chapter 2
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 4 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8
9
10
11
12
13