bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
/
Hebrews 6
Hebrews 6
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
← Chapter 5
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 7 →
1
Fágaimis mar sin uraiceacht tosaigh theagasc Chríost agus téimis chun cinn chun iomlán aibíochta, gan an dúshraith a chur arís dʼaithrí ó oibreacha an bháis agus de chreideamh a dhírítear ar Dhia,
2
agus teagasc faoi ionluithe, agus faoi leagan lámh, agus faoi aiséirí ó mhairbh, agus faoi bhreithiúnas síoraí.
3
Agus déanfaimid é seo má cheadaíonn Dia dúinn é.
4
Mar ní ní indéanta é an dream úd ar tugadh léiriú solais dóibh dʼaon uair amháin a bhlais an tíolacadh neamhaí, agus a bhí rannpháirteach sa Naomh-Spiorad,
5
agus a bhlais a bhfuil dʼfheabhas i bhfocal Dé agus cumhachtaí na haoise atá le teacht, a thabhairt chun athaithreachais an dara huair,
6
fad agus a bhíonn siad ag céasadh Mhac Dé agus ag caitheamh dímheasa air dʼaonghnó.
7
An ithir a dʼól an fhearthainn ba mhinic a titeadh uirthi, agus a thugann fásra uaithi atá fóirsteanach don dream sin a mbítear á hoibriúʼina gcoinne, bíonn beannacht uirthi ó Dhia.
8
Ach más driseoga agus fothann-áin a thugann sí uaithi, tá sí ó mhaith agus i ngar do bheith faoi mhallacht; agus is é a loscadh an deireadh a bhéas uirthi.
9
Ach siúd is go labhraímid mar seo, a chairde dile, táimid cinnte gur fearr an scéal agaibhse sa mhéid a bhaineas le slánú an anama.
10
Mar níl Dia chomh héagórach agus go mbeadh sé dall ar bhur saothar agus ar an ngrá Dé a rinne sibh ar na naoimh, mar atá á dhéanamh agaibh go fóill.
11
Agus ba mhian linn go dtaispeánfadh gach duine agaibh an dúthracht chéanna leis an dóchas a lándeimhniú agus a dhearbhú go deireadh,
12
dʼfhonn gan bheith spadánta, ach ina ionad sin ag déanamh aithrise ar an dream atá ina n-oidhrí ar na gealltanais trína gcreideamh agus a mbuanseasmhacht.
13
Mar nuair a bhí Dia ag déanamh gealltanais le hAbracham, ó nach raibh aon duine aige ab íhearr ná é féin le tabhairt le mionnú, thug sé é féin mar mhionnaí,
14
ag rá, “Is mé féin a bheannós le beannacht thú agus a mhéadós i méid thú.”
15
Agus bʼamhlaidh dʼAbracham a fuair seilbh ar an ngealltanas ó bheith fadfhulangach.
16
Agus ar ndóigh bíonn daoine ag tabhairt mionna in ainm duine is fearr ná iad féin, agus cuirtear críoch le gach conspóid le mionn dearbhaithe.
17
Mar sin nuair ba mhian le Dia neamhathraitheacht a ruin a dhéanamh níos soiléire dʼoidhrí an ghealltanais, chuir sé mionn isteach idir é agus iad,
18
ionas go mbeadh dhá ní neamhathraithe nárbh fhéidir le Dia bheith bréagach iontu, le misneach láidir a chur ionainn a theith faoina dhídean le breith ar an dóchas atá curtha romhainn.
19
Bíonn sé seo againn mar ancaire anama atá bunúsach buanseasmhach, an dóchas a théas isteach uainn romhainn sa serin is faide istigh taobh thall den bhrat,
20
a ndeachaigh Íosa isteach ann mar réamhtheachtaire thar ár geeann, agus é i ndiaidh a cheaptha mar ardsagart síoraí de réir ord Mhelcisedec.
← Chapter 5
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 7 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8
9
10
11
12
13