bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
/
Hebrews 11
Hebrews 11
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
← Chapter 10
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 12 →
1
Anois is é is creideamh ann deimhin a dhéanamh den dóchas, agus bheith cinnte den ní nach bhfeictear.
2
Is tríd a tugadh teist dhiaga ar na fir a bhí ann fadó.
3
Is le creideamh a thuigimid cruthú na cruinne le briathar Dé, ina ndeamadh an sofheicthe den dofheicthe.
4
Is le creideamh a thug Abel íobairt do Dhia ba thait-neamhaí ná íobairt Cháin, inar tugadh teist fhíréin air, agus é mar fhianaise air gur ghlac Dia lena aiscí; agus is trína chreideamh a bhíos urlabhra aige agus é marbh.
5
Is trí chreideamh a ardaíodh Enoc ionas nach bhfeicfeadh sé bás; agus gan é le fáil, ó dʼardaigh Dia leis é. Ach sular ardaíodh é tugadh teist air gur thaitin sé le Dia.
6
Agus ní féidir taitneamh leis gan creideamh a bheith agat. Mar an té a thiocfas i ngar do Dhia, caithfidh creideamh a bheith aige go bhfuil sé ann agus go dtugann sé luach saothair do lucht a iarrtha.
7
Is tríd an gcreideamh a thug Naoi aire don rabhadh a thug Dia dó faoi nithe nach raibh le feiceáil fós, agus a thóg sé áirc ar saoradh a theaghlach léi; agus is leis sin a dhaor sé an domhan agus a thit oidhreacht na fíréantachta a bhios ann tríd an gcreideamh air.
8
Is tríd an gcreideamh a dʼumhlaigh Abracham nuair a glaodh air á rá leis imeacht chun na háite sin a bheadh mar oidhreacht aige; agus dʼimigh sé gan fios a bheith aige cá raibh a thriall.
9
Is trí chreideamh a bhi sé seal a chuairte i dtír an ghealltanais, ionann is dá mba thír choimthíoch í, agus gan dʼáras cónaithe aige ach pubaill, é féin agus Íosóg agus Iácób a bhí ina gcomhoidhrí ar an ngealltanas céanna leis.
10
Mar bhi súil aige leis an gcathair sin a bhfuil bun fúithi, arbh é Dia é féin an saor a thóg í.
11
Is trí chreideamh a tugadh cumas gabhála ina broinn do Shára, cé go raibh si thar an aois, ó mheas sí gur fiú creideamh don té a gheall é.
12
Is dá bhrí sin a gineadh ó aon fhear amháin, a bhi féin ionann is dá mbeadh sé marbh, an sliocht nár lia réaltaí neimhe agus gráinní gainimh do-áirithe i mbéal na toinne ná iad.
13
Fuair siad seo uile bás i gcreideamh, gan fáil a bheith acu ar ar gealladh, ach amháin go bhfaca siad é agus gur bheannaigh siad dó agus é i bhfad uathu, agus gur admhaigh siad nach raibh iontu ach deoraithe agus díbeartaigh ar talamh.
14
Mar bíonn daoine ag tabhairt le fios leis sin a rá go bhfuil siad ag tóraíocht a dtíre dúchais.
15
Dá mba é an tir sin ar imigh siad aisti a bhi ina gceann, bheadh faill acu filleadh uirthi.
16
Ach anois is le tir is fearr, is é sin le tir neimhe, atá siad ag tnúth. Agus mar sin de ní náire é le Dia bheith á ainmniú mar a nDia-san, mar tá an chathair ullmhaithe aige in a gcoinne.
17
Ba tríd an gcreideamh a thoirbhir Abracham Íosóg, agus bhi an té sin ar tugadh na gealltanais dó réidh ullamh lena aon mhac a ofráil mar íobairt,
18
ar dúradh ina thaobh, “Is trí Íosóg a ainmneofar do shliochtsa.”
19
Bhí sé ag comhaireamh go raibh sé ar chumhacht Dé go fiú daoine a thógáil ó mhairbh; agus fuair sé ar ais ó mhairbh é dá bharr sin, ar mhodh fíortha fáithchiallach.
20
Is trí chreideamh a bheannaigh Íosóg Iácób agus Ésau leis na beannachtaí a bhí i ndán dóibh.
21
Is trí chreideamh a bheannaigh Iácób ceachtar de chlann Iósaif agus an bás aige, á umhlú féin ar cheann a bhachaille le Dia a adhradh.
22
Is trí chreideamh a luaigh Iósaf eisimirce chlann Iosrael agus a thug sé orduithe i dtaobh a chuid cnámh i ndeireadh a shaoil is a laethanta.
23
Is tríd an gcreideamh a chuir a thuismitheoirí Maois i bhfolach ar feadh trí mhí chomh luath agus a tháinig sé ar an saol, gan eagla orthu roimh ordú an rí, ó chonaic siad gurbh álainn an leanbh é.
24
Is tríd an gcreideamh a dhiúltaigh Maois, nuair a bhí sé mór, go dtabharfaí mac iníon Pharao air,
25
ó bʼfhearr leis drochíde a fhulaingt maraon le pobal Dé ná pléisiúir neamhbhuana an pheaca a bhlaiseadh.
26
Ba luachmhaire leis an fhonóid a fhulaingt ar son an Chríost ná seoda saibhre uile na hÉigipte, mar bhí sé ag súil leis an luach saothair.
27
Is tríd an gcreideamh a dʼfhág sé an Éigipt, ó nárbh eagal leisfíoch an rí; mar bhí sé tréan láidir mar dhuine a dʼfhéad an té atá dofheicthe a fheiceáil.
28
Is tríd an gcreideamh a rinne sé an Cháisc a chomóradh agus a chroith sé an fhuil, ionas nach mbain-feadh Scriosadóir na gcéad daoine clainne leo.
29
Is tríd an gcreideamh a chuaigh an pobal thar an Muir Rua mar a bheadh sí ina talamh tirim; ach nuair a dʼfhéach na hÉigiptigh leis an rud céanna a dhéanamh, bádh iad.
30
Is tríd an gcreideamh a thit ballaí Iericó anuas, tar éis gabháil mórthimpeall orthu i rith seacht lá.
31
Is tríd an gcreideamh nár scriosadh Rahab an striapach maraon le lucht an díchreidimh, ise a chuir fáilte chairdiúil roimh na spiairí.
32
Agus cad eile a déarfainn? Mar ní bheadh mo shá ama agam le bheith ag eachtraíocht ar Ghidéón, Bhárác, Shamson, Iefta, ar Dháibhí agus ar Shamuel agus ar na fáithe go léir—
33
agus ar a ndearnadar trí chreideamh, bhuaigh siad ríochtaí, chuir siad an ceart i bhfeidhm, ghabh siad le gealltanais, choisc siad le oin chraosacha,
34
mhúch siad tinte tréana, dʼéalaigh siad ó bhéal an chlaímh, dʼéirigh siad as laige go neart, rinneadh tréan láidir i gcogadh iad, chuir siad an ruaig ar shluaite eachtrannach.
35
Bhí mná ann a fuair a mairbh ar ais ar aiséirí. Bhí daoine eile á gcéasadh, gan glacadh le fuascailt, ionas go n-éireoidís ar an aiséirí chun beatha ab fhearr.
36
Bhí dream eile ann a dʼfhulaing magadh agus sciúrsáil, agus na slabhraí agus an príosún féin lena chois sin.
37
Bhítí ag imirt báis orthu le clocha a chaitheamh orthu, bhítí á ngearradh ina dhá leath le toireasc, bhítí á gcur chun báis leis an gclaíomh; bhídís ag siúl thart gan orthu ach craicne caorach agus craicne gabhar, go lorn, leatromach, léanmhar—
38
daoine ba rómhaith don saol seo—bhí siadsan ar seachrán fásaigh agus sléibhte nó brúite i bpoill agus i bprochóga faoi thalamh.
39
Ach ní bhfuair siad seo uile a raibh geallta dóibh, dá fheabhas an teist a tugadh ar a gcreideamh,
40
ó feiceann Dia go bhfuil rud éigin ab fhearr ná é i ndán aige dúinn, ionas nach dtiocfaidís chun feabhas gach foirfeachta gan sinne.
← Chapter 10
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 12 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8
9
10
11
12
13