bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
/
Hebrews 12
Hebrews 12
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
← Chapter 11
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 13 →
1
Ar an ábhar sin, ó tá an néal mór finnéithe sin thart timpeall ar gach taobh dínn, caithimis uainn a bhfuil ina ualach orainn, agus an peaca atá ina leannán orainn, agus cuirimis dínn go foighneach fadfhulangach an cúrsa atá curtha romhainn,
2
ag tabhairt aghaidhe ar Íosa, ceann-ródaí agus críochnaitheoir ár gcreidimh, a thug a shúil ar an lúcháir a bhí roimhe, go dtí gur fhulaing sé an chrois, agus gur thug sé dímheas ar an náire, agus atá anois ina shuí ar dheasláimh ríchathaoir Dé.
3
Samhlaigí daoibh féin an té sin a lig do na peacaigh cur ina éadan chomh mór sin, ionas nach n-éireodh sibh cloíte ná cladhartha in bhur n-aigne.
4
In bhur gcoimhlint leis an bpeaca nlor chuir sibh oiread ina éadan go fóill is gur dhoirt sibh aon bhraon de bhur gcuid fola.
5
Agus an bhfuil dearmad déanta agaibh de na briathra úd a bhíodh do bhur ngríosú mar a ghríosódh athair a mhic?— “A mhic, ná bí beag beann ar smacht an Tiarna, agus ná caill do mhisneach nuair a chuireann sé pionós ort.
6
Mar cuireann an Tiarna smacht ar an té is ansa leis, agus tugann sé gríosáil do gach mac leis, dá nglacann sé.”
7
Is de gheall ar smacht a fhoghlaim a chaithfeas foighne a bheith agaibh. Ní bhíonn Dia libh ach mar a bheadh sé lena mhac; mar cé an mac nach smachtaíonn a athair é?
8
Má fhágtar sibh gan an smacht sin a chur oraibh a chuirtear ar na mic uile, níl ionaibh ach páistí gréine, agus ní mic sibh.
9
Ansin bhí aithreacha den saol seo againn a chuireadh smacht orainn agus ar thugamar urraim dóibh. Nach móide go mór is cóir dúinn umhlú dʼAthair na spridí uile agus bheith beo?
10
Smachtaigh siadsan sinne ar feadh seala bhig mar ab fhearr leo féin é, ach bíonn seisean dár smachtú mar is fearr a oireas dúinn, ionas go mbeimid páirteach ina naofacht féin.
11
Is mó an phian ná an pléisiúr a bhíos sa smacht san am seo i láthair; ach amach anseo tabharfaidh sé torthaí síochánta na fíréantachta do lucht a fhoghlamtha.
12
Dá bhrí sin de, tógaigí na lámha ligthe gan lúth, agus cuirigí láidreacht sna lag-ghlúine,
13
agus siúladh bhur gcosa go cosán-díreach, ionas nach mbeidh leagan ná leonadh ar an mball bacach ach leigheas a chuirfeas lúth ann.
14
Bíodh tóir agaibh ar an tsíochántacht leis na daoine uile, agus ar an naofacht sin nach bhfeicfidh aon duine gnúis Dé ina éagmais.
15
Agus bígí ar bhur bhfaichill nach gcliseann ar aon duine grásta Dé a fháil; agus nach bhfásann aon fhréamh nimheneannta aníos a bheadh ag cothú íoróige, agus a mbeadh mórán á dtruailliú aici;
16
dʼeagla aon striapaire drabhlásach díchráifeach a bheith oraibh mar Ésau a dhíol a cheart sinsearachta ar aon bhéile bia amháin.
17
Mar tá a fhios agaibh gur diúltaíodh dó ina dhiaidh sin nuair a dʼiarr sé an bheannacht a fháil mar oidhreacht, agus nár tugadh aon fhaill dó breith ar a aithreachas, siúd is gur impigh sé sin le deora.
18
Mar níl sibh i ndiaidh teacht chun ní arbh fhéidir libh a mhothú le bhur méara, chun tine lasrach, agus dú-dhorchadas, agus duibheagán, agus doineann gaoithe móire,
19
agus fuaimniú stoic, agus glór ar thug a bhriathra ar na daoine a dʼéist leis bheith ag impí gan é a bheith ag cur cainte orthu a thuilleadh.
20
Mar níor fhéad siad a fhulaingt, an aithne úd a tugadh dóibh, “Má bhaineann fiú ainmhi leis an sliabh, caithfear bás a imirt air le clocha.”
21
Ar ndóigh, bhí sé chomh huafásach gan a bheith ach ag amharc air go ndúirt Maois, “Táim ar aon bharr creatha.”
22
Ní hé siúd, ach é seo: Tháinig sibh go Sliabh Shióin, go dti cathair an Dé bhithbheo, go dtí an Iarúsailéim neamhaí, mar a bhfuil na sluaite síoraí aingeal ag comóradh fleá,
23
agus mar a bhfuil tionól slua ar na céadghinte seo a bhfuil a n-ainmneacha scríofa ar neamh, agus tháinig sibh os comhair an Ollbhreithimh Dhiaga agus i láthair anam-acha na bhfíréan a tugadh chun foirfeachta,
24
agus i láthair Íosa, idirghabhálaí cúnaint úrnua, agus i láthair na fola a bhíos á croitheadh, ar fearr a mana ná an mana a bhí ag Abel.
25
Bígí ar bhur bhfaichill gan bheith doicheallach ná diúltach leis an té atá ag labhairt libh. Ní raibh aon imeacht as ag ar eitigh an té a thug rabhadh dóibh ó thalamh, agus is lúide an fhaill imeachta a bheas againne má dhiúltaímid don té a bhíos ag tabhairt rabhaidh dúinn ó neamh.
26
Bhí a ghlór ag baint creatha as an talamh an uair úd; ach tá geallta aige anois, “An t-aon uair amháin eile ní as an talamh amháin ach as na neamha a bhainfidh mé crith.”
27
Ciallaíonn na focail seo, “An t-aon uair amháin eile”, go gcuirfear ar ceal a gcroithfear, nach raibh ann nó go ndearnadh é, ionas go mbuanófar an méid nárbh fhéidir a chroitheadh.
28
Bímis buíoch beannachtach mar sin faoin ríocht dho-chorraithe sin a bronnadh orainn, agus tugaimis an t-adhradh sin do Dhia is fearr a thaitneos leis go cráifeach critheaglach;
29
ós tine chraos-slogthach é an Dia is againne.
← Chapter 11
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 13 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8
9
10
11
12
13