bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
/
Hebrews 13
Hebrews 13
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
← Chapter 12
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
1
Maireadh an bhráithriúlacht go buan.
2
Nárab é bhur ndearmad bheith forbhfáilteach roimh choimhthígh, ós dá bharr sin a bhí aingil mar aionna ag daoine áirithe gan fhios dóibh.
3
Cuimhnígí ar a mbíonn i bpríosún ionann is dá mbeadh sibh sa phríosún inagcuideachta; aguscuimh-nígí ar an dream a dtugtar drochíde dóibh, ós sa chorp daoibh féin.
4
Bíodh an pósadh á onórú ag gach uile dhuine, agus leaba na lánúine glan geanmnaí; mar tabharfaidh Dia breithiúnas ar dhrúiseoirí agus adhaltraigh.
5
Seach-naígí an tsaint, agus bígí sásta lena mbíonn agaibh; mar dúirt sé féin, “Ní fheallfaidh mé ort agus ní thréigfidh mé thú.”
6
Is féidir dúinn mar sin a rá go dána neamheaglach, “Is é an Tiarna mʼíhear cuidithe, ní bheidh aon eagla orm; cad é a fhéadann an duine a dhéanamh orm?”
7
Cuimhnígí ar bhur gceannairí, ar na daoine úd a Iabhair briathar Dé libh; agus breathnaígi ar an gceann cúrsa a bhíodh acu ina mbeatha, agus déanaigí aithris ar an gcreideamh a bhíodh acu.
8
Is ionann Íosa Críost inniu agus amárach agus go saol na saol.
9
Ar an ábhar sin ná bígí do bhur scuabadh ar shiúl ag teagaisc éagsúla aisteacha; ós fearr neart a chur sa chroí le grásta Dé, agus ní le bianna nach mbíodh tairbhe iontu don dream a chleachtadh iad.
10
Tá altóir againne nach bhfuil ceart ag lucht taithithe an phailliúin bheith ag ithe uaithi.
11
Mar bítear ag loscadh taobh amuigh den champa coirp na n-ainmhithe a dtugann an t-ardsagart a gcuid fola isteach sa sanctóir mar íobairt ar son na bpeacaí.
12
Dʼfhulaing Íosa ar an nós céanna taobh amuigh den gheata de gheall ar an bpobal a naomhú lena fhuil féin.
13
Imímis mar sin amach as an gcampa chuige, ag cur suas leis an drochíde a fhaighimid dá thairbhe.
14
Mar níl aon chathair bhithbhuan anseo againne a bhfuil súil againn leis an gcathair atá le teacht.
15
Bímis mar sin go buan ag ofráil íobairt mholta do Dhia trídsean, is é sin toradh na mbéal a admhaíos a ainmsean.
16
Nárab é bhur ndearmad an mhaith a dhéanamh agus bheith ag roinnt a mbíonn agaibh, ós iad siúd na híobairtí is fearr a thaitníos le Dia.
17
Bígí ag umhlú do bhur gceannairí agus géilligí dóibh; mar bíonn siad ó chodladh na hoíche ag faire ar bhur n-anamacha mar dhaoine a chaithfidh cuntas a thabhairt iontu. Go ndéana siad seo go lúcháireach, mar is daor a cheannóidh sibh é dá mbeadh brón orthu.
18
Bígí ag guí ar ár son, mar táimid cinnte go bhfuil dea-choinsias againn, agus mian againn gach uile rud a dhéanamh mar ba choir.
19
Cuirim sin mar achainí oraibh, óir dá mhéad a dhéanfas sibh é is amhlaidh is luaithe a bheidh mé ar ais agaibh arís.
20
Ós é Dia na síochána a thóg arís ó mhairbh trí fhuil an chúnaint shíoraí an mórmhaor sin na gcaorach, ár dTiarna Íosa Críost,
21
go raibh sé do bhur bhfeistiú le gach feabhas chun a thoil a dhéanamh, agus go n-oibrí sé ionaibh mar is fearr a thaitneos leis féin, trí Íosa Críost; go raibh glóir dó go saol na saol. Áiméan.
22
Iarraim mar achainí oraibh, a bhráithre, cur suas leis an mbriathar gríosaithe seo uaim, ó tá scríofa agam chugaibh i mbeagán focal.
23
Tuigigí gur scaoileadh ár mbráthair Timótéus, feicfidh mé sibh agus eisean Horn má thagann sé gan mhoill.
24
Beannaígí do bhur gceannairí agus do na naoimh uile. Cuireann an dream as an Iodáil a mbeann-acht chugaibh.
25
Go raibh grásta Dé agaibh uile go léir. Áiméan.
← Chapter 12
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8
9
10
11
12
13