bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
/
Hebrews 9
Hebrews 9
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
← Chapter 8
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 10 →
1
Ach ní raibh an chéad chúnant gan adhradh rialta agus sanctóir talmhaí a bheith aige.
2
Mar feistíodh pailliún, an pailliún ab fhaide amach, ina raibh an crann solais agus an bord agus arán na Toirbhirte; is é a ghairtear de sin an Áit Naofa.
3
Ar chúl an dara brat bhí pailliún ina sheasamh ar gaireadh Naomh na Naomh air,
4
ina raibh altóir órga na túise, agus Airc an Chúnaint a bhí cumhdaithe le hór ar gach taobh de, a raibh crúsca órga an mhanna, agus bachall Áróin úd na mbachlóg, agus dhá chlár an chúnaint;
5
agus os cionn na hÁirce bhí cearúibím na glóire a raibh cathaoir na trócaire faoina sciatháin. Ach ní féidir linn anois bheith ag cur síos go mion air seo uile.
6
Nuair a bhíonn siad seo uile faoi réir, bíonn na sagairt ag dul isteach go gnách sa chéad phailliún, leis na deas-ghnátha is dual dóibh a chomhlíonadh;
7
ach ní théann aon duine isteach sa dara pailliún ach an t-ardsagart amháin, aon uair amháin i gcaitheamh na bliana, agus ní gan fuil a bhíos á ofráil aige ar a shon féin agus ar son earráidí an phobail.
8
Léiríonn an Spiorad Naomh leis sin nach n-osclaítear an bealach chun an tsanctóra fad agus atá an pailliún sin is faide amach ina sheasamh
9
(a fhíoraíos an aois seo i láthair). Dá réir sin ofráiltear aiscí agus íobairtí nach bhféadann coinsias an adhraitheora a ghlanadh,
10
nach mbaineann ach le bia agus deoch agus ionluithe, rialacha a bhaineas leis an gcolainn nach bhfanann i bhfeidhm ach go dtí am an athchóirithe.
11
Ach nuair a tháinig Críost i láthair mar ardsagart na maitheasaí atá tar éis teacht, ba ansin a chuaigh sé tríd an bpailliún is mó agus is iomláine (pailliún nach bhfuil lámhdhéanta, is é sin le rá nach rud cruthaithe den saol seo é)
12
agus isteach san Áit is Naofa, gan fuil gabhar agus gamhna a ghlacadh leis ach a chuid fola dílse féin, agus is mar sin a bhain sé an slánú síoraí amach.
13
Má ghlan-choisrictear colainn daoine atá salaithe ach fuil gabhar agus tarbh agus luaith bhearaigh a chroitheadh orthu,
14
nach móide go mór a dhéanfas fuil dhílis Chríost, a thoirbhir é féin gan teimheal do Dhia tríd an Spiorad síoraí, bhur gcoinsias a íonghlanadh ó oibreacha marbha le seirbhís a dhéanamh don Dia bithbheo.
15
Dá bhrí sin de is idirghabhálai cúnaint úrnua é, ionas go bhfaighe an dream ar glaodh chuige iad seilbh ar an oidhreacht shíorai atá geallta, de bharr báis a tharla, á bhfuascailt ó na cionta inar sháraigh siad an chéad chúnant.
16
Mar i gcás uachta caithfear bás an té a rinne í a chruthú an chéad uair.
17
Ó nach mbíonn an uacht i bhfeidhm go dtí bás an té a rinne í ó nach mbíonn feidhm aici fad is a bhíonn sé beo.
18
Ar an ábhar sin níor daingníodh go fiú an chéad chúnant gan doirteadh fola.
19
Mar sin nuair a bhí gach aithne den dlí fógartha don phobal uile aige, ghlac Maois fuil gamhna agus gabhar, in éineacht le huisce agus olann chraorag agus íosóip, gur chroith í ar an leabhar féin agus ar an bpobal uile,
20
agus dúirt sé leo, “Is í seo fuil an chúnaint a dʼaithin Dia daoibh.”
21
Agus chroith sé ar an nós céanna í ar an bpailliún agus ar na soithí uile a mbaintí feidhm astu ag adhradh Dé.
22
Scéal cinnte é go mbítear ag glanadh beagnach gach aon ní le fuil agus nach bhfuil maithiúnas le fáil gan doirteadh fola de réir an dlí.
23
Bhí riachtanas mar sin leis na deasghnátha seo leis na macasamhla ar mhúnla na nithe neamhaí a íonghlanadh, ach bhí riachtanas le híobairtí ab fhearr ná iad le haghaidh na nithe neamhaí iad féin a bhí mar bhun leo.
24
Mar ní i sanctóir lámhdhéanta atá ina mhacasamhail ar an sanctóir fírinneach a chuaigh Críost, ach isteach sna flaithis féin, eisean atá á thaispeáint féin thar ár gceann os comhair ghnúis Dé.
25
Agus ní raibh air é féin a thoirbhirt arís agus aris, dála an ardsagairt ag dul isteach san Áit is Naofa le fuil nach dá chuid féin;
26
mar dá mbeadh sin amhlaidh bheadh air na mílte bás a fhulaingt ó bhunú an domhain go dtí anois. Ach mar atá an scéal, tá sé tar éis a nochtadh dúinn in earr na haoise den aon uair amháin leis an bpeaca a chur ar ceal leis an íobairt a rinne sé de féin.
27
Agus mar is dual don duine bás a fháil aon uair amháin, agus dul faoi bhreithiúnas i ndiaidh a bháis,
28
is amhlaidh a nochtfar Críost an dara huair, an Críost seo a toirbhríodh an t-aon uair amháin le peacaí an tslua a thógáil air féin, gan aire aige ar an bpeaca, ach ar shlánú siorai na ndaoine úd atá ag dréim agus ag dúil leis.
← Chapter 8
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 10 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8
9
10
11
12
13