bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
/
Hebrews 4
Hebrews 4
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
← Chapter 3
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 5 →
1
Mar sin, chomh fada agus a fhanann an gealltanas sin teacht chun a shuaimhnis in éifeacht, bíodh sé ina chúis eagla againn a bheith le meas gur theip ar aon duine agaibh a shroicheadh.
2
Mar tháinig an dea-scéal chugainne mar a tháinig sé chucusan; ach ní dheachaigh an scéal a chuala siad ar sochar dóibh, ar an tsiocair nach raibh creideamh i lucht a éiste le cur leis.
3
Mar téimidne a chreideas isteach sa suaimhneas úd, mar atá ráite aige, “Mar mhionnaigh mé i mʼfhíoch, ‘Ní rachaidh siad i seilbh mo shuaimhnis,’ ” cé go raibh a chuid oibre críochnaithe ó bhunú an domhain.
4
Mar tá áit ann inar labhair sé mar seo i dtaobh an tseachtú lá, “Agus bhí suaimhneas ag Dia ar an seachtú lá óna chuid oibre uile.”
5
Agus deir sé arís anseo, “Ní rachaidh siad i seilbh mo shuaimhnis.”
6
Ach ó nach bhfágann sin nach bhfuil dream éigin ann a rachas isteach, agus ós trí easumhlaíocht nach ndeachaigh an chéad dream a chuala an dea-scéal,
7
ainmníonn sé lá áirithe, “Inniu,” ag rá trí bhéal Dháibhí chomh fada sin ina dhiaidh sin sna briathra a luadh cheana, “Inniu nuair a chluineas sibh a ghlór, ná cruaigí bhur gcroíthe.”
8
Mar má bhí an suaimhneas tugtha ag Iósua dóibh, ní ainmneodh Dia lá eile ina dhiaidh sin.
9
Bíonn mar sin suaimhneas sabóideach ag fanacht le pobal Dé;
10
ó bíonn cibé duine a rachas isteach i suaimhneas Dé ag stad óna chuid oibre ar an nós céanna agus stad Dia óna chuid oibresean.
11
Tugaimis dá bhrí sin tréaniarraidh le fáil isteach chun an tsuaimhnis sin, ar eagla aon duine againn a thitim go lár trí aon easumhlaíocht den sórt.
12
Ós beo bíogúil é briathar Dé, agus is géire é ná claíomh défhaobhrach, agus é ag tolladh go dtí idir an t-anam agus an sprid, idir an t-alt agus an smior, agus ag scagadh idir smaointe agus ruin fholaithe an chroí.
13
Agus ní cheiltear uaidh aon dúil bheo, ach bíonn gach ní maoltamocht glan soiléir don té sin a bhfuilimid ag caint leis.
14
Mar sin, ó tá sé sin againn, an t-ardsagart mór sin a chuaigh trí airdí neimhe uile, Íosa, Mac Dé, bíodh greim daingean againn ar an gcreideamh a mbímid á mhaíomh.
15
Mar níl sin againn, ardsagart nach bhféadann comhbhrón a bheith aige lenár laigí, ach duine ar cuireadh cathú air ar an nós céanna linne, ach amháin nach bhfuil peaca déanta aige.
16
Druidimis mar sin go neamheaglach le ríchathaoir na ngrást, chun go mbeidh trócaire orainn agus grásta le fáil againn san am sin a mbíonn riachtanas againn leo.
← Chapter 3
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 5 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8
9
10
11
12
13