bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
/
2 Samuel 11
2 Samuel 11
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
← Chapter 10
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 12 →
1
Agus tárla, tar eis na blíadhna do chaitheadh, fa nam a ttéid ríghthe amach chum catha, gur chuir Dáibhi Ióab, agus a sherbhísigh leis, agus Israel uile amach; agus do scriosadar clann Ammon, agus do shuigheadar timchioll Rabbah. Ach dfán Dáibhi ann Ierusalem.
2
¶ Agus tárla a naimsir an trathnoná, gur éirigh Dáibhi as a leabuidh, agus go raibh ag spaisdeórachd an úachdar thighe an rígh: agus ó mhullach an tighe do chonairc sé bean dhá nighe féin; agus do bhí an bhean roscíamhach re féachuinn uirre.
3
Agus do chuir Dáibhi fios, agus dfíasruigh a ndiáigh na mná. Agus a dubhairt neach áirigh, Nach í so Batséba, inghean Elam, bean Uriah an Hititeach?
4
Agus do chuir Dáibhi teachda uadh, agus tugadh chuige í; agus thaínic sí a steach chuige, agus do luidh sé lé; (oir do bhí sí ar na glanadh ó na neamhghlaine: agus dfill sí dhá tigh féin.
5
¶ Agus do toirrcheadh an bhean, agus do chuir sí scéala uáithe agus dinnis do Dháibhi, agus a dubhairt, Atáim torrach.
6
Agus do chuir Dáibhi scéala uadh go Ióab, ghá radh, Cuir chugam Uriah an Hititeach. Agus do chuir Ióab Uriah go Dáibhi.
7
Agus a núair tháinic Uriah chuige, dfíafruigh Dáibhi dhe cionnus do bhí Ióab, agus cionnus do bhí an pobal, agus cionnus do chuáidh an cogadh ar aghaidh?
8
Agus a dubhairt Dáibhi ré Huriah, Imthigh síos dot thigh, agus ionnuil do chosa. Agus dimthigh Uriah as tigh an rígh, agus do cuireadh comhroinn bhídh na dhiáigh ón rígh.
9
Ach do choduil Uriah ag dorus thighe an rígh maráon re serbhíseachaibh a thighearna uile, agus ní dheachaídh sé síos dha thigh.
10
Agus a nuáir dinnsiodar do Dháibhi, dha rádh, Ní dheachaidh Uriah síos dhá thigh, a dubhairt Dáibhi re Huriah, Nach dtáinic tú ód aistior? uime sin créd fa nach deachaidh tú síos dot thigh?
11
Agus a dubhairt Uriah re Dáibhi, Atá a náirc, agus Israel, agus Iúdah, a bpáilliúnuibh; agus atá mo thighearna Ióab, agus serbhísigh mo thighearna, a ccampa ann sna machairibh réidhe; an racha misi maseadh dom thighféin, dithe agus dol, agus do luighe lem mhnáoi? mar mhairios tusa, agus mar is beó hanum, ní dhéana misi an ní sin.
12
Agus a dubhairt Dáibhi re Huriah, Fan annso a niugh mar an gcéadna, agus leígfidh mé dhuit imtheachd a márach. Mar sin dfan Uriah an Ierusalem an lá sin, agus ar na mhárach.
13
Agus a nuáir do ghoír Dáibhi air, duáigh sé agus dibh sé iona fhíadhnuise; agus do chuir sé ar meisge é: agus tráthnóna do chuáidh amach do luigh air a leabuidh a bhfochair sherbhiseach a thighearna, agus ní dheachaidh síos dá thigh féin.
14
Agus tárla ar máidin, gur scríobh Dáibhi litir chum Ioab, agus do chuir le láimh Uriah í.
15
Agus do scríobh sé annsa litir gha rádh, Cuir Uriah a naghaidh an chatha as láidre, agus fillidh feín uadh, chor go mbuáilfighear, agus go muirfighear é.
16
Agus tárla, a nuáir do mheas Ioab an chathair, gur dhírigh sé Uriah chum na háite ar bhaithnidh dó daóine gaisgeamhla bheith.
17
Agus do chúadar muinntir na caithreach amach, agus do throideadar re Ioab, agus do marbhadh cuid do mhuinntir Dháibhi; agus do thuit Uriah an Hitíteach mar an gcéadna.
18
¶ An sin do chuir Ióab scéula uádh, agus dinnis do Dháibhi a ttáobh gach neithe don chogadh;
19
Agus do aithin sé don teachdaire, dha rádh, A nuáir chríochnochus tú innisin scéul an chogaidh don rígh,
20
Agus dá tteagmhadh go néireochadh fearg an rígh, agus go naibéoradh sé riot, Cred fa ndeachabhair comhfhogus sin don chathruigh a nuáir do throideabhair? nach raibh a fhios aguibh go gcaithfidís ón bhallá?
21
Cía bhuáil Abimelech mhac Ierubbeschet? né nach ar chaith bean cuid do chloich mhuilinn air ó nbhalla, iondus go bhfuair sé bás ann Tebes? cred fá ndeachabhairsi a ngoire an bhalla? ann sin abairsi, Déug do shearbhfhoghantuigh Uriah an Hitíteach mar an gcéadna.
22
¶ Mar sin dimthigh an teachdaire, agus dinnis do Dháibhi gách éinní ler chuir Ioab é.
23
Agus a dubhairt an teachdaire re Dáibhi, Go deimhin rugadar na daóine buáidh oruinn, agus thangadar amach oruinn san machaire, agus do bhámairne orrasan go nuige an geata.
24
Agus do chaitheadar an luchd lámhuigh do sherbhísigh ó nbhalla; agus do marbhadh cuid do mhuinntir an rígh, agus déug hóglach Uríah an Hititeach mar an gcéadna.
25
Ann sin a dubhairt Dáibhi ris an tteachdaire, Mar so déara tú ré Ióab, Ná cuiréadh an ní si ort, óir marbhuidh an cloidheamh duine mar dhuine oile: déana do chath nios láidre a naghaidh na caithreach, agus mill í: agus cuirse meisneach ann.
26
¶ Agus mar do chúaluidh bean Uriah gur éug Uriah a fear, do cháoin sí ar son a fir.
27
Agus a nuair do scuir aimsir a cumha, do chuir Dáibhi fios uirre chum a thighe, agus do bhí na mnaói aige, agus rug sí mac dhó. Ach do mhíothaitín an ní do rinne Dáibhi ris an TTIGHEARNA.
← Chapter 10
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 12 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8
9
10
11
12
13
14
15
16
17
18
19
20
21
22
23
24