bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
/
2 Samuel 22
2 Samuel 22
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
← Chapter 21
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 23 →
1
Agus do labhair Dáibhi ris an TTIGHEARNA briathra an dánasa annsa ló ar sháor Día é as lámhuibh a námhad uile, agus as lámhuibh Shaúil:
2
Agus a dubhairt, sé, An TIGHEARNA mo chárruic, agus mo dhaingion, agus mo sháorthóir;
3
Día mo chairge; is ann bhías mo dhóigh: sé mo scíath é, agus adharc mo shlánuighthe, mo thor árd, agus mo dhidean, mo shlánuightheóir; do chumhduigh tú me ó fhoiréigion.
4
Goirfidh mé ar an TTIGHEARNA, noch is fíu a mholadh: marsin sáorfuighear ar mo námhaid mé.
5
A nuair thangadar tonna an bháis am thimchioll, tuilte na ndaoine neimhdhíadha do chuireadar eagla orum;
6
Thángadar doilghiosa ifrinn am thimchioll; do cuireadh líonta an bháis romham;
7
Ann méigion do ghoir mé ár an TTIGHEARNA, agus do éigh mé ar mó Dhía: agus do chúalaidh sé mo ghuth as a theampall, agus do chúadar mo chomhairce a steach na chlúasaibh.
8
Ann sin do chorruigh agus do chriothnuigh an talumh; do chorruigheadar agus do chriothnuigheadar bunáite neimhe, do bhrígh go raibh fearg airsion.
9
Do chuáidh deatach súas as a pholláiribh, agus do loisc teine as a bhéul: do deargadh sméarthoide ris
10
Do chláon sé fós na neamha, agus tháiníc se a núas; agus do bhí dorchadus fá na chosuibh.
11
Agus do bhí ag marcuigheachd ar cherubin, agus do eitiol sé: agus do chonncus é ar sciathánuibh na gaóithe.
12
Agus do rinne sé dorchadus na bpáuillíuin fa gcuáirt na timchioll, uisceadha dorcha, agus neóill thiugha an naiéir.
13
Tres an lounradh do bhí roimhesion do deargadh sméarthóide teineadh.
14
Do thóirnigh an TIGHEARNA ó neamh, agus dfoillsigh an té is áirde a ghuth.
15
Agus do chuir sé saighde amach, agus do scaóil ó chéile íad; teinteach, agus do chláoidh sé íad.
16
Agus do chonncus grinnioll na fairge, do léigeadh leis bunáitigh an tsáoghail, le hiomaithfear an TIGHEARNA, le séideadh anála a pholláireadh.
17
Do chuir sé ó náird a núas, agus do ghlac sé mé; do tharruing sé amach as iomad uisgeadh mé.
18
Do sháor sé mé ar mo námhuid láidir, agus ón droing do fhúathaigh mé: óir do bhádar ro neartmhar agam.
19
Thangadar orum go hobann a ló mo anacra: achd do be an TIGHEARNA mo chothughadh.
20
Thug sé fós amach mé go háit fhairsing: do sháor sé mé, do bhrígh go raibh dúil aige ionnam.
21
Do lúachuigh an TIGHEARNA mé do réir mfíreantachda: do réir ghloine mo lámh do chúitigh sé riom.
22
Oír do choimhéid mé slightheacha an TIGHEARNA, agus níor dhealuigh mé go coirtheach re mo Dhía.
23
Oír do bhádar a bhreitheamhnuís uile as mo choínne: agus a statúidigh, níor dhealuigh mé ríu.
24
Do bhí mé mar an ccéadna fíréanta dha lathair, agus do chonnuighios mé féin óm éagceart.
25
Ar a nadhbharsin do chúitigh an TIGHEARNA riom do réir mfíréantachda; do réir mo ghloine a radharc a shúl.
26
Ris an dtrócaireach taisbeanfa tú thú féin trócaireach, agus ris an nduine dhíreach taisbeanfa tu thú féin díreach.
27
Ris an nglan taisbeanfa tú thú féin glan; agus ris an gceannairceach taisbeanfa tú thú fein domblasda.
28
Agus tárthochuidh tu na daóine buáidheartha: achd atáid do shúile ar na daóinibh árda, chor go ccuirfidh tú síos íad.
29
Oír is tusa mo choinniollsa, a THIGHEARNA: agus soillseochuidh an TIGHEARNA mo dhorchadus.
30
Oír thriódsa do rioth mé tré chuideachda: tré mo Dhía féin do ling mé tar bhalla.
31
Atá slighe Dé iomlán; do dearbhadh bríathar an TIGHEARNA: atá sé na scéith ag gach áon dá gcuirionn a dhóigh ann.
32
Oír cía is Día ann, achd an TIGHEARNA? agus cía as carruic ach ar Ndianne?
33
Sé Día mo neart agus mo chumhachda: agus do ní sé mo shlighe iomlán.
34
Do ní sé mo chosa amhuil cosa eilite, agus suighidh sé mé ar máitibh árda.
35
Múinidh sé dom lámhuibh cogadh; iondus go mbristear bogha crúadhach lem lámhuibh.
36
Thug tú dhamh mar an gcéadna sciath do shlánuighthe: agus do rinne do cheannsachd mór mé.
37
Do fhairsingidh tú mo choiscéime fúm; ionnus nar shleamhnuigheadar mo chosa.
38
Do lean mé mo naimhde, agus do mharbh mé íad; agus níor fhill mé a rís nó gur dhíth‐laithrigh mé íad.
39
Agus do scrios mé íad, agus do loit mé íad, iondus nar bhféidir leó éirghe; achd gur thuiteadar fam chosuibh.
40
Oír do ghléas tusa mé lé neart chum catha: an drong déirigh súas am aghaidh do chláoidh tusa fúm íad.
41
Thug tú dhamh mar an gcéadna muinéil mo námhad, ionnus go muirfinn an luchd fhuáthuighios mé.
42
Do fhéuchadar, ach ní raibh áon do thárthochadh; chum an TIGHEARNA, ach níor fhreagair sé íad.
43
Ann sin do bhúail misi íad mar lúaithreadh na talmhan, do bhrúigh mé íad mar laithigh na sráide, agus do spreidh mé ó chéile íad.
44
Do sháor tusa mé mar an gcéadna ó cheannairgibh mo dhaoine, do chumhduigh tú mé do bheith am cheann air na geintibh: daoine nar fheadair mé, do dhéanuid serbhís damh.
45
Uimhleochuid coimhithigh dhamh: ar a mball a gcluinfid, béid umhal damb.
46
Críonfuid na coimhithigh, agus biáidh eagla orra amach as a náitibh daingne.
47
Mairigh an TIGHEARNA; agus go madh beannuigh mo charruigse; agus go nárduighthear Día chairge mo shlánuighthe.
48
Sé Día do ní dioghaltas ar mo shonsa, agus do bheir síos na dáoine fúm,
49
Agus do bheir amach óm naimhde mé: do thóg tusa fós mé oscionn an drong deirigh súas am aghaidh: do cháomhuin tú mé ó nfear díbhfheirgeach.
50
Ar a nadhbharsin do bhéara mé buidheachus duitsi, a THIGHEARNA, a measc na ngeinteadh, agus canfa mé molta dod ainm.
51
As tor slánuighthe eision dá rígh: agus foillsigh sé trócaire dá ungthach, do Dháibhí agus dá shíol go bráth.
← Chapter 21
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 23 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8
9
10
11
12
13
14
15
16
17
18
19
20
21
22
23
24