bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
/
2 Samuel 19
2 Samuel 19
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
← Chapter 18
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 20 →
1
Agus do hinnseadh do Ióab, Féuch, atá an rígh ag gul agus ag caoineadh fa Absolon.
2
Agus do hiompoigheadh an bhuáidh an lásin a gcumhaidh don phobal uile: óir do chúaladar an pobal do rádh an lá sin, cionnus do bhí an rígh dóilghíosach fa na mhac.
3
Agus go éalóigheadar na daóine an lá sin don chathruigh, mar do níd daoine ar a mbí náire agus éalóighios a núair do theithfidís a ccath.
4
Acht dfoluígh an rígh a aghaidh, agus do chomhairc an rígh lé guth árd, O a mhic Absolon, ó Absolon, a mhic, a mhic!
5
Agus tháinic Ióab don tigh chum an rígh, agus a dubhairt sé, Thug tú náire a niugh daighthibh na serbhíseach uile, noch do chumhdaigh hanum a niugh, agus anmanna do mhac agus hinghean, agus anmanna do bhan, agus anmanna do leannán;
6
Do chionn gur bionmhuin leachd do námhuid, agus gur fúath leachd do charuid. Oir do fhoillsigh tú a niugh nach bhfuil suim agad ar phrionnsadhuíbh nó ar sherbhíseachaibh: aithnighim a niugh, dá mbeith Absolon béo, agus sinne uile marbh a niugh, go mbiadh sin go maith ann do radharcsa.
7
Anois ar a nadhbharsin éirigh, agus imthigh amach, agus labhair red mhuínntir go sólasach: óir do bheírimsi an TIGHEARNA mar mhionnaibh, muna ndeachuidh tú amach, nách bhfanfuidh duine agad a nochd: agus budh measa dhuit sin na ar éirigh dulc dhuit ód óige gus a nois.
8
Annsin déirigh an rígh agus do shuigh annsa gheata. Agus dinnsiodar don phobal, dha rádh, Féuch, atá an rígh na shuidhe san gheata. Agus tháinic an pobal uile a bhfiadhnuise an rígh: óir do theith Israel uile gach áon da lóistín féin.
9
¶ Agus do bhí an pobal uile a nimreasain ar feadh threabh Israel uile, dhá rádh, Do chumhduigh an rígh sinn ó lámhuibh ar námhad, agus do sháor sinn ó lámhuibh na Bhphilístineach; agus a nois do theith sé as a ttír roimhe Absolon.
10
Agus Absolon, noch dungamar ós ar ccionn, do marbhadh a ccath é. Anois uime sin cred fa nach labharthaoi focal do thabhairt an rígh ar ais?
11
¶ Agus do chuir Dáibhi rígh fios go Sadoc agus go Abiatar na sagairt, dha rádh, Labhruidh ré seanuibh Iúdah, dha radh, Creád fa bhfuiltíse air deireadh do bhreith an rígh air ais da thigh? ó tháinic comhrádh Israel uile go nuíge an rígh dha thigh.
12
As sibhse mo dhearbhráithre, as síbh mo chnamha agus mfeóil: air a nadhbharsin cred uime gur sibh as deigheanuigh do thabhairt an rígh ar ais?
13
Agus abruidh ré Amasa, nach dom chnáimh, agus dom fheóilse thusa? Go ndéarna Día sin, agus fós níos mó rinmsa, muna raibh tusa ad chaiptín an tslóigh agamsa choidhche a náit Ióab.
14
Agus dó chlácn sé croidhthe mhuinntire Iúdah uíle, mar chroidhe éainfhir; iondus gur chuireadar an focalsa chum an rígh, Fill féin, agus do mhuinntir uile.
15
Marsin dfill an rígh, agus tháinic go Iordan. Agus tháinic Iudah go Gilgal, dimtheachd a ccoinne an rígh, da thabhairt tar Iordan.
16
¶ Agus do luáthaidh Simei mhac, Gera air, Beniamiteach, noch do bhí do Bhahurim, agus tháinic a núas le muinntir Iúdah a ccoinne Dháibhi rígh.
17
Agus do bhí míle fear do Bheníamin na fhochair, agus Síba óglach tighé Shauil, agus a chúig mic déug agus fithche serbhíseach na fhochair; agus do chúadar tar Iordan roimhe an rígh.
18
Agus do chúaidh bád do thabhairt mhuinntire an rígh thairis, agus do dhéanamh mar budh toil leis. Agus do thuit Símei mhac Géra siós a bhfíadhnuise an rígh, ag teachd a nall dó thar Iordan.
19
Agus a dubhairt ris an rígh, Ná cuireadh mo thighearna éigceart am leithsi, agus ná cuimhnigh an ní do rínne do sherbhiseach go hainndligheach an lá do chuáidh mo thighearna an rígh as Ierusalem, as a ngéubhadh an rígh chuige ann a chroidhe é.
20
Oír atá a fhios ag do sherbhiseach gur pheacaidh mé: uime sin, féuch, gur mé an céad duine thig a núas do thigh Ióseph do theagmháil ris an rígh mo thighearna.
21
Acht do fhreagair Abisai mac Seruiah agus a dubhairt, Nach ccuirfighear Símei chum baís thríd so, do chionn gur mhalluigh sé ungthach an TIGHEARNA?
22
Agus a dubhairt Dáibhi, Créd ta agamsa re deanamh ribhse, a chlann Sheruiah, go mbiadh sibh a niugh ag cur am aghaidh? an gcuirfighear éanduine chum báis a niugh a Nisrael? óir nach bhfuil a fhios agumsa go bhfuilim féin a niugh am rígh ós cionn Israel?
23
Ar a nadhbharsin a dúbhairt an rígh re Simei, Ní muirfighear thú. Agus thug an rígh a mhíonna dhó.
24
¶ Agus tháinic Mephibóset mac Sauil a núas a ccoinne an rígh, agus níor dheasuigh a chosa, agus níor bhfearr a fheasóg, agus níor nigh a éadach, ón ló far imthigh an rígh gus an lá fá ttáinic a síothcháin.
25
Agus tárla, a núair tháinic sé go Hierusalem a ccóinne an rígh, go ndubhairt an rígh ris, Cred fa nach deachaidh tusa liomsa, a Mhephibóset?
26
Agus do fhreagair seision, A thighearna, a rígh, do mheall mo sherbhiseach mé: óir a dubhairt do sherbhíseach, Cuirfead díalláoid ar assal damh, go ndeachad ar a mhuin, agus rachaidh mé gus an rígh; do chionn go bhfuil do sherbhíseach bacach.
27
Agus do scannluidh sé do sherbhíseach rem thighearna an rígh; achd atá mo thighearna an rígh amhuil aingeal o Dhía: déana ar a nadhbharsin an ní is féarr do chítear dhuit.
28
Oir ní raibh do thigh matharsa uile achd daóine marbha a bhfiadhnuise mo thighearna an rígh: gidheadh do chuir tusa do sherbhiseach a measc na ndaóine do shuidheadh ar do bhórd féin. Créd an ceart atá agam thairis sin gairm níos mó ar an rígh?
29
Agus a dubhairt an rígh ris, Créd fá labhránn tú níos mó ar do chúisibh? A dubhairt misi, Roinn féin agus Síba an fearann
30
Agus a dubhairt Mephibóset ris an rígh, Glacadh sé íomurro an tiomlán, ó tháinic mo thighearna an rígh a rís a síothcháin da thigh féin.
31
¶ Agus tháinic Barsillaí an Gileadíteach núas ó Rogelim, agus do chuáidh tar Iordan leis an rígh, dá shéoladh tar Iordan.
32
Anois do bhí Barsillai ná dhuine ro áosta, ceithre fithchid blíadhan daóis: agus a sé do ghléus lónn don rígh an fad do bhí a Mahanaim; óir ba ro mhór an duine é.
33
Agus a dubháirt an rígh ré Barsillai, Tárr sa liomsa a nonn, agus beathochuidh misi thú am fhochair féin ann Iérusalem.
34
Agus a dubhairt Barsillai ris an rígh, Cá fad atá agumsa ré marthuinn, as a rachuinn súas leis an rígh go Hierusalem?
35
Atáim a niugh ceíthre fithchid blíadhan dáois: agus a naithnighim eidir olc agus mhaith? an bhféudann do sherbhíseach a bhlasadh cred itheas nó cred ibhios? an bhféuduim feasda guth fheár no ban cantaireachd do chlos? uime sin cred fa mbeith do sherbhíseach na eire ar mo thighearna an rígh?
36
Rachaidh do sherbhíseach tamall beag anonn tar Iordan leis an rígh: agus cred fá ccúiteochadh an rígh sin rióm le na leitheid sin do luáidheachd?
37
Fílleadh do sherbhíseach, guídhim thú, go bhtuighe mé bás am chathair féin, agus go nadhlaicthear mé a nuaidh mathar agus mo mhathar. Achd féuch do sherbhíseach Chimam; eirgheadh sé anonn lé mo thighearna an rígh; agus déana ris mar do chithear dhuit féin.
38
Agus do fhreagair an rígh, Rachaidh Chimam liom anonn, agus do dhéana mé ris an ní is maith leachdsa: agus gidh bé ní íarrfus tú orum, do dhéana mé sin ar do shon.
39
Agus do chúadar an pobal uile anonn tar Iordan. Agus a nuáir tháinic an rígh a nail, do phóg an rígh Barsillai, agus do bheannuigh é; agus dfill sé dhá áit féin.
40
Ann sin do chuáidh an rígh roimhe go Gilgal, agus do chuáidh Chimam leis: agus do shéoladar muinntir Iudah uile an rígh, agus fós leath phobail Israel.
41
¶ Agus, féuch, thangadar muinntir Israel uile gus an rígh, agus a dubhradar rís an rígh, Créd fár ghadadar ar ndearbhraithre fir Iúdah thusa léo, agus fa ttugadar an righ, agus a theaghlach, agus muinntir Dháibhi uile léo, tar Iordan?
42
Agus do fhreagradar fir Iúdah uile fir Israel, Do chionn go bhfuil an rígh a ngáol fogus dúmn: cred uimesin fa mbiath fearg oruibhsi fa nadhbharsin? a ndúamar air éanchor do chostús an rígh? nó an ttug sé tiodhlachadh ar bith dhúinn?
43
Agus do fhréagradar tir Israel fir Iúdah, agus a dubhradar, Atá deich ccuid aguinne ann sa righ, agus atá níos mó do cheart fós aguinn a Ndáibhi ná atá aguibhsi: uimesin cred far tharcuisnigheabhair sinn, nach iarrfuigh ar ccomhairle ar ttús do thabhairt an rígh ar ais? Agus bá fíochmhuire bríathra fhear Iúdah ná bríathra fhear Israel.
← Chapter 18
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 20 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8
9
10
11
12
13
14
15
16
17
18
19
20
21
22
23
24