bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
/
2 Samuel 12
2 Samuel 12
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
← Chapter 11
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 13 →
1
Agus do chuir an TIGHEARNA Nátan chum Dáibhi. Agus tháinic sé chuige, agus a dúbhairt ris, Do bhádar dias fear a néanchathruigh; fear aca saidhbhir, agus an fear oile bochd.
2
Do bhí móran tréud agus ealbhann ag an duine shaidhbhir:
3
Acht ag an duine bhochd ní raibh ach amháin, éanúan beag bainionn, noch do cheannuigh se agus do bheathuigh sé: agus dfás sé súas maráon ris féin, agus re na chloinn; do itheadh sé dhá bhiadh, agus do ibhiodh sé as a chupán fein, agus do luigheadh sé iona bhrollach, agus do bhí aige mar inghin.
4
Agus tháinic fear sligheadh chum an duine shaidhbhir, agus do choigil sé buáin re na thréud féin, no re na ealbha féin, do dheasúghadh neithe don noidhe noch tháinic chuige; achd do ghábh sé úan an duine bhoichd, agus do dheasuigh é don duine tháinic chuige.
5
Agus do las fearg Dháibhi go mór a naghaidh an duine; agus a dubhairt re Nátan, Mar mhairios an TIGHEARNA, an té do rinne sin geabhuigh sé bas go deibhin:
6
Agus cáithfidh sé ceithre huáin do thabhairt san nuan, do chionn go ndéarna sé an ní so, agus do bhrígh nach raibh trócaire ann.
7
¶ Agus a dubhairt Nátan re Dáibhi, Is tusa an duine. Is mar so a deir an TIGHEARNA Día Israel, Do unguidh misi thú ad rígh ós cionn Israel, agus do sháor mé thú as láimh Shauil;
8
Agus thug mé tigh do mhaighistir dhuit, agus mná do mhaighistir ann huchd, agus thug mé tigh Israel agus Iúdah dhuit; agus dá mbudh bheag leachd sin, do bhéaruinn duit ós a chionn sin a leitheid agus a leithéid oile so do neithibh.
9
Créd fár tharcuisnigh tú aithne an TIGHEARNA, do dhéanamh uile dá lathaír? do mharbh tú Uriah an Hititeach leis an ccloidheamh, agus thug tú a bhean da beith na mnáoi agad féin, agus do mharbh tú é le cloidheamh chloinne Ammon.
10
Anois ar a nadhbharsin ní dheíleochuidh an cloidheamh re do thigh choidhche; do chionn mar do tharcuisnigh tú misi, agus go ttug tú bean Uriah an Hititigh dá beith na mnáoi dhuit féin.
11
Is marso a deir an TIGHEARNA, Féach, tóigfe misi olc súas ad aghaidh amach as do thigh féin, agus beanfa mé do mhná dhíot as coinne do shúl, agus do bhéara mé dot chomharsuinn íad, agus luidhfidh sé led mhnáibh a radharc na gréinesi.
12
Oír do rinne tusa a bhfolach é: achd do dhéana misi an nísi as coinne Israel uile, agus as coinne na gréine.
13
Agus a dubhairt Dáibhi re Nátan, Do pheacaidh mé a naghaidh an TIGHEARNA. Agus a dubhairt Nátan ré Dáibhi, Do chuir an TIGHEARNA mar an gcéadna do pheacadhsa ar gcúl; ní bhfuighe tú bás.
14
Gidheadh, do chionn go ttug tú leis an ngníomhso cúis mhór dá námhuid an TIGHEARNA do scanniughadh, an leanamh fós do rugadh dhuit, do gheabha sé bás go deimhin.
15
¶ Agus dimthigh Nátan dá thigh. Agus do bhúail an TIGHEARNA an leanamh, noch rug bean Uriah do Dháibhi, agus do bhí sé ro thinn.
16
Uime sin do ghuidh Dáibhi Día fá an leanamh; agus do throisg Dáibhi, agus do chuáidh a steach, agus do luidh feadh na hoidhche ar an talamh.
17
Agus déirgheadar sinnsir a thighe, agus do chúadar mar a raibh sé, da thógbháil suás don talamh: ach níor bháill leis, agus ní dúaigh sé arán leó.
18
Agus tárla an seachdmhadh la, go bhfuáir an leanamh bás. Agus do bhí eagla ar mhuinntir Dáibhi a innisin dó go bhfuáir an léanamh bás: óir a dubhradar, Féuch, an fad do bhí an leanamh fós beó, do labhramar ris, agus níor éist sé ar nguth: ga mhéid marsin chráídhfeas sé é féin, ma innseamuid dó go bhfuair an leanamh bás?
19
Achd a núair do chonnairc Dáibhi a sheirbhísigh ag cogarnuigh, do aithin Dáibhi go bhfuáir an leánamh bás: uime sin a dubhairt Dáibhi re na sheirbhíseachuibh, An bhfúair an lenamh bás? Agus a dubhradarsan, Fuair sé bás.
20
Ann sin déirigh Dáibhi don talumh, agus dionnuil sé, agus do chuir ola air féin, agus do áthruigh a éadach, agus tháinic go tigh an TIGHEARNA, agus do adhuir: ann sin tháinic sé dhá thigh féin; agus a nuáir do íarr, do chuireadar arán ann a fhiadhnuise, agus dúaigh sé e.
21
Ann sin a dubhradar a sherbhísigh ris, Cred an ní so do rinne tú? do throisg tú agus do ghuil tú ar son an leinibh, an feadh do bhí sé beó; achd a nuáir deug an leanamh, déirigh tú agus duáigh tú arán.
22
Agus a dubhairt seisien, An feadh do bhí an leanamh fós beó, do throisg mé agus do ghuil mé: óir a dubhairt mé, Cía agá bhfuil a fhios nach bíath Día grásamhuil riom, go madh toil leis an leanamh da mharthuinn?
23
Achd a nois ó fuáir sé bás, créd fa ttroisgfinn? an bhféaduim a thabhairt ar ais a rís? rachaidh misi go nuige eision, achd ní fhillfe seision chugamsa.
24
¶ Agus do bhí Dáibhi ag déanamh sóláis dá mhnáoi Bat‐seba, agus do chuáidh sé a steach mar a raibh si, agus do luidh lé: agus rug sí mac dhó, agus tug sé Solamh dainm air: agus dob ionmhuin leis an TIGHEARNA é.
25
Agus do chuir sé le láimh Nátan an fáidh; agus do ghoír sé Iedidiah dainm dhe ar son an TIGHEARNA.
26
¶ Agus do throid Ióab a naghaidh Rabbah cathair chloinne Ammon, agus do ghabh se an chathair ríogha.
27
Agus do chuir Ióab teachda chum Dáibhi, agus a dubhairt, Do throid mé a naghaidh Rabbah, agus do ghabh mé cathair na nuisgeadh.
28
Anois ar a nadhbharsin cruinnigh an chuid oile don phobal a gcionn a chéile, agus suigh ré haghaidh na cáithreach, agus bean amach í: deagla go mbeanfuinsi amach an chathair, agus go ngoirfidhe asam í.
29
Agus do chruinnigh Dáibhi an pobal uile a gcionn a chéile, agus do chuáidh sé go Rabbah, agus do throid na haghaidh, agus do ghabh sé í.
30
Agus do bhean sé coróin a rígh dhá cheann, (bá hé a comhthrom tallann óir maille ris na clochaibh búadha): agus do cuireadh ar cheann Dháibhi í. Agus thug sé leis amach éadáil na caithreach a níomarcuigh mhóir.
31
Agus thug sé amach na daóíne do bhí san ccathruigh sin, agus do chuir sé íad fá thuiriosguibh, agus fa bhracadhuibh íaruinn, agus fa thúaghuibh íaruinn, agus thug orra dul a sórn áithche na mbríceadh: agus mar so do rinne sé ré caithreachaíbh chloinne Ammon uile. Mar sin dfill Dáibhi agus an pobal uile go Hierusalem.
← Chapter 11
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 13 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8
9
10
11
12
13
14
15
16
17
18
19
20
21
22
23
24